Lógó CEA

Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol

Leis na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol, tugtar sainmhíniú ar fhaisnéis comhshaoil agus leagtar amach an dóigh a bhféadfar iarrataí ar fhaisnéis a chur faoi bhráid údaráis phoiblí agus an dóigh nach mór d’údaráis phoiblí déileáil le hiarrataí, e.g., creataí ama le haghaidh freagra a thabhairt, etc. Foráiltear leis na Rialacháin freisin do nós imeachta foirmiúil achomhairc i gcás go mbeidh duine míshásta le breith a tugadh maidir leis an iarraidh uaidh/uaithi.

Leagtar amach inár dTreoir Dhátheangach faisnéis maidir leis na Rialacháin agus maidir le conas Faisnéis maidir leis an gComhshaol a fháil.

Faoi Threoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa, ar tugadh éifeacht di le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol), 2007-2014 (na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol), tá gach duine aonair sa stát i dteideal rochtain a iarraidh ar fhaisnéis maidir leis an gcomhshaol atá i seilbh Comhlachtaí Poiblí, lena n-áirítear an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach. Cumhdaítear leis an Treoir an fhaisnéis atá i seilbh na hoifige i bhfoirm scríofa, i bhfoirm amhairc, ó bhéal, i bhfoirm leictreonach nó in aon fhoirm ábhartha eile is faisnéis a bhaineann le nithe comhshaoil.

Conas is féidir Faisnéis Comhshaoil a Iarraidh:

Más mian leat rochtain a iarraidh ar fhaisnéis maidir leis an gcomhshaol atá i seilbh an Údaráis um Fhorfheidhmiú Corparáideach, cuir d’iarraidh isteach i scríbhinn agus sonraigh go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol), 2007-2014. Tabhair mionsonraí teagmhála, lena n-áirítear uimhir theileafóin, más féidir, agus sonraigh, i dtéarmaí soiléire, an fhaisnéis comhshaoil a theastaíonn agus an fhoirm agus an modh rochtana atáthar ag iarraidh.

Ba cheart iarrataí a sheoladh chuig ccustomerservice@cea.gov.ie.