Lógó CEA

Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid

Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid – Rialacháin 2005 (I.R. Uimh. 279 de 2005)

Comhlíonann an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach na rialacháin um Fhaisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid agus spreagann sí athúsáid na faisnéise a tháirgeann sé. Tá na rialacháin ar fáil ag www.psi.gov.ie.

Mura sonraítear a mhalairt, is faoi chóipcheart an Údaráis um Fhorfheidhmiú Corparáideach atá an fhaisnéis ar fad atá le feiceáil ar an suíomh Gréasáin seo. Féadfar faisnéis agus doiciméid a fhaightear ón suíomh Gréasáin seo a atáirgeadh agus/nó a athúsáid faoi réir an cheadúnais faisnéise earnála poiblí is deireanaí atá ar fáil ag www.psi.gov.ie.

Is ceadmhach duit an fhaisnéis ar an suíomh Gréasáin seo a athúsáid saor in aisce i bhformáid ar bith, ar choinníoll:

  • go mbeidh an fhaisnéis atáirgthe cruinn;
  • go n-úsáidfear an fhaisnéis chun críche dleathaí nó cuí;
  • go n-admhófar go soiléir foinse na faisnéise agus an chóipchirt; agus
  • nach n-úsáidfear an fhaisnéis go príomha chun táirge nó seirbhís ar leith a fhógairt nó a chur chun cinn

Seol aon fhiosruithe chuig: Ríomhphost: info@cea.gov.ie

Teileafón: 353 (0)1 8585800