Lógó CEA

Beartas maidir leis na Meáin Shóisialta

Oibríonn an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach ar ardáin éagsúla meán sóisialta, e.g., LinkedIn agus Twitter. Ar na hardáin sin, eisímid an t-eolas is deireanaí ó am go ham chuig ár leantóirí, lena n-áirítear nuacht, preasráitis, óráidí, míreanna tráthúla, agus faisnéis faoi imeachtaí Cúirte, etc.

Níl ár gcuntais meán sóisialta ina modh cuí chun gearáin ná léirithe imní a chur isteach. Ina ionad sin, ba cheart gearáin agus léirithe imní a sheoladh chuig complaints@cea.gov.ie, agus is féidir nochtaí cosanta a sheoladh chuig protected.disclosures@cea.gov.ie. Is féidir ár bhFoirm Gearáin chaighdeánach a rochtain ónár leathanach dar teideal ‘Foirmeacha’.

Leagaimid ardleibhéal tábhachta ar chúnamh a thabhairt don phobal (nuair is féidir/ceadmhach déanamh amhlaidh) agus leagaimid ardchaighdeáin seirbhíse do chustaiméirí síos dúinn féin ina leith sin. Is iad baill foirne an Údaráis um Fhorfheidhmiú Corparáideach a bhainistíonn ár gcuntais meán sóisialta, áfach, agus, cé go bhfuil daoine ar na meáin shóisialta i dteideal a dtuairimí a chomhroinnt faoin Údarás, iarraimid orthu é sin a dhéanamh ar bhealach béasach agus measúil. Ní ghlacfar le haon drochíde ar ár bhfoireann, lena n-áirítear caint mhaslach, eascainí, ráitis chlúmhillteacha, bagairtí, ráitis atá deartha chun duine a spréachadh nó a shuaitheadh nó ráitis atá ceaptha chun gríosú.