Ceann de na tairbhí a bhaineann le corprú is ea go dtagann an chuideachta chun bheith aitheanta mar dhuine leithleach faoin dlí ó na scairshealbhóirí (na comhaltaí), ó na stiúrthóirí agus ó oifigigh eile na hoibríochta gnó. Tugtar pearsantacht dhlítheanach leithleach ar an gcoincheap sin.
Is í an phríomhchúis a n-oibrítear gnólacht, nó fiontar eile, trí chuideachta nó a gcorpraítear gnólacht mar chuideachta ná chun leas a bhaint as rud dá ngairtear dliteanas teoranta. Go bunúsach, is é is dliteanas teoranta ann ná pribhléid a thugann an Stát trí nach bhféadfar duine aonair a choinneáil faoi dhliteanas pearsanta i leith fiacha cuideachta, fad a chloíonn an duine aonair sin le coinníollacha áirithe. Ar na buntáistí eile atá ag cuideachtaí tá comharbas suthain, i.e., leanann an chuideachta de bheith ann tar éis bhás a bunaitheoirí tosaigh, rud a thairgeann leanúnachas.
Tagann na buntáistí sin chun cinn toisc gur duine dlítheanach leithleach í an chuideachta. Mar sin de, ceanglaíonn an dliteanas leis an gcuideachta agus ní le comhaltaí/scairshealbhóirí ná oifigigh na cuideachta. Ag teacht as sin, ní thagann an chuideachta, mar dhuine leithleach, chun deiridh nuair a théann na hoifigigh ar scor nó nuair a bhogann na comhaltaí ar aghaidh, etc.
Baineann míbhuntáistí áirithe le cuideachta a chorprú freisin, lena n-áirítear go bhfuil an chuideachta, na comhaltaí agus na hoifigigh faoi réir dhlí na gcuideachtaí agus go gcuirtear freagrachtaí agus oibleagáidí áirithe ar a stiúrthóirí. Is féidir le dliteanas sibhialta agus/nó coiriúil a bheith i gceist le mainneachtain na freagrachtaí agus oibleagáidí sin a chomhlíonadh.
Tá cuideachtaí faoi réir ceanglais trédhearcachta áirithe freisin, i.e., ní mór faisnéis áirithe, amhail faisnéis airgeadais, a chur ar fáil don phobal.
Cé go bhféadfaidh cuideachtaí neamhtheoranta áirithe leas a bhaint as díolúintí ó chinn áirithe de na ceanglais trédhearcachta sin, ní fhéadfaidh a gcomhaltaí leas a bhaint as dliteanas teoranta.
Is pribhléidí a thugtar le reacht (an dlí) iad corprú agus dliteanas teoranta agus is í feidhm na míbhuntáistí sin ná a chinntiú nach mbaintear úsáid as an bpribhléid sin.
Dá bhrí sin, ba cheart d’aon duine atá ag smaoineamh ar chuideachta a chorprú comhairle ghairmiúil neamhspleách a thógáil d’fhonn a dhéanamh amach an bhfuil cuideachta ar an struchtúr dlíthiúil is oiriúnaí dá riachtanais nó nach bhfuil.