Lógó CEA

Ráiteas Inrochtaineachta

Comhlíonadh Caighdeán

Dearadh an suíomh seo chun Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Inrochtaineacht Suíomhanna Gréasáin agus Feidhmchlár Móibíleach de chuid Comhlachtaí san Earnáil Phoiblí), 2020, a chomhlíonadh. Dearadh na leathanaigh uile ar an suíomh seo chun na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán 2.1 a chomhlíonadh.

Tá an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach tiomanta do chomhlíonadh leibhéal AA de na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán 2.1 a bhaint amach i gcomhréir leis an gCód Cleachtais ón Údarás Náisiúnta Míchumais maidir le hinrochtaineacht seirbhísí poiblí agus faisnéise a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil. Rinneadh an t-iniúchadh inrochtaineachta Gréasáin is déanaí ar an suíomh seo i mí Iúil 2022, agus tá leibhéal AA de na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán 2.1 á gcomhlíonadh ag an suíomh seo faoi láthair.

Tá roinnt den fhaisnéis ar an suíomh Gréasáin seo ar fáil i bhformáid PDF. Cé go gcruthaítear PDFanna chun a bheith chomh hinrochtana agus is féidir, is féidir nach mbeidh an fhormáid sin lán-inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas. Soláthróidh an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach leaganacha malartacha de dhoiciméid PDF má iarrtar air déanamh amhlaidh.

 

Aiseolas agus Teagmháil

Tá an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach tiomanta d’inrochtaineacht dhigiteach a chinntiú do dhaoine faoi mhíchumas.  Soláthróidh an tOifigeach Rochtana treoir agus cúnamh do dhaoine faoi mhíchumas. Chun ábhar a iarraidh i bhformáid eile, seol ríomhphost chuig an Oifigeach Rochtana ag access@cea.gov.ie nó cuir glao ar an Oifigeach Rochtana ar 01 8585800.

Cuireann an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach fáilte roimh aon aiseolas maidir le hinrochtaineacht an tsuímh seo.  Chun aiseolas a thabhairt, chun barúil a chur in iúl, nó chun gearán a dhéanamh, seol ríomhphost chuig feedback@cea.gov.ie.

Más rud é nach mbeidh tú sásta leis an bhfreagra a fuair tú uainn maidir le gearán a rinne tú, féadfaidh tú an gearán a tharchur chuig Oifig an Ombudsman faoin Acht um Míchumas.