Chun cabhrú le stiúrthóirí agus rúnaithe cuideachta a gcuid dualgas agus freagrachtaí a chomhlíonadh agus chun eolas a thabhairt do chomhaltaí cuideachta, do scairshealbhóirí agus do chreidiúnaithe faoina gcearta faoi dhlí na gcuideachtaí, d’fhoilsigh an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach raon leabhrán faisnéise agus treorach. Tugtar forbhreathnú sna leabhráin sin ar an Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach agus ar a fheidhmeanna, ar oibleagáidí stiúrthóirí, ar chearta comhaltaí agus ar róil agus freagrachtaí iniúchóirí, leachtaitheoirí, glacadóirí agus scrúdaitheoirí faoi seach agus is féidir iad a rochtain ó na teidil thíos.
De bhreis air sin, eisíonn an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach Nótaí Faisnéise maidir le nithe spéise tráthúla ó am go chéile. Is féidir iad sin a rochtain ar ár leathanach dar teideal ‘Nótaí Faisnéise’.