Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine
Ceanglaítear le dlí ar gach comhlacht poiblí in Éirinn comhionannas a chur chun cinn, idirdhealú a chosc agus cosaint a thabhairt do chearta an duine atá ag a gcuid fostaithe, custaiméirí agus úsáideoirí seirbhíse agus ag gach duine a dtéann a gcuid beartas agus pleananna i bhfeidhm orthu. Tugtar Dualgas na hEarnála Poiblí um Chomhionannas agus Cearta an Duine ("an Dualgas") ar an oibleagáid dhlíthiúil sin.
Tá an Dualgas ina chuid de dhlí na hÉireann ó bhí an bhliain 2014 ann, agus tá sé leagtha amach in alt 42 den Acht fá Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas, 2014. Leabaítear leis comhionannas agus cearta an duine sa dóigh a gcuireann comhlachtaí poiblí a gcuid feidhmeanna i gcrích agus, chuige sin, tá acmhainneacht aige bunathrú dearfach a dhéanamh ar an dóigh a dtéann comhlachtaí poiblí i dteagmháil le daoine den phobal agus lena bhfoireann féin.
Ina ghnáthobair laethúil, agus go háirithe agus é ag déileáil lena gheallsealbhóirí, cinntíonn an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach nach ndéantar idirdhealú ar aon duine den phobal ná ar aon gheallsealbhóir eile faoi aon cheann de na forais chosanta, i.e., inscne, stádas sibhialta, stádas teaghlaigh, gnéaschlaonadh, míchumas, aois, cine agus creideamh agus/nó toisc gur den Lucht Siúil iad.
Caitheann an tÚdarás lena fhoireann féin ar an tslí chéanna.