Lógó CEA

Saoráil Faisnéise

Ba cheart iarrataí Saorála Faisnéise a dhéanamh i scríbhinn. Ba cheart é a bheith luaite go sainráite i d’iarraidh go bhfuil an iarraidh á déanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014.

Bí ar an eolas, áfach, gurb iad taifid a bhaineann le riar ginearálta an Údaráis um Fhorfheidhmiú Corparáideach na haon taifid amháin a d’fhéadfadh a bheith faoi réir a nochta. Ní thagann taifid a bhaineann le hobair forfheidhmiúcháin an Údaráis faoi raon feidhme na Saorála Faisnéise. Sula gcuirfidh tú d’iarraidh isteach, ba cheart duit, dá bhrí sin, tú féin a shásamh go dtagann an iarraidh faoi raon feidhme na Saorála Faisnéise.

Más rud é go mbeidh sé riachtanach líon suntasach foirne agus/nó méid suntasach acmhainní eile a imscaradh chun iarraidh cháilitheach Saorála Faisnéise a chomhlíonadh, iarrfar ort táille a íoc chun costais riaracháin a chumhdach.

Féadfar iarrataí a sheoladh tríd an bpost chuig an seoladh thíos nó tríd an ríomhphost chuig foi.cea@cea.gov.ie.