Lógó CEA

Ráiteas Príobháideachta

Conas a úsáidimid d’fhaisnéis

Is é cuspóir an Ráitis Príobháideachta seo faisnéis a sholáthar faoi conas a dhéanann an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach sonraí pearsanta a bhailiú, a stóráil, a chomhroinnt nó a choinneáil de réir Rialachán 2016/679 ón Aontas Eorpach (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí).

Ár suíomh Gréasáin a úsáid

Ní bhailíonn an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach aon sonraí pearsanta fút ar an suíomh Gréasáin seo gan cead soiléir a fháil uait. Aon fhaisnéis phearsanta a thugann tú go deonach don Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach tríd an ríomhphost, trí fhoirm nó ar aon slí eile, caithfear léi de réir na gcaighdeán is airde slándála agus rúndachta agus i gcomhréir dhlúth leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí agus leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí. Déanfar do shonraí pearsanta a bhailiú, a úsáid agus a stóráil chun aghaidh a thabhairt ar ábhar iomchuí do ríomhphoist, d’fhoirme nó aon ní eile, agus is féidir go n-úsáidfear iad chun staitisticí a thiomsú.  Ní úsáidfear iad chun aon chríoch eile seachas iad sin dá bhforáiltear sa Ráiteas seo.

Tá ar an suíomh Gréasáin seo naisc chuig suíomhanna Gréasáin seachtracha eile, agus tá aon naisc chuig suíomhanna Gréasáin eile inaitheanta go soiléir mar naisc den sórt sin. Níl an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach freagrach as an ábhar ná as na cleachtais phríobháideachta de chuid suíomhanna Gréasáin eile. Is é beartas an Údaráis um Fhorfheidhmiú Corparáideach gan naisc a sholáthar ach chuig suíomhanna neamhthráchtála a mheastar a bheith ina n-ábhar spéise don phobal.

Glao a chur orainn

Ní dhéanann an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach comhráite teileafóin a choinneáil ná a thaifeadadh. Is féidir go ndéanfaimid nóta de na mionsonraí a sholáthróidh tú dúinn chun cabhrú linn an tseirbhís do chustaiméirí a sholáthar nó chun iad a thabhairt ar aghaidh do bhaill foirne iomchuí a d’fhéadfadh cabhrú leat. Coinnítear lenár gcóras teileafóin taifead ar d’uimhir theileafóin (má thaispeántar í) i gcás go mbeidh orainn glao a chur ar ais ort. Forscríobhtar na taifid sin nuair a fhaightear glaonna nua.

Ríomhphost a sheoladh chugainn

Taifeadtar aon ríomhphoist a sheoltar chugainn agus cuirtear ar aghaidh chuig an Stiúrthóireacht iomchuí iad. Beidh seoladh ríomhphoist an tseoltóra infheicthe go fóill ag gach ball foirne a gcuirfear de chúram orthu déileáil leis an bhfiosrú. Bí ar an eolas gur ar an seoltóir a bheidh an fhreagracht as a chinntiú gur laistigh de theorainneacha an dlí a bheidh ábhar a ríomhphost. Is féidir go ndéanfar ábhar gan iarraidh de chineál coiriúil a thuairisciú chuig údaráis iomchuí eile agus go mblocálfar é.

Gearán a dhéanamh linn

Nuair a fhaighimid gearán, gintear comhad ina leith. Is é a bheidh sa chomhad sin de ghnáth faisnéis phearsanta faoin ngearánach agus faoi aon daoine aonair eile a bhfuil baint acu leis an ngearán. Ní bhaileoimid ach faisnéis phearsanta atá riachtanach chun an gearán a imscrúdú. Déanaimid cás-staidéir agus faisnéis staitistiúil a bhailiú agus a fhoilsiú faoin líon cásanna, agus faoin gcineál cásanna, a phróiseálaimid. Déantar an fhaisnéis sin a anaithnidiú agus ní shainaithnítear aon duine aonair inti, ach amháin i gcásanna inar tháinig an fhaisnéis isteach go dleathach san fhearann poiblí cheana féin (mar shampla, sa chúirt nó ar Chlár na gCuideachtaí).

Má bhailítear sonraí pearsanta íogaire chun críocha gearáin, déanfar bearta cuí chun a chinntiú go ndéanfar na sonraí sin a stóráil agus a phróiseáil go sábháilte.   

Maidir leis an bhfaisnéis a bheidh i gcomhaid ghearáin, coinneofar í ar aon dul lenár mbeartas coinneála go dtí go mbainfear amach an dáta atá socraithe lena scriosadh. Coinneofar an fhaisnéis sin i dtimpeallacht shlán agus ní bheidh sí ar fáil ach amháin dóibh sin ar gá dóibh í a rochtain.

Nuair a dhéanaimid gníomh forfheidhmiúcháin, is féidir go bhfoilseoimid céannacht an chosantóra inár dTuarascáil Bhliantúil, ar ár suíomh Gréasáin, nó in áit eile. Ní shainaithneoimid an gearánach, ach amháin i gcás go mbeidh an fhaisnéis go dleathach san fhearann poiblí cheana féin.

Rochtain ar fhaisnéis phearsanta

Cé go dtabharfaidh an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach freagra ar iarrataí a dhéantar faoin Acht um Chosaint Sonraí agus faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, tá dualgas reachtúil rúndachta orainn i ndáil lenár gcásanna agus, dá bhrí sin, is féidir nach mbeimid in ann faisnéis a eisiúint chugat, fiú amháin i gcás gur tusa an t-ábhar sonraí. Leis an Treoir maidir le Cosaint Sonraí i réimse Fhorfheidhmiú an Dlí, déantar sonraí faoi nithe coiriúla a eisiamh ó riail an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí. Déantar na sonraí sin a eisiamh chun cothroime agus príobháideacht a chinntiú sa phróiseas imscrúdúcháin agus chun go mbeidh an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach fós in ann an sainchúram reachtúil atá air a chomhlíonadh.

Nochtadh

A mhéid is féidir, ní nochtfaimid aon sonraí pearsanta gan toiliú a fháil. Mar sin féin, agus gearán á imscrúdú againn, is féidir go mbeidh orainn faisnéis phearsanta a chomhroinnt leis na páirtithe eile lena mbaineann. Cé go mbreithneoimid aon iarraidh ar neamhainmníocht i ndáil le haon chás, ní féidir linn a ráthú go mbeifear in ann an neamhainmníocht sin a fhorfheidhmiú. Ní nochtfaimid do shonraí pearsanta do thríú páirtithe ach amháin i gcásanna inar thoiligh duine aonair leis an nochtadh nó ina mbeidh oibleagáid dhlíthiúil orainn na sonraí a nochtadh. Tá eagraíochtaí amhail an Garda Síochána i measc na dtríú páirtithe a bhféadfaimid faisnéis a nochtadh dóibh.

Fianáin

Ní rianóimid seoladh IP aon duine atá ag déanamh cuardach ar fhaisnéis faoi fhorfheidhmiú corparáideach.  Mar sin féin, úsáidtear fianáin feidhmíochta agus fianáin spriocdhírithe chun comhaireamh staitistiúil a choinneáil ar an líon cuairteanna ar an suíomh Gréasáin agus ar leathanaigh ar leith, ionas gur féidir linn an suíomh Gréasáin a choinneáil iomchuí d’úsáideoirí.  Is féidir na fianáin sin a rialú i socruithe fianán.

Chun mionsonraí a fháil faoi na fianáin a úsáidimid agus faoi conas a úsáidtear iad, féach ár Ráiteas maidir le Fianáin.

Nuashonraíodh an Ráiteas sin den uair is deireanaí i mí Iúil 2022.

 

Conas teagmháil a dhéanamh linn

Má theastaíonn tuilleadh faisnéise uait maidir lenár Ráiteas Príobháideachta, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn trí ríomhphost a sheoladh chuig info@cea.gov.ie  nó trí scríobh chuig:

An tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach
16 Cearnóg Parnell Thoir
Baile Átha Cliath 1
D01 W5C2