Lógó CEA

Cad atá i gceist le ról an Údaráis um Fhorfheidhmiú Corparáideach?

Bunaíodh an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach i mí Iúil 2022 faoi achtú Acht na gCuideachtaí (An tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach), 2021, rud lenar leasaíodh Acht na gCuideachtaí, 2014.

Is é an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach gníomhaireacht na hÉireann um fhorfheidhmiú dhlí na gcuideachtaí, agus tá freagracht air as na nithe seo a leanas:

  • comhlíonadh dhlí na gcuideachtaí a spreagadh;
  • imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe amhrasta ar dhlí na gcuideachtaí;
  • gníomhaíocht chuí forfheidhmiúcháin a dhéanamh mar fhreagairt do neamhchomhlíonadh dhlí na gcuideachtaí; agus
  • leachtaitheoirí agus glacadóirí a mhaoirsiú.

Cumhdaítear na nithe seo a leanas le sainordú forfheidhmiúcháin an Údaráis um Fhorfheidhmiú Corparáideach:

  • imscrúduithe airgeadais agus imscrúduithe gaolmhara a dhéanamh ar fud speictream iomlán na gcuideachtaí, idir fhiontair bheaga agus mheánmhéide, eagraíochtaí neamhbhrabúis agus chuideachtaí a bhfuil a n-urrúis liostaithe go poiblí; agus
  • maoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseas dócmhainneachta corparáidí, lena n-áirítear freagrachtaí na leachtaitheoirí sa phróiseas sin.

Is ó roinnt reachtanna do shainordú reachtach an Údaráis um Fhorfheidhmiú Corparáideach. Áirítear leo sin:

  • Acht na gCuideachtaí, 2014,
  • an tAcht fá Ghléasanna Éireannacha um Chomhbhainistiú Sócmhainní, 2015, i ndáil le gléasanna infheistíochta áirithe; agus
  • Acht na gCuideachtaí (Iniúchtaí Reachtúla), 2018, faoinarb é an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach an t-údarás inniúil chun smachtbhannaí a fhorchur ar stiúrthóirí cuideachta.

Is féidir tuilleadh mionsonraí faoin obair a dhéanaimid a fháil anseo

Cé na cumhachtaí atá ag an Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh?

Chun cur ar ár gcumas ár bhfeidhmeanna a chomhlíonadh, tugadh dúinn cumhachtaí áirithe imscrúdúcháin shibhialta agus choiriúil agus cumhachtaí áirithe forfheidhmiúcháin shibhialta agus choiriúil. Áirítear iad seo a leanas leo sin:

Cumhachtaí imscrúdúcháin

  • an chumhacht chun ceanglas a chur ar chuideachtaí agus ar thríú páirtithe iomchuí doiciméid (lena n-áirítear doiciméid leictreonacha) a thabhairt ar aird;
  • cumhachtaí cuardaigh agus urghabhála;
  • cumhacht gabhála; agus
  • an ceart chun iarraidh ar na Cúirteanna bearta imscrúdúcháin breise áirithe a cheadú/a thionscnamh, amhail, mar shampla, orduithe chun taifid bhaincéireachta a thabhairt ar aird a dheonú, orduithe chun Acht na gCuideachtaí a chomhlíonadh, agus Cigirí arna gceapadh ag an gCúirt a cheapadh.

Cumhachtaí forfheidhmiúcháin

  • an chumhacht chun gealltanais maidir le srian agus dícháiliú a thairiscint, ar gealltanais iad atá ina gceangal dlí má ghlactar leo;
  • an chumhacht chun iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt go ndéanfaí stiúrthóirí cuideachta a dhícháiliú in imthosca áirithe;
  • an chumhacht chun iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt go ndéanfaí cuideachta a fhoirceannadh (a leachtú) in imthosca áirithe;
  • an chumhacht chun ionchúisimh achoimre a thionscnamh sa Chúirt Dúiche; agus,
  • an ceart chun nithe tromchúiseacha a tharchur chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí lena mbreithniú aige maidir le cé acu ba cheart nó nár cheart cúisimh choiriúla a ordú ar díotáil (i.e., os comhair na Cúirte Cuarda).

 

Cá háit ar féidir liom tuilleadh faisnéise faoi ghníomhaíochtaí an Údaráis um Fhorfheidhmiú Corparáideach a fháil?

De bhreis ar an bhfaisnéis atá ar fáil ar an suíomh Gréasáin seo, a n-áirítear léi mionsonraí faoi cé sinn, faoin obair a dhéanaimid agus faoi conas is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn, is féidir leat sinn a leanúint ar ár gcainéil meán sóisialta ar LinkedIn agus Twitter.

An bhfuil sé amhlaidh go bhféadfaidh mé gearán a dhéanamh leis an Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach maidir le sárú amhrasta ar dhlí na gcuideachtaí?

Tá. Ba cheart do dhaoine den phobal gearáin, léirithe imní agus nochtaí cosanta (i gcás inarb infheidhme) a chur isteach chugainn i gcás gur féidir go mbeidh léirithe ann ar sháruithe ar dhlí na gcuideachtaí. Molaimid do dhaoine den phobal an Fhoirm Gearáin uainn a úsáid agus an gearán uathu á chur isteach acu. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, téigh chuig ár leathanach dar teideal ‘Gearáin, Ábhair Imní agus Nochtaí Cosanta’.

An bhfuil sé amhlaidh go bhféadfaidh mé gearán a dhéanamh ar bhonn anaithnid?

Tá. D’fhéadfadh, áfach, go mbeadh teorainn lenár gcumas chun dul chun cinn a dhéanamh ar an scrúdú ar an ní dá ndéanfaí gearán ar bhonn anaithnid agus, mar sin de, ní mholtar gearán a dhéanamh ar bhonn anaithnid.

An mbeidh orm doiciméid a sholáthar chun tacú leis an ngearán uaim?

Éileoidh an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach go soláthrófaí mionsonraí iomlána maidir leis an ngearán uait chun an gearán uait a mheasúnú. Mar chuid den mheasúnú sin, agus chun tacú leis an measúnú ar an ngearán uait, molann an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach do ghearánaigh, agus d’fhéadfadh sé a éileamh ar ghearánaigh, cóipeanna a sholáthar de dhoiciméid, mar shampla cóipeanna d’aon litreacha, d’aon ríomhphoist nó d’aon teagmháil leis an gcuideachta nó lena stiúrthóirí, etc.

Má dhéanaim gearán, an dteastóidh ón Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach aon chabhair uaim?

B’fhéidir. Má theastaíonn uainn tuilleadh cabhrach nó faisnéise uait, déanfaimid teagmháil leat agus tabharfaimid breac-chuntas ar chineál na cabhrach nó na faisnéise breise a theastaíonn uainn. Tabhair faoi deara go bhféadfadh go n-áireofaí leis an gcabhair sin fianaise a thabhairt agus/nó freastal ar an gcúirt.

Murar iarr an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach tuilleadh faisnéise, níor cheart a thuiscint uaidh sin nach bhfuil an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach ag imscrúdú an ghearáin uait.

An bhfuil sé amhlaidh go dtionscnóidh an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach cás thar mo cheann?

Níl. Ní thionscnaímid cásanna thar ceann gearánach toisc nach í sin ár bhfeidhm reachtúil.

Déanann an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach scrúdú cúramach ar gach ceann de na gearáin, na léirithe imní agus na nochtaí cosanta a fhaightear. I gcás go sainaithnítear sáruithe ar dhlí na gcuideachtaí, déanfaimid an ghníomhaíocht chuí de réir an dlí agus de réir breithniúcháin ábhartha eile ach ní ghníomhóimid thar ceann aon ghearánaigh aonair.

I gcás go mbaineann gearán le ní sibhialta, e.g., díospóid maidir le méideanna atá dlite, nithe inmheánacha i gcuideachta nó nithe a bhaineann le dlí na gconarthaí, is gnách nach nglacaimid páirt ann.

An bhfuil sé amhlaidh go bhféadfaidh an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach cabhrú le díospóidí inmheánacha idir stiúrthóirí cuideachta, comhaltaí, etc.?

Níl. Is gníomhaireacht forfheidhmithe dlí reachtúil é an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach. Níl aon ról aige maidir le díospóidí inmheánacha idir stiúrthóirí cuideachta, comhaltaí, etc., a réiteach. Más ann d’fhianaise ar shárú ar dhlí na gcuideachtaí, is féidir go mbeidh fonn ar an bpáirtí gearán a chur isteach chuig an Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach. Le linn a mheasúnú cé chomh hoiriúnach is a bheadh gníomhaíocht forfheidhmiúcháin in imthosca den sórt sin, tabharfaimid aird freisin ar na leigheasanna atá ar fáil do na páirtithe sa díospóid.

An bhfuil sé amhlaidh go bhféadfaidh mé faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ar an ngearán uaim?

Níl. A luaithe a fhaightear gearán, scrúdófar é de réir ár bpróisis inmheánaigh láimhseála gearán. Ní bhíonn sé indéanta i gcónaí faisnéis a thabhairt faoin dul chun cinn ar aon imscrúdú toisc go bhféadfadh go gcuirfí seoladh ár n-imscrúduithe agus aon ghníomhaíochta forfheidhmiúcháin ina dhiaidh sin i gcontúirt dá ndéanfaí amhlaidh.

An gcuirfear ar an eolas mé faoin toradh ar an ngearán uaim?

Ní gá go gcuirfear. Is próiseas faoi rún é ár bpróiseas láimhseála gearán, agus ní eisímid mionsonraí faoi thorthaí chuig gearánaigh aonair mar ghnáthamh. In amanna, d’fhéadfadh go bpoibleofaí an toradh, e.g., mar gheall ar imeachtaí cúirte arna dtionscnamh uainn le linn dlí na gcuideachtaí a fhorfheidhmiú.

An bhfuil sé amhlaidh go ngníomhaíonn an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach i ngach cás de bhun gearáin agus léirithe imní a fhaightear?

Níl. Ní ghníomhóimid de bhun gearán nach dtagann faoi raon feidhme ár sainchúraim reachtúil. I gcásanna den sórt sin, áfach, féachfaimid le cabhair a thabhairt do ghearánaigh trí iad a atreorú chuig na húdaráis chuí.

De bhreis air sin, i gcás go dtagann gearán faoinár sainchúram fiú, breithneoimid an ní trí bhreithniúcháin éagsúla a chur san áireamh, lena n-áirítear tromchúis dhealraitheach (nó easpa tromchúise dealraithí) an ní agus cibé acu atá nó nach bhfuil leigheasanna eile ar fáil don ghearánach.

An bhfuil sé de cheart agam caingean phríobháideach a shaothrú, gan beann ar cé acu a rinne mé gearán leis an Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach nó nach ndearna?

Tá. Níl ceart an ghearánaigh chun caingean phríobháideach a thionscnamh ag brath ar ghearán a bheith déanta leis an Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach ná ar an toradh ar aon ghearán arna dhéanamh leis an Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach. 

Mar sin féin, d’fhéadfadh go ndéanfaí an fíoras go bhfuil leigheas príobháideach ann nó gur deonaíodh leigheas príobháideach a chur san áireamh maidir le comhréireacht úsáid aon chumhachta forfheidhmiúcháin ag an Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach. Ina theannta sin, d’fhéadfadh go ndéanfaí acmhainní a dhúbláil dá mba rud é go ndéanfaí dul chun cinn ar chaingean phríobháideach agus go ndéanfadh an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach imscrúdú. I gcás go dtionscnaíonn páirtí caingean phríobháideach, d’fhéadfadh go mbeadh sé cuí go leanfaí leis an gcaingean phríobháideach le linn d’imscrúdú an Údaráis um Fhorfheidhmiú Corparáideach ar an ngearán ón bpáirtí sin a bheith ar feitheamh nó ar sos.

An bhfuil sé amhlaidh go dtabharfaidh an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach comhairle dom maidir le cé acu is dóigh nó nach dóigh go n-éireoidh leis an gcaingean phríobháideach uaim?

Níl. Is comhlacht forfheidhmithe dlí neamhspleách é an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach agus, mar sin de, ní thugann sé comhairle dlí do ghearánaigh. Is féidir go mbeidh fonn ort comhairle ghairmiúil a lorg maidir le do chearta dlíthiúla, d’éilimh dhlíthiúla agus/nó do fhreagrachtaí dlíthiúla.

Cad is cuideachta ann?

Féadfaidh grúpa daoine, nó duine aonair, comhlacht corparáideach, dá ngairtear cuideachta, ar féidir leis gníomhartha gnó a dhéanamh ar leithligh uathu, amhail dul isteach i gconarthaí nó iasachtaí a fháil, a chruthú. Cruthaítear cuideachtaí trí phróiseas “corprúcháin”. Tosaítear an próiseas corprúcháin tráth a sheachadtar doiciméid áirithe ar an Oifig um Chlárú Cuideachtaí. A luaithe atá sí corpraithe, tagann cuideachta chun bheith ina heintiteas dlítheanach leithleach, i.e., leithleach óna comhaltaí (úinéirí). Is féidir tuilleadh faisnéise faoi chuideachtaí a fháil ar ár leathanach dar teideal ‘Faisnéis agus Treoir’.

Cad is dlí na gcuideachtaí ann?

Is é is dlí na gcuideachtaí ann ná an reachtaíocht (an dlí), na rialacha agus na caighdeáin lena rialaítear cuideachtaí in Éirinn. Is féidir tuilleadh faisnéise faoin dlí is infheidhme a aimsiú ar ár leathanach dar teideal ‘Reachtaíocht’.

Company law is the legislation (law), rules and standards that govern companies in Ireland. Further information on the applicable law can be found on our Legislation page.

Cén fáth a gcorpraíonn daoine cuideachtaí?

Ceann de na tairbhí a bhaineann le corprú is ea go dtagann an chuideachta chun bheith aitheanta mar dhuine leithleach faoin dlí ó na scairshealbhóirí (na comhaltaí), ó na stiúrthóirí agus ó oifigigh eile na hoibríochta gnó. Tugtar pearsantacht dhlítheanach leithleach ar an gcoincheap sin.

Is í an phríomhchúis a n-oibrítear gnólacht, nó fiontar eile, trí chuideachta nó a gcorpraítear gnólacht mar chuideachta ná chun leas a bhaint as rud dá ngairtear dliteanas teoranta. Go bunúsach, is é is dliteanas teoranta ann ná pribhléid a thugann an Stát trí nach bhféadfar duine aonair a choinneáil faoi dhliteanas pearsanta i leith fiacha cuideachta, fad a chloíonn an duine aonair sin le coinníollacha áirithe. Ar na buntáistí eile atá ag cuideachtaí tá comharbas suthain, i.e., leanann an chuideachta de bheith ann tar éis bhás a bunaitheoirí tosaigh, rud a thairgeann leanúnachas.

Tagann na buntáistí sin chun cinn toisc gur duine dlítheanach leithleach í an chuideachta. Mar sin de, ceanglaíonn an dliteanas leis an gcuideachta agus ní le comhaltaí/scairshealbhóirí ná oifigigh na cuideachta. Ag teacht as sin, ní thagann an chuideachta, mar dhuine leithleach, chun deiridh nuair a théann na hoifigigh ar scor nó nuair a bhogann na comhaltaí ar aghaidh, etc.

Baineann míbhuntáistí áirithe le cuideachta a chorprú freisin, lena n-áirítear go bhfuil an chuideachta, na comhaltaí agus na hoifigigh faoi réir dhlí na gcuideachtaí agus go gcuirtear freagrachtaí agus oibleagáidí áirithe ar a stiúrthóirí. Is féidir le dliteanas sibhialta agus/nó coiriúil a bheith i gceist le mainneachtain na freagrachtaí agus oibleagáidí sin a chomhlíonadh.

Tá cuideachtaí faoi réir ceanglais trédhearcachta áirithe freisin, i.e., ní mór faisnéis áirithe, amhail faisnéis airgeadais, a chur ar fáil don phobal.

Cé go bhféadfaidh cuideachtaí neamhtheoranta áirithe leas a bhaint as díolúintí ó chinn áirithe de na ceanglais trédhearcachta sin, ní fhéadfaidh a gcomhaltaí leas a bhaint as dliteanas teoranta.

Is pribhléidí a thugtar le reacht (an dlí) iad corprú agus dliteanas teoranta agus is í feidhm na míbhuntáistí sin ná a chinntiú nach mbaintear úsáid as an bpribhléid sin.

Dá bhrí sin, ba cheart d’aon duine atá ag smaoineamh ar chuideachta a chorprú comhairle ghairmiúil neamhspleách a thógáil d’fhonn a dhéanamh amach an bhfuil cuideachta ar an struchtúr dlíthiúil is oiriúnaí dá riachtanais nó nach bhfuil.

Cá háit ar féidir liom cuideachta a chorprú?

Corpraítear gach cuideachta Éireannach tríd an Oifig um Chlárú Cuideachtaí.

An bhfuil cineálacha difriúla cuideachta ann?

Tá. Is í cuideachta phríobháideach faoi theorainn scaireanna (Teo.) an cineál is coitianta cuideachta in Éirinn go mór fada. Tá roinnt cineálacha eile cuideachta ann, áfach. Ina measc sin tá cuideachtaí faoi theorainn ráthaíochta (CTR), cuideachtaí gníomhaíochta ainmnithe (CGA), cuideachtaí poiblí teoranta (CPT) agus cuideachtaí neamhtheoranta (CNT).

Tá a dtréithe, a mbuntáistí agus a míbhuntáistí féin ag gach ceann de na cineálacha cuideachta sin. Ba cheart smaoineamh ar chomhairle neamhspleách a thógáil roimh chinneadh a dhéanamh ar cén cineál cuideachta a roghnófar.

Cad is bunreacht le cuideachta ann?

Tagtar ar bhunú cuideachta nuair a aontaíonn duine, nó daoine, le bunreacht. Is é atá sa bhunreacht ná conradh lena gcuirtear ceangal ar an gcuideachta agus ar a comhaltaí. Leagtar amach ann na bunrialacha faoina n-oibríonn an chuideachta. Is rud atá inmheánach don chuideachta é bunreacht, dá bhrí sin. De bhreis air sin, tá an chuideachta agus a stiúrthóirí agus a comhaltaí faoi réir dhlí na gcuideachtaí. Ní mór do gach cuideachta bunreacht a bheith i bhfeidhm acu.

Tá bunreacht aondoiciméid ag cuideachta phríobháideach faoi theorainn scaireanna (Teo.). Is leagtha amach i Sceideal 1 a ghabhann le hAcht na gCuideachtaí, 2014, atá bunreacht teimpléid do chuideachta phríobháideach faoi theorainn scaireanna.

Ceanglaítear ar gach cineál eile cuideachta bunreacht dhá dhoiciméad a bheith acu, i.e., Meabhrán Comhlachais agus Airteagail Chomhlachais. Is leagtha amach i Sceidil 7 go 13 a ghabhann le hAcht na gCuideachtaí, 2014, atá bunreachtanna teimpléid do chineálacha eile cuideachta.

Ní mór bunreacht na cuideachta a sheachadadh ar an Oifig um Chlárú Cuideachtaí chun go mbeifear in ann an chuideachta a chorprú/a chlárú.

Cad is an Meabhrán Comhlachais le cuideachta ann?

Is é is an Meabhrán Comhlachais ann ná an príomhdhoiciméad bunreachta trína mbaintear bunú na cuideachta amach. Beidh an fhormáid i gcomhréir le hAcht na gCuideachtaí, 2014, agus ní mór faisnéis bhunúsach áirithe a bheith ar áireamh inti.

Cad atá i gceist leis na hAirteagail Chomhlachais le cuideachta?

Is é atá i gceist leis na hAirteagail Chomhlachais ná na rialacha inmheánacha atá cláraithe go poiblí agus lena gcuirtear ceangal ar an gcuideachta agus ar a chomhaltaí. Tá Airteagail Chaighdeánacha códaithe i Sceidil iomchuí a ghabhann le hAcht na gCuideachtaí, 2014, rud lena laghdaítear an gá le hairteagail fhairsinge a bheith ag cuideachta sa bhunreacht.

Ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, gurb amhlaidh, i gcás go nglacann cuideachta na hairteagail chaighdeánacha atá leagtha amach sa Sceideal iomchuí a ghabhann le hAcht na gCuideachtaí, 2014, gan aon eisiamh agus gan aon mhodhnú, a bheidh feidhm ag na forálacha uile, lena n-áirítear forálacha caighdeánacha agus forálacha roghnacha.

Ós réimse casta é seo, ba cheart smaoineamh ar chomhairle neamhspleách a thógáil.

An bhfuil sé amhlaidh go bhféadfar bunreacht cuideachta a leasú?

Tá. Féadfaidh cuideachta a bunreacht a leasú le rún speisialta. Ní mór na leasuithe beartaithe a chur os comhair chomhaltaí na cuideachta chun vótáil orthu ag cruinniú ginearálta (cruinniú ginearálta bliantúil nó cruinniú ginearálta urghnách). Comhaltaí na cuideachta, agus aon duine/daoine eile atá i dteideal freastal ar an gcruinniú agus vótáil ag an gcruinniú, tá siad i dteideal fógra a fháil i dtaobh an chruinnithe.

Ritear rún speisialta nuair is i bhfabhar an togra atá tromlach cáilithe nach lú ná 75% de na vótaí a gcaitheann na comhaltaí iad go pearsanta nó trí sheachvótálaí.

Ceanglaítear Foirm G1 (rún speisialta) a chomhdú san Oifig um Chlárú Cuideachtaí.

An bhfuil sé amhlaidh go gceanglaítear ar chuideachtaí Éireannacha oifig chláraithe a bheith acu sa Stát?

Tá. Ceanglaítear ar gach cuideachta Éireannach oifig chláraithe a bheith acu sa Stát, ar oifig í a bhféadfar aon chumarsáidí agus aon fhógraí a sheoladh chuici. Ceanglaítear fógra i dtaobh athrú ar an oifig chláraithe a chomhdú leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí laistigh de 14 lá ón athrú.

An bhfuil ainm gnó difriúil le hainm cuideachta?

Féadfaidh cuideachta a gnó a dhéanamh faoi ainm na cuideachta nó féadfaidh sí ainm gnó nach é ainm na cuideachta é a úsáid. Mar sin féin, má sheolann cuideachta gnó agus ainm gnó á úsáid aici, ceanglófar uirthi an t-ainm gnó sin a chlárú leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí.

Maidir le comhpháirtíochtaí agus/nó daoine aonair a sheolann gnó in ainm nach é a n-ainm féin é, ceanglaítear orthu an t-ainm gnó atá á úsáid acu á chlárú leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí.

Tá naisc chuig na foirmeacha ábhartha ar fáil ón Oifig um Chlárú Cuideachtaí.

Cé hiad na daoine a fhéadfaidh a bheith ina gcomhalta de chuideachta?

De ghnáth, leagann an chuideachta amach ina bunreacht na rialacha maidir le comhaltas. Is féidir go luafar sna rialacha sin cé hiad na daoine a fhéadfaidh a bheith ina gcomhalta, conas a thagann duine chun bheith ina c(h)omhalta agus conas is féidir le duine éirí as a bheith ina c(h)omhalta. Meastar gur aontaigh na sínitheoirí tosaigh le bunreacht cuideachta le teacht chun bheith ina gcomhaltaí den chuideachta. Aontaíonn na comhaltaí uile ina dhiaidh sin le teacht chun bheith ina gcomhaltaí agus iontráiltear a n-ainm i gClár na gComhaltaí. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar ár leathanach dar teideal ‘Faisnéis agus Treoir’.

An bhfuil teorainn ann leis an líon comhaltaí a fhéadfaidh cuideachta a bheith aici?

Ceanglaítear le dlí ar gach cuideachta comhalta amháin ar a laghad a bheith acu agus níl aon uasteorainn ann leis an líon comhaltaí a fhéadfaidh a bheith ag formhór na gcineálacha cuideachta. Tá dhá eisceacht ón riail sin ann, áfach. Féadfaidh cuideachtaí príobháideacha faoi theorainn scaireanna (Teo.) agus cuideachtaí gníomhaíochta ainmnithe (CGA) 149 gcomhalta ar a mhéad a bheith acu.

Cad is scairshealbhóir ann?

Is é is scairshealbhóir ann ná duine (nó cuideachta) a shealbhaíonn scair nó scaireanna i gcuideachta. Tagann an scairshealbhóir chun bheith ina c(h)omhalta den chuideachta tráth a iontráiltear a ainm i gclár na gcomhaltaí.

Conas a oibríonn dliteanas teoranta comhaltaí?

De réir alt 17(2) d’Acht na gCuideachtaí, 2014, i gcás go dtagann cuideachta faoi theorainn scaireanna (Teo.) chun bheith dócmhainneach (i.e., neamhábalta a fiacha a íoc de réir mar a bhíonn siad dlite), tá dliteanas comhaltaí teoranta don mhéid, más ann, a bheidh gan íoc ar na scaireanna atá cláraithe in ainm na gcomhaltaí an tráth iomchuí.

I gcás cuideachta faoi theorainn ráthaíochta, is amhlaidh, de réir fhorálacha alt 1176 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, a shonrófar i Meabhrán Comhlachais na cuideachta sin go mbeidh dliteanas comhaltaí teoranta don mhéid a shonraítear (i.e., a ráthaítear) sa Mheabhrán.

Conas is féidir liom scor de bheith i mo chomhalta de chuideachta?

I gcuideachta faoi theorainn scaireanna, is é an próiseas trína scoireann duine de bheith ina c(h)omhalta ná tríd an scair/na scaireanna a aistriú (i.e., chuig duine eile nó chuig cuideachta). I gcineálacha eile cuideachta, ba cheart a leagan amach i mbunreacht na cuideachta an próiseas trínar féidir le comhalta éirí as a c(h)omhaltas.

Cad is stiúrthóir cuideachta ann?

Is é is stiúrthóir cuideachta ann ná duine a gceapann comhaltaí na cuideachta é/í chun an chuideachta a bhainistiú thar a c(h)eann.

Tá tuilleadh faisnéise faoi stiúrthóirí cuideachta ar fáil ar ár leathanach dar teideal ‘Faisnéis agus Treoir’.

An bhfuil sé amhlaidh gur gá do chuideachtaí stiúrthóirí a cheapadh?

Tá. Faoi dhlí na gcuideachtaí, ní mór do gach cuideachta stiúrthóirí a cheapadh (alt 128 d’Acht na gCuideachtaí, 2014). Ní mór do chuideachta phríobháideach faoi theorainn scaireanna (Teo.) stiúrthóir amháin ar a laghad a cheapadh. Ní mór do chineálacha eile cuideachtaí beirt stiúrthóirí ar a laghad a cheapadh. Is ar chomhaltaí agus/nó scairshealbhóirí na cuideachta atá an fhreagracht as stiúrthóirí a cheapadh.

Tá oibleagáid ar chuideachta fógra a thabhairt don Oifig um Chlárú Cuideachtaí i dtaobh aon athraithe ina stiúrthóirí laistigh de 14 lá.

Conas a cheaptar stiúrthóirí cuideachta?

Is iad na chéad stiúrthóirí de chuid cuideachta na daoine a thug a dtoiliú le teacht chun bheith ina stiúrthóirí agus tá siad liostaithe sna doiciméid chorprúcháin a comhdaíodh leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí. Sa chuid is mó de chuideachtaí, tarlaíonn aon cheapacháin agus aon éirí as ina dhiaidh sin ag Cruinniú Ginearálta Bliantúil (CGB) na cuideachta, áit a dtoghann na comhaltaí na stiúrthóirí. Más rud é go n-éiríonn stiúrthóir as oifig nó go bhfágann sé oifig le linn na bliana, féadfaidh an bord stiúrthóirí duine a chomhthoghadh chun an folúntas a líonadh go dtí an chéad CGB eile, tráth atá an duine ceaptha incháilithe lena (h)atoghadh.

De ghnáth, leagtar amach i mbunreacht na cuideachta í féin (Airteagail Chomhlachais) na rialacha le haghaidh stiúrthóirí a cheapadh agus le haghaidh stiúrthóirí d’éirí as oifig agus an t-íoslíon stiúrthóirí agus an t-uaslíon stiúrthóirí atá ceadaithe.

An bhfuil aon dualgais nó oibleagáidí ar leith ar stiúrthóirí cuideachta?

Tá. Déileáiltear le dualgais stiúrthóirí faoi Chaibidil 2 de Chuid 5 d’Acht na gCuideachtaí, 2014. Tá roinnt de na príomhdhualgais leagtha amach thíos. Ós réimse casta mionsonraithe é seo, ba cheart smaoineamh ar chomhairle neamhspleách a fháil chun amhras a sheachaint.

Tá dualgas ar gach stiúrthóir cuideachta a chinntiú go gcomhlíonann an chuideachta dlí na gcuideachtaí (alt 223(1) d’Acht na gCuideachtaí, 2014).

Faoi alt 224, áireofar leis na nithe a dtabharfaidh stiúrthóirí cuideachta aird orthu ag comhall a bhfeidhmeanna dóibh leasanna fhostaithe na cuideachta go ginearálta agus leas a comhaltaí. Is i leith na cuideachta agus na cuideachta amháin atá an dualgas sin atá ar na stiúrthóirí, áfach.

Leagtar amach in alt 228 ráiteas faoi na príomhdhualgais mhuiníneacha atá ar stiúrthóirí cuideachta. I measc na ndualgas sin tá an dualgas chun:

  • gníomhú de mheon macánta ar shlí a mheasfaidh an stiúrthóir a bheith ar mhaithe le leasanna na cuideachta;
  • gníomhú go macánta agus go freagrach i ndáil le seoladh chúrsaí na cuideachta; agus
  • cúram, scil agus dúthracht a fheidhmiú.

Agus iad ag toiliú le gníomhú mar stiúrthóir cuideachta, ceanglaítear ar gach duine an méid seo a leanas a dheimhniú: “Admhaím go bhfuil, mar stiúrthóir, dualgais agus oibleagáidí dlíthiúla orm a fhorchuirtear le hAcht na gCuideachtaí, le reachtanna eile agus faoin dlí coiteann”.

Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar ár leathanach dar teideal ‘Faisnéis agus Treoir’.

Cén áit ar féidir liom tuilleadh faisnéise a fháil faoi mo dhualgais mar stiúrthóir cuideachta?

D’ullmhaíomar sraith foilseachán chun cabhrú le stiúrthóirí cuideachta, i measc daoine eile, na freagrachtaí atá orthu faoi dhlí na gcuideachtaí a thuiscint. Ullmhaíodh na doiciméid sin d’fhonn achoimre atá áisiúil don úsáideoir a thabhairt ar na forálacha ar forálacha dlíthiúla níos casta iad.

Ba cheart d’aon duine atá in amhras faoina (h)oibleagáidí dlíthiúla smaoineamh ar chomhairle ghairmiúil neamhspleách a iarraidh.

Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar ár leathanach dar teideal ‘Faisnéis agus Treoir’.

An bhféadfaidh stiúrthóir iasacht a fháil ó chuideachta a bhfuil sé/sí ina stiúrthóir di?

Is réimse casta é seo agus, más infheidhme, ba cheart smaoineamh ar chomhairle neamhspleách a fháil.

Faoi Chaibidil 4 de Chuid 5 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, bíonn toirmeasc ar chuideachta go ginearálta ó iasachtaí (nó quasi-iasachtaí) a thabhairt do stiúrthóir nó do dhuine atá bainteach le stiúrthóir nó dul isteach in idirbheart creidmheasa nó i ráthaíocht lena soláthraítear slándáil chun leas na ndaoine sin. Mar sin féin, tá an riail ghinearálta sin faoi réir roinnt eisceachtaí. Áirítear na cásanna seo a leanas leis na heisceachtaí sin:

  • níl luach na comhshocraíochta níos mó ná 10% de shócmhainní iomchuí na cuideachta (is é an bhrí atá le sócmhainní iomchuí ná glansócmhainní na cuideachta mar atá sna ráitis airgeadais dheireanacha a leagadh os comhair na gcomhaltaí ag CGB nó, i gcás nár ullmhaíodh aon ráitis airgeadais, scairchaipiteal glaoite na cuideachta);
  • chuaigh an chuideachta isteach sa chomhshocraíocht sin de réir an “Nós Imeachta maidir le Ceadú Achomair” (tá tagairt ann in alt 202 d’Acht na gCuideachtaí, 2014);
  • is é atá sa chomhshocraíocht ná idirbheart idirghrúpa, ar idirbheart é le cuideachta sealbhaíochta, le fochuideachta, nó le fochuideachta de chuid a cuideachta sealbhaíochta;
  • déanann an chuideachta an t-idirbheart lena mbaineann i ngnáthchúrsa a gnó, agus ní fabhraí luach agus téarmaí an idirbhirt ná an luach sin nó na téarmaí sin a thairgeann an chuideachta de ghnáth; nó
  • baineann an t-idirbheart le caiteachais dheimhnithe stiúrthóirí a tabhaíodh go cuí.

Cad is duine bainteach ann?

Chun críocha Chuid 5 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, tá duine bainteach le stiúrthóir ar chuideachta más rud é, ach más rud é amháin, gurb é/í an duine (nach stiúrthóir ar an gcuideachta é/í féin):

  • céile, páirtnéir sibhialta, tuismitheoir, deartháir, deirfiúr nó leanbh an stiúrthóra sin é/í;
  • duine a ghníomhaíonn ina c(h)áil mar iontaobhaí aon iontaobhais, arb iad príomhthairbhithe an iontaobhais an stiúrthóir, céile, páirtnéir sibhialta nó aon leanbh de chuid an stiúrthóra sin nó aon chomhlacht corpraithe atá faoi rialú ag an stiúrthóir sin; nó
  • i gcomhpháirt leis an stiúrthóir (alt 220(1) d’Acht na gCuideachtaí, 2014).

An bhfuil sé amhlaidh go bhféadfaidh stiúrthóir a chur in iúl don Oifig um Chlárú Cuideachtaí gur éirigh sé/sí as oifig mar stiúrthóir má mhainníonn cuideachta déanamh amhlaidh?

Tá. I gcás go mainníonn cuideachta a chur in iúl don Oifig um Chlárú Cuideachtaí gur éirigh stiúrthóir (nó rúnaí) as oifig, féadfaidh an duine sin fógra a sheirbheáil ar an gcuideachta ina n-iarrtar ar an gcuideachta fógra a thabhairt don Oifig um Chlárú Cuideachtaí i dtaobh an éirí as oifig laistigh de 21 lá.

Má mhainníonn an chuideachta cloí leis an iarraidh sin, féadfaidh an duine cóip dá (h)éirí as oifig a chur ar aghaidh chuig an Oifig um Chlárú Cuideachtaí, mar aon le fógra i dtaobh cruthúnas ar an iarraidh ar an gcuideachta.

An bhféadfar stiúrthóir cuideachta a chur as oifig?

Féadfar, go ginearálta. Féadfaidh comhaltaí na cuideachta, le gnáthrún, stiúrthóir cuideachta a chur as oifig. Ceanglaítear fógra fadaithe 28 lá agus tá an stiúrthóir i dteideal éisteacht a fháil ar an rún ag an gcruinniú.

Maidir le stiúrthóir atá i seilbh oifige ar feadh an tsaoil (mar atá leagtha amach i mbunreacht na cuideachta), áfach, ní fhéadfar é/í a chur as oifig ach amháin má leantar an nós imeachta ceart le haghaidh an bunreacht a athrú.   

Ba cheart smaoineamh ar chomhairle neamhspleách a iarraidh maidir le saincheisteanna tromchúiseacha agus conspóideacha.

Cad is cúlstiúrthóir ann?

Is é is cúlstiúrthóir ann ná duine nár ceapadh go foirmiúil mar stiúrthóir ach ar gnách leis na stiúrthóirí ar chuideachta gníomhú de réir na n-ordachán nó na dtreoracha uaidh/uaithi. Maidir le duine a thugann comhairle ghairmiúil i gcáil ghairmiúil do na stiúrthóirí a ceapadh go foirmiúil ar chuideachta, ní fhéadfar é/í a mheas a bheith ina c(h)úlstiúrthóir, áfach.

Cad is stiúrthóir de facto ann?

Is é is stiúrthóir de facto ann ná duine atá i seilbh an phoist mar stiúrthóir ach nár ceapadh go foirmiúil. Murab ionann agus cúlstiúrthóir, oibríonn stiúrthóir de facto go hoscailte.

An bhfuil teorainn ann leis an líon stiúrthóireachtaí a fhéadfaidh duine a bheith aige/aici?

Tá. Mar riail ghinearálta, ní cheadaítear do dhuine a bheith ina stiúrthóir nó ina c(h)úlstiúrthóir ar níos mó ná 25 chuideachta ag an aon am amháin. Tá roinnt eisceachtaí ón riail sin ann, áfach. Mar shampla, caitear le grúpaí cuideachtaí amhail is dá mbeadh cuideachta amháin iontu agus eisiatar cuideachtaí ar dheimhnigh an Oifig um Chlárú Cuideachtaí mar chuideachtaí a bhfuil nasc réadach leanúnach acu le gníomhaíocht eacnamaíoch atá á seoladh sa Stát.

An bhfuil sé amhlaidh go gceanglaítear ar na stiúrthóirí uile ar chuideachtaí Éireannacha cónaí a bheith orthu sa Stát?

Níl. Ceanglaítear le dlí na gcuideachtaí gur cheart do chuideachta stiúrthóir amháin a bhfuil cónaí air/uirthi sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (Ballstáit an Aontais Eorpaigh móide an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua) a bheith aici. Mura bhfuil cónaí ar aon stiúrthóir sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, ní mór don chuideachta banna dar luach €25,000 a shealbhú. Más féidir le cuideachtaí a chruthú go bhfuil buanáit ghnó acu sa Stát, is féidir leo an oibleagáid sin a sheachaint freisin. Tá tuilleadh mionsonraí maidir leis na heisceachtaí sin ar fáil ar shuíomh Gréasáin na hOifige um Chlárú Cuideachtaí.

Cad is ciall le stiúrthóir a bheith srianta?

Is beart cosanta poiblí é srianadh agus baineann sé le cuideachtaí dócmhainneacha, i.e., cuideachtaí nach bhfuil in ann a bhfiacha a íoc de réir mar a bhíonn siad dlite. I gcás go dtéann cuideachta dhócmhainneach faoi leachtú nó faoi ghlacadóireacht, maidir le duine a bhí ina stiúrthóir (nó ina c(h)úlstiúrthóir) den chuideachta tráth an fhoirceanta, nó sa 12 mhí roimhe sin, a mhainníonn an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach nó an Ard-Chúirt a shásamh maidir le roinnt nithe, féadfar é/í a shrianadh.

Maireann srianadh tréimhse cúig bliana agus tá ainm daoine srianta ar chlár poiblí a ndéanann an Oifig um Chlárú Cuideachtaí é a chothabháil.

Ní mór don stiúrthóir a thaispeáint gur ghníomhaigh sé/sí go hionraic agus go freagrach. Ní mór don stiúrthóir a shuí freisin gur chomhoibrigh sé/sí leis an leachtaitheoir agus nach bhfuil aon chúis eile ann a mbeadh sé cuí agus cothromasach é/í a shrianadh. Tá sé faoin stiúrthóir na nithe sin a shuí.

In ionad iarratas a thabhairt chun na cúirte ar stiúrthóir cuideachta a shrianadh, is amhlaidh, ó achtú Acht na gCuideachtaí, 2014, i leith, a fhéadfaidh an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach gealltanais maidir le srian a thairiscint do stiúrthóirí ar chuideachtaí dócmhainneacha. I gcás go dtoilíonn stiúrthóir le gealltanas maidir le srian, ciallaíonn sé sin go ngabhann an stiúrthóir air/uirthi féin bheith faoi réir srianadh. Seachadann an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach fógra ar an stiúrthóir maidir leis an bhféidearthacht a bhaineann le toiliú le gealltanas maidir le srian, agus ní mór don stiúrthóir freagra a thabhairt ar an bhfógra sin laistigh de thréimhse ama shonraithe. Is ionann iarmhairtí an ghealltanais maidir le srian agus iad sin a bheadh ann dá mba rud é gur cuireadh an t-ordú sriantachta i bhfeidhm maidir leis an stiúrthóir le hordú cúirte.

Má tá sé/sí srianta, ní fhéadfaidh duine gníomhú mar stiúrthóir cuideachta (nó mar rúnaí) má chomhlíontar coinníollacha áirithe. Áirítear leis na coinníollacha sin go mbeadh scairchaipiteal íoctha (in airgead tirim) is ionann agus €100,000 (nó €500,000 i gcás cuideachta phoiblí) ag cuideachta a bhfuil an duine srianta ina stiúrthóir nó ina rúnaí di.

Is cion coiriúil é ordú sriantachta a shárú.

Cad is ciall le stiúrthóir a bheith dícháilithe?

Tá trí dhóigh ann a bhféadfar duine a dhícháiliú, eadhon (i) dícháiliú uathoibríoch; (ii) dícháiliú le hordú cúirte; agus (iii) dícháiliú trí ghlacadh le gealltanas maidir le dícháiliú ón Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach.

Dícháilítear duine go huathoibríoch má chiontaítear an duine sin ar díotáil (i.e., os comhair giúiré) in (i) aon chion faoi Acht na gCuideachtaí nó faoi aon achtachán eile, de réir mar a bheidh forordaithe, i ndáil le cuideachta; nó (ii) in aon chion lena ngabhann calaois nó mímhacántacht. Maireann dícháiliú uathoibríoch tréimhse cúig bliana nó cibé tréimhse is giorra nó is faide a chinnfidh an chúirt a bheith cuí.

Is féidir le dícháiliú le hordú cúirte teacht chun cinn, mar shampla, mar thoradh ar iarratas a bheith déanta chuig cúirt ag leachtaitheoir nó ag an Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach ar fhorais shonraithe. 

In imthosca áirithe ina measann an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach go bhfuil sé cuí an duine a dhícháiliú, féadfaidh sé deis a thabhairt don duine gealltanas maidir le dícháiliú a thabhairt in ionad dul tríd an bpróiseas cúirte. Más rud é go nglacann an duine leis an tairiscint agus go dtugann sé an gealltanas, measfar é/í a bheith dícháilithe ar feadh na tréimhse iomchuí.

Tá ainm daoine dícháilithe ar chlár poiblí a ndéanann an Oifig um Chlárú Cuideachtaí é a chothabháil.

Is cion coiriúil é ordú dícháilíochta a shárú.

Cá háit ar féidir liom mionsonraí faoi dhaoine srianta agus faoi dhaoine dícháilithe a fháil?

Déanann an Oifig um Chlárú Cuideachtaí cláir daoine srianta agus daoine dícháilithe a chothabháil.

Cad is rúnaí cuideachta ann?

Is é is rúnaí cuideachta ann ná duine (nó cuideachta) atá ceaptha chun riarachán na cuideachta a fhormhaoirsiú agus a ghníomhaíonn de réir threoracha na stiúrthóirí.

Tá tuilleadh faisnéise faoi rúnaithe cuideachta ar fáil ar ár leathanach dar teideal ‘Faisnéis agus Treoir’.

An bhfuil ceanglas ann go mbeadh rúnaí cuideachta ag cuideachta?

Tá. Ceanglaítear ar gach cuideachta rúnaí cuideachta a bheith acu. Cé go bhféadfaidh stiúrthóir fónamh mar rúnaí freisin, ní cheadaítear é sin i gcás nach bhfuil ach stiúrthóir amháin ag an gcuideachta. Féadfaidh cuideachta gníomhú mar rúnaí do chuideachta eile.

Conas a cheaptar an rúnaí cuideachta?

Is é an chéad rúnaí cuideachta an duine atá ainmnithe sna doiciméid chorprúcháin a chomhdaítear san Oifig um Chlárú Cuideachtaí. Is gnách gurb iad stiúrthóirí na cuideachta a dhéanann na cinntí ar cheapacháin an rúnaí cuideachta ina dhiaidh sin. Is gnách go leagtar amach i mbunreacht na cuideachta í féin na rialacha lena rialaítear an rúnaí.

An gá do rúnaithe cuideachta cáilíochtaí a bheith acu?

Ní gá, tríd is tríd. Níl aon cheanglas ann go mbeadh cáilíocht fhoirmiúil ag rúnaí cuideachta. Ní mór do stiúrthóirí na cuideachta a chinntiú, áfach, go bhfuil ag an rúnaí cuideachta na scileanna nó na hacmhainní is gá chun an ról a dhéanamh agus a d(h)ualgais a chomhlíonadh.

Leagtar amach in alt 1112 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, na ceanglais atá ar Rúnaí Cuideachta ar CPT. Is iad sin:

(1)   Beidh dualgas ar stiúrthóirí CPT a chinntiú go mbeidh ag an duine a cheapfar mar rúnaí na scileanna nó na hacmhainní is gá chun a dhualgais nó a dualgais reachtúla agus eile a chomhlíonadh agus go ndéanfaidh an duine de réir ceann amháin nó níos mó de na 3 choinníoll seo a leanas.

(2)   Is iad na coinníollacha sin: 

a.     gur shealbhaigh an duine oifig rúnaí ar chuideachta ar feadh 3 bliana ar a laghad de na 5 bliana díreach roimh a cheapachán nó a ceapachán mar rúnaí;

b.     gur comhalta é nó í an duine de chomhlacht atá aitheanta de thuras na huaire chun críocha an ailt seo ag an Aire;

c.     gur duine é nó í an duine ar dealraitheach, de bhua—

                                          i.    go sealbhaíonn, nó gur shealbhaigh sé nó sí, aon phost eile; nó

                                         ii.    gur comhalta é nó í d’aon chomhlacht eile;

do stiúrthóirí an CPT go bhfuil ar a chumas nó a cumas na dualgais dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a chomhlíonadh.

Cad is Cruinniú Ginearálta Bliantúil (CGB) ann?

Is é is cruinniú ginearálta de chuid cuideachta ann ná cruinniú de chuid chomhaltaí na cuideachta.

Go ginearálta, ceanglaítear ar chuideachtaí le dlí Cruinniú Ginearálta Bliantúil (CGB) a thionól gach bliain féilire. Ina theannta sin, níor cheart níos mó ná 15 mhí dul thart idir dáta aon CGB agus dáta an chéad CGB ina dhiaidh (alt 175 d’Acht na gCuideachtaí, 2014).

An bhféadfaidh cuideachta an ceanglas chun CGB a thionól a ligean thar ceal?

Féadfaidh cuideachtaí áirithe, amhail cuideachta comhalta aonair (i.e., cuideachta nach bhfuil ach comhalta amháin aici) agus cuideachtaí príobháideacha faoi theorainn scaireanna (Teo.), an ceanglas chun CGB a thionól a ligean thar ceal. Mar sin féin, tá feidhm ag rialacha speisialta i gcás go gcinneann cuideachta gan CGB a thionól.

I gcás cuideachta comhalta aonair, féadfaidh comhalta aonair na cuideachta a chinneadh gan CGB a thionól. Ní mór don chomhalta aonair scríobh chuig an gcuideachta chun an cinneadh ón gcomhalta gan CGB a thionól a chur in iúl di. Ceanglaítear ar an gcuideachta na ráitis airgeadais agus doiciméid eile a sheolfaí chuig an gcomhalta roimh an CGB de ghnáth a sheoladh chuig an gcomhalta (alt 196 d’Acht na gCuideachtaí, 2014).

I gcás cuideachta phríobháideach faoi theorainn scaireanna (Teo.), ní mór do chomhaltaí uile na cuideachta faoi theorainn scaireanna (i gcás go bhfuil níos mó ná comhalta amháin ann) ceadú agus síniú a dhéanamh ar rún scríofa gan CGB a thionól. Ní mór an rún a bheith ceadaithe roimh an dáta is déanaí le haghaidh an CGB a thionól, agus ní mór do gach comhalta a dheimhniú i scríbhinn go bhfuair siad ráitis airgeadais na cuideachta agus go gcomhaontaíonn siad leis na nithe uile eile a chinnfí de ghnáth ag an CGB.  Tá an rún sin chomh bailí agus amhail is dá mba rud é gur ritheadh é ag an CGB (alt 175(3) d’Acht na gCuideachtaí, 2014).

Ní fhéadfaidh cuideachtaí faoi theorainn ráthaíochta (CTR) a bhfuil níos mó ná comhalta amháin acu an ceanglas chun CGB a thionól a ligean thar ceal (alt 1202 d’Acht na gCuideachtaí, 2014).

Cad is glacadóir ann?

I gcás go bhfaigheann cuideachta iasacht, féadfar a fhoráil le téarmaí agus coinníollacha na hiasachta (an ionstraim):

  • go gcuirfear muirear ar shócmhainní uile na cuideachta is iasachtaí, nó ar roinnt díobh, mar chomhthaobhacht le haghaidh na hiasachta; agus
  • i gcás teagmhas truiceartha (e.g., ní dhéantar aisíocaíochtaí iasachta, bagraítear comhthaobhacht, etc.), go bhféadfaidh an t-iasachtóir glacadóir a cheapadh ar shócmhainní uile na cuideachta nó ar roinnt díobh.

Is é ról an ghlacadóra na sócmhainní i gceist a fháil agus cibé bearta is gá a dhéanamh (suas leis na sócmhainní muirearaithe a dhíol, agus an beart sin san áireamh) chun cistí an iasachtóra a ghnóthú.

Cad nach mór a bheith ar áireamh i bhfógra faoi CGB?

Ba cheart an dáta, an t-am agus an t-ionad le haghaidh an chruinnithe, an clár oibre (ina liostófar míreanna atá le plé agus a bhfuil vóta le caitheamh orthu ag an CGB), faisnéis faoi aon rúin speisialta atá le breithniú, cóip de na ráitis airgeadais atá le leagan os comhair an chruinnithe, agus nóta ina gcuirfear comhaltaí ar an eolas faoin gceart atá acu seachvótálaí a cheapadh (lena n-áireofar an fhoirm seachvóta) a bheith ar áireamh san fhógra faoin CGB.

An bhfuil sé amhlaidh gur cheart CGB a thionól sa Stát?

Tá. Ba cheart CGBanna a thionól sa Stát, seachas i gcás go gceadaítear a mhalairt leis na hAirteagail Chomhlachais agus, de bhreis air sin, go gcomhaontaíonn na comhaltaí uile go dtionólfaí an cruinniú lasmuigh den Stát.

An bhfuil sé amhlaidh go bhféadfar ceangal a chur ar chuideachta CGB a thionól má mhainníonn sí déanamh amhlaidh?

Tá. Má mhainníonn cuideachta CGB a thionól, féadfaidh aon chomhalta den chuideachta iarratas a dhéanamh chuig an Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach chun a iarraidh go ngairfí CGB. Is féidir mionsonraí a fháil faoi conas gearán a dhéanamh a aimsiú anseo.

Cé a fhéadfaidh glacadóir a cheapadh?

Is gnách gurb é an t-iasachtóir a cheapann glacadóirí, de réir na hionstraime iasachta.

De bhreis air sin, tá sé de chumhacht ag an Ard-Chúirt chun glacadóir a cheapadh i gcás cuí.

Cé a fhéadfar a cheapadh mar ghlacadóir?

Leagtar amach in Acht na gCuideachtaí, 2014, liosta díobh sin nach bhféadfar a cheapadh mar ghlacadóir. Áirítear leo sin:

  • comhlacht corpraithe;
  • féimheach neamhurscaoilte;
  • duine atá, nó a bhí, ina (h)oifigeach nó ina f(h)ostaí de chuid na cuideachta laistigh de 12 mhí ón nglacadóireacht;
  • duine atá bainteach (tuismitheoir, céile, páirtnéir sibhialta, deartháir, deirfiúr nó leanbh) le hoifigigh na cuideachta;
  • comhpháirtí nó fostaí de chuid oifigeach nó fostaí de chuid na cuideachta; agus,
  • aon duine atá dícháilithe ó bheith ina g(h)lacadóir ar fhochuideachta nó cuideachta sealbhaíochta de chuid na cuideachta.

 

Cé na cumhachtaí atá ag glacadóir?

Sonrófar cumhachtaí aon ghlacadóra arna cheapadh ag ordú cúirte san ordú cúirte. Tá ag glacadóirí na cumhachtaí a leagtar amach faoi alt 437 d’Acht na gCuideachtaí, 2014. Áirítear leis na cumhachtaí sin an chumhacht chun dul i seilbh nó rialú a ghlacadh ar mhaoin, an chumhacht chun maoin a léasú, an chumhacht chun maoin a dheisiú, an chumhacht chun fostaithe a fhruiliú nó a urscaoileadh, etc.

An bhfuil sé amhlaidh go bhféadfar cuideachta a leachtú nuair a cheaptar glacadóir?

Tá. Ceaptar glacadóir ar shócmhainní na cuideachta, ach ceaptar leachtaitheoir chun saol na cuideachta a thabhairt chun deiridh go ginearálta. Tríd is tríd, is féidir le glacadóir agus le leachtaitheoir gníomhú ag an aon am amháin ar shócmhainní na cuideachta agus ar an gcuideachta. Féadfaidh leachtaitheoir iarratas a dhéanamh chun na cúirte chun ordú lena dteorannófaí an ghlacadóireacht a lorg, áfach.

 

An bhfuil aon oibleagáid ar chuideachta a chur in iúl don phobal go bhfuil sí faoi ghlacadóireacht?

Tá. I gcás go gceaptar glacadóir, ní mór ráiteas ina gcuirtear in iúl gur ceapadh glacadóir a bheith ar áireamh i ngach sonrasc, ordú agus litir ghnó a eisíonn an chuideachta nó a eisítear thar ceann na cuideachta.

Ina theannta sin, ní mór don pháirtí atá ag ceapadh an ghlacadóra a eagrú go bhfoilseofaí fógra san Iris Oifigiúil faoi cheapadh an ghlacadóra agus fógra a sheachadadh ar an Oifig um Chlárú Cuideachtaí.

An bhfuil aon oibleagáidí ar ghlacadóirí tuairisciú don Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach?

Tá. Má dhealraíonn sé do ghlacadóir le linn na glacadóireachta go raibh aon iaroifigeach nó oifigeach reatha de chuid na cuideachta, nó aon chomhalta, ciontach i gcion maidir leis an gcuideachta, ceanglaítear ar an nglacadóir an ní a thuairisciú láithreach bonn don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.

I gcás go dtugann glacadóir tuairisc den sórt sin don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, tuairisceoidh an glacadóir an ní don Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach freisin (alt 447(3) d’Acht na gCuideachtaí, 2014).

An bhfuil sé amhlaidh go bhféadfaidh an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach a éileamh go dtabharfaí leabhair ghlacadóra ar aird?

Tá. Faoi alt 446 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, féadfaidh an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach éileamh ar ghlacadóir a leabhair a thabhairt ar aird lena scrúdú – bíodh sé maidir le glacadóireacht ar leith a ghabh an glacadóir de láimh nó maidir leis na glacadóireachtaí uile a ghabh an glacadóir de láimh.

Cad is scrúdaitheoir ann?

Is é is scrúdaitheoir ann ná duine atá ceaptha ag cúirt chun scrúdaitheoireacht a sheoladh. Tá freagracht ar scrúdaitheoir as cúrsaí na cuideachta a mheasúnú agus tuairisciú ar ionchais mharthanais na cuideachta agus ar na dálaí a theastaíonn chun marthanas na cuideachta a chinntiú.

Cad is scrúdaitheoireacht ann?

Is é is scrúdaitheoireacht ann ná próiseas faoina gcuirtear cuideachta atá i gcruachás airgeadais faoi chosaint na hArd-Chúirte le linn iarrachtaí a dhéanamh an chuideachta a tharrtháil. Fágann cosaint na cúirte nach bhféadfaidh na páirtithe bearta a dhéanamh chun saol na cuideachta a thabhairt chun deiridh ná a n-urrús a fhorghníomhú le linn thréimhse cosanta na scrúdaitheoireachta. Ina theannta sin, ní fhéadfar aon imeachtaí eile a thionscnamh in aghaidh na cuideachta gan cead a fháil ón gcúirt. 

Cé a fhéadfaidh iarratas a dhéanamh ar scrúdaitheoir a cheapadh?

Féadfaidh iad seo a leanas iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte chun go gceapfaí scrúdaitheoir chuig cuideachta atá i gcruachás airgeadais:

  • an chuideachta í féin;
  • stiúrthóirí na cuideachta;
  • aon chreidiúnaí agus aon chreidiúnaí teagmhasach nó ionchasach (lena n-áirítear fostaí) de chuid na cuideachta; agus
  • comhalta nó comhaltaí den chuideachta a shealbhaíonn méid nach lú ná 10% den scairchaipiteal íoctha lena ngabhann cearta vótála i gcruinnithe ginearálta. 

Cén bonn ar a bhféadfaidh an Ard-Chúirt scrúdaitheoir a cheapadh?

Foráiltear le halt 509 d’Acht na gCuideachtaí, 2014:

  1. i gcás go ndealróidh sé don chúirt nach féidir, nó gur dóigh nach féidir, le cuideachta a fiacha a íoc,
  2. féadfaidh an chúirt (ach ní gá di – tá lánrogha ag an gCúirt chuige sin) scrúdaitheoir a cheapadh chun staid chúrsaí na cuideachta a scrúdú;
  3. ní dhéanfaidh an chúirt scrúdaitheoir a cheapadh chuig cuideachta mura deimhin léi go bhfuil seans réasúnach ann go mairfidh an chuideachta mar ghnóthas leantach. 

An bhfuil ról sa scrúdaitheoireacht ag an gCúirt Chuarda?

Tá. De réir alt 509(7) d’Acht na gCuideachtaí, 2014, i gcás go bhfuiltear le caitheamh le cuideachta amhail is dá mba chuideachta “bheag” í (de réir alt 280A nó 280B), tá dlínse ag an gCúirt i dtaca le déileáil le nithe scrúdaitheoireachta. Tagann gach cuideachta eile faoi dhlínse na hArd-Chúirte. 

 

An bhfuil sé amhlaidh go bhféadfar glacadóir a cheapadh le linn scrúdaitheoireachta?

Níl. Le linn na tréimhse ina bhfuil cuideachta faoi ghlacadóireacht agus faoi chosaint na cúirte, ní fhéadfaidh páirtithe imeachtaí a thionscnamh ná glacadóir a cheapadh.

Más rud é, áfach, gur ceapadh glacadóir ar mhaoin na cuideachta cheana féin agus go ndeachaigh trí lá thart roimh an achainí chun scrúdaitheoir a cheapadh, ní dhéanfaidh an chúirt an scrúdaitheoir a cheapadh. 

Cad is Cruinniú Ginearálta Urghnách (CGU) ann?

Is CGUnna iad na cruinnithe ginearálta uile de chuid cuideachta, seachas an CGB.

Féadfaidh na stiúrthóirí CGU a chomóradh aon uair is cuí leo. Féadfaidh comhalta, nó comhaltaí, den chuideachta a shealbhaíonn méid nach lú ná 50% de scairchaipiteal íoctha na cuideachta CGU a chomóradh freisin.

An bhféadfar leachtú agus scrúdaitheoireacht a sheoladh ag an aon am amháin?

Ní dhéanfaidh an chúirt scrúdaitheoir a cheapadh má tá rún ann an chuideachta a fhoirceannadh, lena n-áirítear má ceapadh leachtaitheoir ar an gcuideachta. 

Cé na ceanglais atá i bhfeidhm chun a chinntiú go gcuirfear an pobal ar an eolas go bhfuil cuideachta faoi scrúdaitheoireacht?

I gcás go ndéantar iarratas ar scrúdaitheoir a cheapadh, ceanglaítear ar an iarratasóir an méid sin a chur in iúl don Oifig um Chlárú Cuideachtaí.

I gcás go gceaptar scrúdaitheoir, ceanglaítear ar an scrúdaitheoir fógra ina thaobh sin a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus in dhá nuachtán laethúla ar a laghad.

I gcás go gcuirtear cuideachta faoi scrúdaitheoireacht, ceanglaítear na focail “faoi scrúdú faoi Chuid 10 d’Acht na gCuideachtaí, 2014” a chur ar áireamh go díreach tar éis ainm na cuideachta i ngach sonrasc, ordú agus litir ghnó a eisíonn an chuideachta nó a eisítear thar ceann na cuideachta. Tá feidhm ag an gceanglas céanna maidir le suíomh Gréasáin na cuideachta agus le gach ríomhphost a eisíonn sí (alt 531 d’Acht na gCuideachtaí, 2014).

Cé na tréimhsí fógra le haghaidh cruinnithe ginearálta?

Mura bhforáiltear do thréimhsí is faide le bunreacht cuideachta:

  • ceanglaítear fógra 21 lá le haghaidh CGB;
  • ceanglaítear fógra seacht lá le haghaidh CGU; agus
  • ceanglaítear fógra 21 lá le haghaidh CGU ag a bhfuil rún speisialta le breithniú.

Ní áirítear sna tréimhsí fógra sin an lá a eisítear fógra i dtaobh an chruinnithe ná lá an chruinnithe.

Maidir le cruinniú a ghairtear le fógra is giorra, áfach, measfar go ndearnadh é a ghairm go cuí má dhéanann na daoine seo a leanas é a chomhaontú amhlaidh: (i) na comhaltaí go léir a bheidh i dteideal a bheith i láthair agus vótáil ag an gcruinniú; agus (ii) iniúchóirí na cuideachta (mura mbeidh aon iniúchóirí ceaptha de chionn an chuideachta do bhaint leas as an díolúine ó iniúchadh).

I gcás go bhfuil stiúrthóir a chur as oifig le breithniú ag cruinniú, ceanglaítear fógra fadtréimhse 28 lá le haghaidh cruinniú den sórt sin.

Conas ba cheart do chomhaltaí fógra i dtaobh cruinnithe a fháil?

Féadfaidh cuideachta an fógra scríofa a sheirbheáil ar chomhaltaí mar a leanas:

      i.        an fógra a thabhairt de láimh don chomhalta;

     ii.        an fógra a chur leis an bpost; nó

    iii.        an fógra a sheoladh go leictreonach, má cheadaítear amhlaidh le rialacha na cuideachta.

Mura gceadaítear le rialacha na cuideachta don chuideachta fógraí a sheoladh go leictreonach, féadfaidh na comhaltaí na rialacha a athrú ina leith sin. Chun déanamh amhlaidh, ní mór don chuideachta togra a chur i láthair na gcomhaltaí chun vótáil air ag CGB nó ag CGU. Chun go rithfí an togra, ní mór do 75% ar a laghad díobh sin atá ag vótáil ag an gcruinniú an t-athrú a cheadú (alt 218 d’Acht na gCuideachtaí, 2014).

Cad is SCARP ann?

Is é is an Próiseas Tarrthála Riaracháin le haghaidh Cuideachtaí Beaga (“SCARP”) ann ná próiseas a tugadh isteach le hAcht na gCuideachtaí (Próiseas Tarrthála le haghaidh Cuideachtaí Beaga agus Micreachuideachtaí), 2021 (“Acht SCARP”), chun freastal ar riachtanais na gcuideachtaí beaga agus na micreachuideachtaí a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu. Cé go bhfuil an próiseas cosúil le próiseas na scrúdaitheoireachta, tá sé i bhfoirm shimplithe, rud a laghdaíonn an gá le rannpháirtíocht na cúirte. Is é an rún atá taobh thiar de SCARP ná an próiseas a dhéanamh níos tapa agus níos neamhchostasaí ná scrúdaitheoireacht do chuideachtaí beaga agus do mhicreachuideachtaí.

Cad is córam cruinnithe ann?

Is é is córam ann ná an líon íosta comhaltaí nach mór dóibh a bheith i láthair ag cruinniú (go pearsanta nó trí sheachvótálaí) chun go mbeadh sé ina chruinniú bailí. Is é comhalta amháin an córam le haghaidh cuideachta comhalta aonair agus is é beirt chomhaltaí an córam le haghaidh gach cineáil cuideachta eile.  

Féadfaidh cuideachta, áfach, líon is airde mar chóram di a shocrú ina bunreacht (alt 182 d’Acht na gCuideachtaí, 2014).

Cad é an staid mura bhfuil córam i láthair ag cruinniú?

Mura bhfuil córam i láthair laistigh de 15 nóiméad ó am tosaithe sceidealaithe an chruinnithe, ní fhéadfar aon ghnó a dhéanamh agus beidh an cruinniú ar atráth.

Mura bhfuil córam i láthair ag an gcruinniú athghairthe laistigh de 30 nóiméad ón am tosaithe sceidealaithe, beidh na comhaltaí atá i láthair ar an gcóram agus féadfar leanúint leis an gcruinniú.

Cad is seachvótálaí ann?

Aon chomhalta de chuideachta a bheidh i dteideal a bheith i láthair agus vótáil ag cruinniú den chuideachta, beidh sé/sí i dteideal duine eile a cheapadh chun a bheith ina s(h)eachvótálaí dó/di chun bheith i láthair ag an gcruinniú (alt 183 d’Acht na gCuideachtaí, 2014). 

Cé na cearta atá ag seachvótálaí?

Tá ag seachvótálaí na cearta céanna agus atá ag an gcomhalta a cheap é/í chun bheith i láthair, labhairt agus vótáil ag an gcruinniú (alt 183 d’Acht na gCuideachtaí, 2014). Níl aon cheart ag seachvótálaí chun cathaoirleacht a dhéanamh ar an gcruinniú, áfach.  

An bhfuil aon cheanglais ann maidir le miontuairiscí ar chruinnithe ginearálta?

Tá. Is fianaise ar na cruinnithe de chuid cuideachta agus ar na cinntí a dhéantar ag na cruinnithe sin iad miontuairiscí. Ceanglaítear miontuairiscí ar chruinnithe ginearálta a choimeád faoi alt 199 d’Acht na gCuideachtaí, 2014. Cinneann an chuideachta cé a choimeádfaidh na miontuairiscí ar chruinnithe (an rúnaí cuideachta de ghnáth) agus cá háit a bhfuil na miontuairiscí le coimeád (ba cheart na miontuairiscí uile a choimeád san aon áit amháin).

Tá an ceart ag aon chomhalta den chuideachta miontuairiscí ar chruinnithe ginearálta agus rúin den chuideachta a iniúchadh agus cóipeanna a fháil díobh sin (ailt 215-217 d’Acht na gCuideachtaí, 2014).

Mura gcomhlíonann cuideachta iarraidh ó chomhalta ar chóip de na miontuairiscí ar chruinniú ginearálta, beidh an chuideachta agus aon oifigeach den chuideachta a rinne mainneachtain ciontach i gcion de chuid earnáil 3 (alt 217 d’Acht na gCuideachtaí, 2014).

Faoi alt 199(5) d’Acht na gCuideachtaí, 2014, féadfaidh an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach a éileamh go dtabharfaí miontuairiscí cuideachta ar chruinnithe ginearálta ar aird dó. Is cion é gan ordachán den sórt sin a chomhlíonadh. 

Cad is gnáthrún ann?

Is é is gnáthrún ann ná rún (nó cinneadh) a ritear le tromlach simplí de na vótaí a chaitheann na comhaltaí den chuideachta a vótálann go pearsanta nó trí sheachvótálaí ag cruinniú ginearálta de chuid na cuideachta. 

Cé na critéir incháilitheachta le haghaidh leas a bhaint as SCARP?

Gné lárnach de SCARP is ea gurb iad stiúrthóirí na cuideachta a thionscnaíonn é, gan an gá le hiarratas a dhéanamh chun na cúirte. Sula dtionscnófar é, ní mór do stiúrthóirí na cuideachta measúnú a dhéanamh ar incháilitheacht na cuideachta mar chéad chéim.

  • Chun go mbeidh sí incháilithe le haghaidh leas a bhaint as SCARP, ní mór do chuideachta na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:
    • ní mór í a bheith ina cuideachta bheag nó ina micreachuideachta, mar a shainmhínítear le hAcht na gCuideachtaí, 2014. Is é is cuideachta bheag nó micreachuideachta ann ná cuideachta a chomhlíonann dhá cheann de na critéir seo a leanas: 
    • níl níos mó ná 50 fostaí ag an gcuideachta;
    • ní mó láimhdeachas na cuideachta ná €12m;
    • ní mó iomlán chlár comhardaithe na cuideachta ná €6m.
  • ní féidir, nó is dóigh nach féidir, leis an gcuideachta a fiacha a íoc;
  • níl an chuideachta faoi leachtú;
  • ní mór nár cheap an chuideachta aon scrúdaitheoir ná aon chomhairleoir próisis le cúig bliana anuas; agus
  • má ceapadh glacadóir chuig an gcuideachta, ní bheidh an chuideachta incháilithe le haghaidh SCARP ach amháin i gcás gur ceapadh an glacadóir ar feadh tréimhse nach lú ná trí lá oibre.

Cad is rún speisialta ann?

Is é is rún speisialta ann ná rún (nó cinneadh) a cheanglaítear (i.e., le hAcht na gCuideachtaí, 2014, le bunreacht na cuideachta nó ar shlí eile) atá le rith ag méid nach lú ná 75% de na comhaltaí den chuideachta a vótálann go pearsanta nó trí sheachvótálaí ag an gcruinniú.

Cad is ról tosaigh an chomhairleora próisis ann?

Is é is an comhairleoir próisis ann ná gairmí atá cáilithe go hoiriúnach agus atá ceaptha ag stiúrthóirí na cuideachta chun plean tarrthála a ullmhú agus a eagrú don chuideachta chun a marthanas a chinntiú. Is é an ról tosaigh atá aige/aici, áfach, ná a mheasúnú an bhfuil ionchas réasúnach marthanais ag an gcuideachta agus cé na bearta is gá a dhéanamh chun an marthanas sin a bhaint amach.

Chun go mbeidh sé/sí incháilithe lena c(h)eapadh mar chomhairleoir próisis, ní mór do dhuine a bheith cáilithe, de réir alt 633 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, chun gníomhú mar leachtaitheoir.

Cad é an bonn ar a gcinneann an comhairleoir próisis cé acu atá nó nach bhfuil ionchas réasúnach marthanais mar ghnóthas leantach ag an gcuideachta?

Le linn dó/di teacht ar thuairim maidir le cé acu atá nó nach bhfuil ionchas réasúnach marthanais mar ghnóthas leantach ag an gcuideachta, scrúdóidh an comhairleoir próisis an fhaisnéis airgeadais agus an fhaisnéis iomchuí eile arna soláthar ag an gcuideachta.

De réir alt 558C d’Acht na gCuideachtaí, 2014 (arna chur isteach le halt 3 d’Acht SCARP), tabharfaidh an comhairleoir próisis aird ar an Ráiteas maidir le Cúrsaí (arb é atá ann go bunúsach ná liosta de shócmhainní agus dliteanais na cuideachta arna n-ullmhú ag na stiúrthóirí) agus ar nithe sonraithe áirithe eile a mhéid a dhealraíonn siad a bheith ábhartha don chomhairleoir próisis. Áirítear leis na nithe sonraithe sin:

  • cineál ghnó na cuideachta agus na hionchais ina leith;
  • an fháil ar chistiú;
  • struchtúr costais na cuideachta; agus
  • na mórchúinsí eacnamaíochta.

Cad a tharlóidh má thagann an comhairleoir próisis ar an tuairim go bhfuil ionchas réasúnach marthanais mar ghnóthas leantach ag an gcuideachta?

Má thagann an comhairleoir próisis ar an tuairim go bhfuil ionchas réasúnach marthanais mar ghnóthas leantach ag an gcuideachta, ullmhóidh sé/sí tuarascáil chuige sin agus cuirfidh sé/sí an tuarascáil sin faoi bhráid na stiúrthóirí. Ní mór na nithe seo a leanas a leagan amach sa tuarascáil freisin:

  • na moltaí ón gcomhairleoir próisis maidir leis an ngníomhaíocht ba cheart a dhéanamh agus maidir leis na nithe ba cheart a chur san áireamh le linn plean tarrthála a fhorbairt;
  • mionsonraí faoi mhéid an chistiúcháin a theastaíonn chun cur ar chumas na cuideachta leanúint ar aghaidh ag trádáil le linn na tréimhse tarrthála (agus foinse/foinsí an chistiúcháin sin); agus
  • moltaí an chomhairleora próisis maidir le cé na dliteanais a tabhaíodh roimh cheapadh an chomhairleora próisis ba cheart a íoc.

I gcás go gcuireann an comhairleoir próisis tuarascáil den sórt sin faoi bhráid na stiúrthóirí, féadfaidh sé/sí cruinniú de na stiúrthóirí a ghairm ag a mbreithneofar rún chun an comhairleoir próisis a cheapadh. Tionólfar aon chruinniú den sórt sin laistigh de sheacht lá ón tuarascáil a fháil.

 

Cad a tharlóidh má cheapann na stiúrthóirí comhairleoir próisis?

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara gurb amhlaidh, ar fud an phróisis, atá dualgas ar an gcomhairleoir próisis an cinneadh uaidh/uaithi go bhfuil ionchas réasúnach marthanais mar ghnóthas leantach ag an gcuideachta a choinneáil faoi athbhreithniú. Más rud é, ag aon tráth le linn an phróisis, go gcinneann an comhairleoir próisis nach bhfuil ionchas réasúnach marthanais ann a thuilleadh, beidh dualgas air/uirthi (i) fógra a thabhairt do na stiúrthóirí dá réir sin; agus, (ii) éirí as a p(h)ost mar chomhairleoir próisis.

A luaithe is indéanta tar éis ceapadh ag na stiúrthóirí, ceanglaítear ar an gcomhairleoir próisis seoltaí ríomhphoist a iarraidh ó na páirtithe seo a leanas:

  • fostaithe na cuideachta;
  • comhaltaí na cuideachta;
  • creidiúnaithe na cuideachta; agus
  • na Coimisinéirí Ioncaim.

Ceanglaítear ar an gcomhairleoir próisis freisin, laistigh de dhá lá óna c(h)eapadh, fógra a thabhairt don Oifig um Chlárú Cuideachtaí agus don chúirt iomchuí (i.e., an Chúirt Chuarda nó an Ard-Chúirt, ag brath ar mhéid na cuideachta) i dtaobh a c(h)eapacháin agus socruithe a dhéanamh le haghaidh fógra i dtaobh a c(h)eapacháin a fhoilsiú san Iris Oifigiúil.

Ceanglaítear ar na stiúrthóirí, laistigh de 48 n-uaire an chloig ón gceapachán, fógra (san fhoirm fhorordaithe) i dtaobh cheapadh an chomhairleora próisis a chur ar shuíomh Gréasáin na cuideachta (in áit fheiceálach ar féidir teacht go héasca uirthi). Ceanglaítear an fógra sin a choinneáil ar an suíomh Gréasáin ar feadh fhad an phróisis tarrthála.

Laistigh de chúig lá ón gceapachán, ceanglaítear ar an gcomhairleoir próisis fógra a eisiúint (san fhoirm fhorordaithe) chuig fostaithe agus creidiúnaithe na cuideachta, agus chuig na Coimisinéirí Ioncaim, ina leagtar amach faisnéis áirithe agus lena gceanglaítear ar na páirtithe sin mionsonraí a thabhairt faoi fhiacha atá gan íoc. Ceanglaítear ar an gcomhairleoir próisis freisin teagmháil a dhéanamh leis na creidiúnaithe in-eisiata uile (ar creidiúnaithe Stáit iad de ghnáth) chun a shuí an féidir nó nach féidir a bhfiacha a chur ar áireamh sa phlean tarrthála. Leagtar amach in alt 558L d’Acht na gCuideachtaí, 2014 (arna chur isteach le halt 3 d’Acht SCARP), na forais ar a bhféadfaidh creidiúnaí in-eisiata agóid a dhéanamh i gcoinne a bhfiach a bheith curtha ar áireamh sa phlean tarrthála.

 

Cé na hoibleagáidí atá ar an gComhairleoir Próisis maidir le plean tarrthála?

A luaithe is féidir tar éis ceapacháin, ceanglaítear ar an gcomhairleoir próisis plean tarrthála a ullmhú don chuideachta. Ceanglaítear an méid seo a leanas a dhéanamh leis an bplean tarrthála:

  • gach aicme comhaltaí agus creidiúnaithe de chuid na cuideachta a shonrú;
  • aon aicme comhaltaí nó creidiúnaithe nach ndéanfadh an plean tarrthála beartaithe dochar dá leasanna a shonrú;
  • a chothrom de chóir a chur ar fáil do na comhaltaí de gach aicme comhaltaí agus creidiúnaithe, mura gcomhaontaíonn comhalta ar leith d’aicme ar chóir is lú fabhar a fháil;
  • má mheasann an comhairleoir próisis gur gá déanamh amhlaidh chun marthanas na cuideachta a éascú, cibé athruithe ba chóir a dhéanamh i ndáil le bainistíocht nó stiúradh na cuideachta a shonrú;
  • má mheasann an comhairleoir próisis gur gá déanamh amhlaidh chun marthanas na cuideachta a éascú, cibé athruithe ba chóir a dhéanamh i ndáil le bunreacht na cuideachta a shonrú; agus
  • oláthar a dhéanamh dá chur chun feidhme agus don chreat ama gaolmhar.

Cad a tharlóidh mura bhfuil an comhairleoir próisis in ann plean tarrthála a ullmhú?

Mura bhfuil an comhairleoir próisis in ann plean tarrthála a ullmhú, ceanglófar ar an gcomhairleoir próisis, a luaithe is indéanta tar éis dó/di teacht ar an eolas faoin bhfíoras sin, tuarascáil a ullmhú chuige sin agus cóip den tuarascáil sin a thabhairt do na stiúrthóirí. Ceanglófar ar an gcomhairleoir próisis freisin fógra a thabhairt d’fhostaithe agus creidiúnaithe na cuideachta, agus do na Coimisinéirí Ioncaim, i dtaobh an fhíorais nach rabhthas in ann plean tarrthála a ullmhú.

 

Cad atá i gceist leis an bpróiseas um plean tarrthála a bhreithniú agus a cheadú?

A luaithe is indéanta tar éis plean tarrthála a ullmhú, ceanglaítear ar an gcomhairleoir próisis cruinnithe de chomhaltaí agus creidiúnaithe na cuideachta a chomóradh chun an plean tarrthála a bhreithniú. Ceanglaítear na cruinnithe a chomóradh tráth nach déanaí ná 49 lá tar éis an comhairleoir próisis a bheith ceaptha ag na stiúrthóirí.

Leagtar na ceanglais fógra le haghaidh an chruinnithe/na gcruinnithe amach in alt 558U d’Acht na gCuideachtaí, 2014 (arna chur isteach le halt 3 d’Acht SCARP). Mar achoimre, ceanglaítear na nithe seo a leanas a bheith ag gabháil le fógra i dtaobh an chruinnithe/na gcruinnithe:

  • cóip den phlean tarrthála
  • ráiteas faoi shócmhainní agus dliteanais na cuideachta amhail an dáta ar ar ullmhaíodh an plean tarrthála;
  • tuairisc ar an toradh airgeadais is dócha a bheidh ar fhoirceannadh nó ar ghlacadóireacht i gcás gach aicme comhaltaí agus creidiúnaithe; agus
  • ráiteas ón gComhairleoir Próisis ina leagtar amach:
    • éifeacht an phlean tarrthála;
    • na cúiseanna a bhfuil sé cothrom agus cothromasach agus nach ndéanann sé dochar míchothrom;
    • na hiarmhairtí is dócha a bheidh ar mhainneachtain an plean a cheadú (lena n-áirítear foirceannadh nó glacadóireacht);
    • faisnéis maidir le haon athruithe i ndáil le bainistíocht nó stiúradh na cuideachta a shonraítear sa phlean tarrthála;
    • ráiteas ina leagtar amach aon leasanna ábhartha atá ag stiúrthóirí na cuideachta agus éifeacht an phlean tarrthála ar na leasanna sin, sa mhéid nach ionann an éifeacht sin agus an éifeacht ar a samhail de leasanna ag daoine eile;
    • faisnéis faoin nós imeachta le haghaidh comhaontú leis an bplean tarrthála, leasuithe ar an bplean tarrthála a mholadh nó agóid a dhéanamh i gcoinne an phlean tarrthála ag an gcruinniú;
    • ráiteas faoi na táillí is iníoctha leis an gComhairleoir Próisis agus faoi na costais agus caiteachais a thabhaigh an Comhairleoir Próisis (ag céim an réamh-mheasúnaithe agus tar éis a c(h)eaptha ag na stiúrthóirí araon);
    • ráiteas faoi na táillí breise a bheadh iníoctha leis an gComhairleoir Próisis agus faoi na costais agus caiteachais a bheadh tabhaithe ag an gComhairleoir Próisis dá mba rud é go gceadófaí/nach gceadófaí an plean tarrthála.

Faoi réir na gceanglas córaim a bheith comhlíonta (ar ceanglais iad a leagtar amach in alt 558V d’Acht na gCuideachtaí, 2014 (arna chur isteach le halt 3 d’Acht SCARP), agus de réir alt 558Y(4), measfar gur glacadh le plean tarrthála ag cruinniú de na comhaltaí nó na creidiúnaithe i gcás gur vótáil 60% de réir lín is ionann agus tromlach i luach na n-éileamh arna n-ionadú ag an gcruinniú i bhfabhar an rúin le haghaidh an phlean tarrthála.

Má cheadaítear plean tarrthála agus mura ndéantar aon agóid, beidh sé ina cheangal orthu seo a leanas:

  • na comhaltaí uile a ndéanfaidh an plean tarrthála difear dóibh;
  • na creidiúnaithe uile a ndéanfaidh an plean tarrthála difear dóibh;
  • an chuideachta; agus
  • stiúrthóirí na cuideachta.

Chun go gceadófar é, ní mór glacadh leis an bplean tarrthála a bheith tugtha ag aicme creidiúnaithe amháin ar a laghad a ndéanfadh cur chun feidhme an phlean tarrthála dochar dá leasanna nó dá n-éilimh. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara, dá bhrí sin, nach gá plean tarrthála a bheith ceadaithe ag gach aicme creidiúnaithe. Ina ionad sin, ní gá é a bheith ceadaithe ach amháin ag aicme amháin de chreidiúnaithe a ndéantar difear dóibh.

Cé na hoibleagáidí a bheidh ar an gcomhairleoir próisis má cheadaítear an plean tarrthála?

Má cheadaítear an plean tarrthála, déanfaidh an comhairleoir próisis an méid seo a leanas laistigh de 48 n-uaire an chloig:

  • fógra i dtaobh an cheadaithe a thabhairt d’fhostaithe na cuideachta, do na Coimisinéirí Ioncaim agus d’aon chreidiúnaí nó comhalta a ndéanfaí dochar dá leasanna dá mba rud é go gcuirfí an plean chun feidhme. Ní mór cóip den phlean tarrthála, faisnéis maidir leis an nós imeachta atá le leanúint chun agóid a thaisceadh i gcoinne an phlean tarrthála (rud nach mór a dhéanamh laistigh de 21 lá), agus fógra á rá go dtiocfaidh an plean tarrthála chun bheith ina cheangal mura ndéantar aon agóid laistigh den tréimhse 21 lá, i measc nithe eile, a bheith ag gabháil le fógra den sórt sin;
  • fógra i dtaobh cheadú an phlean tarrthála a sheachadadh ar an Oifig um Chlárú Cuideachtaí; agus,
  • fógra i dtaobh cheadú an phlean tarrthála a chomhdú leis an gcúirt iomchuí.

 

An bhfuil sé amhlaidh go bhféadfaidh comhalta nó creidiúnaí a bhféadfadh go ndéanfaí difear dó/di agóid a dhéanamh i gcoinne plean tarrthála?

Tá. De réir alt 558ZC d’Acht na gCuideachtaí, 2014, féadfaidh comhalta nó creidiúnaí a bhféadfadh go ndéanfaí difear dó/di agóid a dhéanamh i gcoinne plean tarrthála laistigh de 21 lá ón bplean a bheith ceadaithe.

Ní mór agóid a leagan amach san fhoirm fhorordaithe agus a sheoladh chuig an gcomhairleoir próisis agus chuig an gcúirt iomchuí. Cé go bhfuil roinnt foras ann a bhféadfaidh agóid a bheith bunaithe orthu, baineann siad go bunúsach le dearbhuithe go bhfuil an plean éagóir nó éagothromasach nó go raibh roinnt míchuibhis nó mírialtachta ann sa phróiseas.

Má tharraingítear agóid anuas, dúiseofar leis sin go huathoibríoch próiseas trína n-éistfidh an chúirt iomchuí an agóid.

An gá plean tarrthála a bheith ceadaithe ag an gcúirt?

De réir alt 558ZB d’Acht na gCuideachtaí, 2014 (arna chur isteach le halt 3 d’Acht SCARP), tiocfaidh plean tarrthála chun bheith ina cheangal 21 lá tar éis fógra i dtaobh ceadaithe a chomhdú leis an gcúirt iomchuí, ar choinníoll nár taisceadh aon agóid.

I gcás go dtaisctear agóid laistigh den tréimhse 21 lá, éistfidh an chúirt iomchuí an ní.

An bhfuil sé amhlaidh go bhféadfaidh páirtí agóid a dhéanamh i gcoinne an phlean tarrthála tar éis an tréimhse 21 lá chun agóid a thaisceadh a bheith caite?

Tá. Féadfaidh an chuideachta agus/nó páirtí leasmhar iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar an bplean tarrthála a aisghairm laistigh de 180 lá tar éis éifeacht a ghabháil leis ar fhorais gur soláthraíodh an plean trí chalaois. Má aisghaireann cúirt an plean tarrthála ar na forais sin, is amhlaidh, a luaithe is indéanta tar éis na haisghairme, nach mór do dhuine ar thug an chúirt ordachán dó/di déanamh amhlaidh cóip dheimhnithe den ordú cúirte a sheachadadh ar an Oifig um Chlárú Cuideachtaí agus ar an Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach.

An bhfuil an chosaint chéanna ar imeachtaí ann faoi SCARP agus atá ann don scrúdaitheoireacht?

Níl. Áirítear le SCARP an fhéidearthacht go ndéanfadh páirtithe sonraithe (an comhairleoir próisis, an chuideachta agus stiúrthóirí na cuideachta) iarratas a dhéanamh ar an gcúirt iomchuí chun imeachtaí a bhacadh nó imeachtaí arna n-eisiúint in aghaidh na cuideachta a shrianadh; cosc a chur ar ghlacadóir a cheapadh ar mhaoin na cuideachta; cosc a chur ar athshealbhú aon mhaoine de chuid na cuideachta; cosc a chur ar scairshealbhóirí cosaint a lorg ar leatrom, etc. Murab ionann agus an scrúdaitheoireacht, ní cosaint uathoibríoch í an chosaint sin ar imeachtaí.

An bhfuil aon oibleagáidí ar chomhairleoirí próisis tuairisciú don Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach?

Tá. Ceanglaítear ar chomhairleoir próisis cóip den tuairisc uaidh/uaithi a sholáthar don Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach, mar a ullmhaíodh de réir alt 558ZA d’Acht na gCuideachtaí, 2014 (arna chur isteach le halt 3 d’Acht SCARP).

De réir alt 558ZR d’Acht na gCuideachtaí, 2014 (arna chur isteach le halt 3 d’Acht SCARP), i gcás go ndealraíonn sé do chomhairleoir próisis tráth ar bith le linn na tréimhse tarrthála go raibh aon iaroifigeach nó oifigeach reatha, nó aon chomhalta, de chuid na cuideachta ciontach in aon chion maidir leis an gcuideachta, déanfaidh an comhairleoir próisis an ní a thuairisciú láithreach bonn don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.  

I gcás go ndéantar tuairisciú den sórt sin, ní mór é a sheoladh chuig an Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach freisin. I gcás go ndéantar tuairisciú den sórt sin don Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach, ceanglaítear ar an gcomhairleoir próisis cibé faisnéis a theastaíonn ón Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach a thabhairt don Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach.

An bhfuil aon chumhachtaí eile ag an Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach i ndáil le próiseas SCARP?

Tá. De réir alt 558ZN d’Acht na gCuideachtaí, 2014 (arna chur isteach le halt 3 d’Acht SCARP), féadfaidh an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach, tráth ar bith le linn na tréimhse tarrthála nó ina diaidh, i gcás go meastar é a bheith riachtanach nó cuí, ceangal a chur ar dhuine cuí na leabhair agus taifid a thabhairt ar aird dó lena scrúdú.

I gcomhthéacs an mhéid thuas:

  • folaíonn ‘duine cuí’ an chuideachta, an comhairleoir próisis, oifigeach den chuideachta agus glacadóir arna cheapadh ar aon mhaoin de chuid na cuideachta; agus,
  • ciallaíonn ‘leabhair agus taifid’ leabhair agus taifid na cuideachta agus, de bhreis air sin, i gcás go ndéantar iarraidh ar chomhairleoir próisis, leabhair agus taifid an chomhairleora próisis.

Tá oibleagáidí eile ar dhuine cuí faoin alt freisin. Is cion coiriúil é mainneachtain cloí leis na hoibleagáidí dá bhforáiltear leis an alt.

Cé na hoibleagáidí atá ar stiúrthóir cuideachta i leith SCARP agus lena linn?

Áirítear na nithe thíos leis na hoibleagáidí atá ar stiúrthóir le linn SCARP. Ní liosta uileghabhálach é. Ba cheart breithniú a dhéanamh ar chomhairle ghairmiúil a fháil más stiúrthóir thú atá ag iarraidh páirt a ghlacadh in SCARP.

Ciontach i gcion de chuid earnáil 2 a bheidh stiúrthóir a thugann ráiteas bréagach nó míthreorach sa ráiteas maidir le cúrsaí uaidh/uaithi le linn a lorg go gceapfaí comhairleoir próisis ar an gcuideachta.

A luaithe a cheaptar comhairleoir próisis, ní mór do na stiúrthóirí comhoibriú leis an gcomhairleoir próisis agus aon fhaisnéis a nochtadh don chomhairleoir próisis chun cabhrú leis/léi a f(h)eidhmeanna a chomhlíonadh le linn na tréimhse tarrthála (i.e., go dtí go n-éiríonn an comhairleoir próisis as/go bhfoirceanntar an comhairleoir próisis).

Má mhainníonn stiúrthóir fógra i dtaobh cheapadh an chomhairleora próisis a fhoilsiú ar shuíomh Gréasáin na cuideachta laistigh de 48 n-uaire an chloig ón gceapachán agus an fógra a choinneáil ar shuíomh Gréasáin na cuideachta ar feadh fhad cheapachán an chomhairleora próisis, beidh sé/sí ciontach i gcion de chuid earnáil 3.

A luaithe a cheaptar comhairleoir próisis agus a éiríonn sé/sí as/a fhoirceanntar é/í, tá oibleagáid ar na stiúrthóirí cibé bearta is cuí leo a dhéanamh chun leasanna fhostaithe na cuideachta a chosaint.

Aon stiúrthóir a dhéanann d’aon ghnó:

·        gan aon fhaisnéis iomchuí atá ar fáil dó/di nó a cheanglaítear air/uirthi a thabhairt ar aird don chomhairleoir próisis a nochtadh,

·        aon fhaisnéis bhréagach nó mhíthreorach a thabhairt don chomhairleoir próisis, nó

·        faisnéis a nochtadh don chomhairleoir próisis arb eol don stiúrthóir, nó ar chóir gurbh eol dó/di, gur faisnéis iomchuí í,

beidh sé/sí ciontach i gcion de chuid earnáil 2.

Ní mór do stiúrthóirí cuideachta aon fhoráil de phlean tarrthála a bhfuil éifeacht léi agus lena bhforchuirtear ceanglas ar stiúrthóirí na cuideachta incháilithe a chur chun feidhme laistigh den tréimhse le haghaidh an plean tarrthála a chur chun feidhme (mar a shonraítear sa phlean tarrthála).

 

Cá háit ar féidir liom tuilleadh faisnéise faoi SCARP a fháil?

Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ón Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta agus ón Oifig um Chlárú Cuideachtaí

 

Further information can be obtained from the Department of Enterprise, Trade & Employment and Companies Registration Office

Cad is brí le foirceannadh/leachtú cuideachta?

Tarlaíonn foirceannadh cuideachta nuair a dhíscaoiltear a saol corparáideach go dlíthiúil trí phróiseas foirmiúil dá ngairtear ‘leachtú’ go coitianta. Is iad foirceannadh toilteanach ag comhaltaí, foirceannadh toilteanach ag creidiúnaithe nó foirceannadh/leachtú éigeantach ag an gCúirt na modhanna le haghaidh saol cuideachta a thabhairt chun deiridh.

Is féidir tuilleadh faisnéise faoi fhoirceannadh a rochtain ar ár leathanach dar teideal ‘Faisnéis agus Treoir’.

 

Cad is leachtú toilteanach ag comhaltaí ann?

Is í an ghné bhunriachtanach de leachtú toilteanach ag comhaltaí ná nach mór don chuideachta bheith sócmhainneach (i.e., is féidir léi a fiacha a íoc de réir mar a bhíonn siad dlite) agus go gcinneann na comhaltaí saol na cuideachta a thabhairt chun deiridh.

Tosaítear an próiseas de réir an Nós Imeachta maidir le Ceadú Achomair trí bhíthin rún speisialta mar a leagtar amach in alt 579 d’Acht na gCuideachtaí, 2014.  I gcás gur cuideachta ré socraithe nó cuideachta cuspóra shonraigh í, modh malartach chun an próiseas a thosú is ea trí bhíthin gnáthrúin de réir alt 580 d’Acht na gCuideachtaí.

Gné ríthábhachtach d’fhoirceannadh toilteanach ag comhaltaí is ea an dearbhú sócmhainneachta. Tá dualgas ar na stiúrthóirí dearbhú sócmhainneachta cruinn a thabhairt (tagraítear dó sin in ailt 207 agus 579 d’Acht na gCuideachtaí, 2014). Ní mór méid iomlán shócmhainní agus dhliteanais na cuideachta (laistigh den tréimhse trí mhí is déanaí) a shonrú sa dearbhú agus ní mór a shonrú ann freisin go ndearna na dearbhóirí (na stiúrthóirí) fiosrúchán iomlán ar chúrsaí na cuideachta agus gur tháinig siad ar an tuairim go mbeadh an chuideachta in ann a fiacha agus a dliteanais eile a íoc laistigh den tréimhse 12 mhí le teacht.

Ní mór an dearbhú a tharraingt suas san fhormáid cheart agus ní mór tuarascáil ó dhuine atá cáilithe chun gníomhú mar iniúchóir reachtúil de chuid na cuideachta, a shonraíonn an bhfuil nó nach bhfuil, ina t(h)uairim, an dearbhú neamhréasúnach, a bheith ag gabháil leis an dearbhú.  

Tá mionsonraí faoin bpróiseas agus faoi na ceanglais reachtúla chomhdúcháin ar fáil ón Oifig um Chlárú Cuideachtaí.

 

An bhfuil ceanglas ann cruinnithe stiúrthóirí a thionól?

Níl aon cheanglas reachtúil ann cruinnithe stiúrthóirí a thionól. Sonraítear in alt 160 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, áfach, go bhféadfaidh na stiúrthóirí ar chuideachta teacht le chéile chun gnó a chur i gcrích, agus go bhféadfaidh siad a gcruinnithe a chur ar atráth agus a rialáil thairis sin de réir mar is cuí leo.

Is iondúil go gcuimsítear i mbunreacht na cuideachta (Airteagail Chomhlachais) rialacha bunúsacha áirithe lena rialaítear cruinnithe stiúrthóirí, ach is gnách go dtugtar méid suntasach solúbthachta ann do na stiúrthóirí chun a gcruinnithe a rialáil de réir mar is cuí leo.

Tá tábhacht ag cruinnithe stiúrthóirí a mhéid a bhaineann le seoladh na cuideachta agus le stiúrthóirí a bheith in ann a thaispeáint go bhfuil siad ag comhlíonadh a ndualgas le cúram cuí agus go bhfuil siad ag gníomhú go freagrach.

An bhfuil aon cheanglais ann maidir le miontuairiscí ar chruinnithe stiúrthóirí?

Tá. Ceanglaítear ar chuideachta miontuairiscí a choimeád ar chruinnithe stiúrthóirí agus ar chruinnithe aon choiste de chuid na stiúrthóirí (alt 166 d’Acht na gCuideachtaí, 2014).

Níl aon cheart ag comhaltaí cuideachta chun na miontuairiscí ar chruinnithe stiúrthóirí a iniúchadh.

Faoi alt 166(5) d’Acht na gCuideachtaí, 2014, féadfaidh an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach a éileamh go dtabharfaí miontuairiscí cuideachta ar chruinnithe stiúrthóirí ar aird. Is cion é gan ordachán den sórt sin a chomhlíonadh.

An bhfuil sé amhlaidh go gceanglaítear ar chuideachta cláir reachtúla áirithe a chothabháil?

Tá. De bhreis ar mhiontuairiscí ar chruinnithe agus ar thaifid chuntasaíochta leordhóthanacha, ceanglaítear ar chuideachtaí na cláir agus na doiciméid eile seo a leanas a chothabháil:

      i.        Clár Stiúrthóirí agus Rúnaithe, idir Stiúrthóirí agus Rúnaithe reatha agus iar-Stiúrthóirí agus iar-Rúnaithe (alt 149 d’Acht na gCuideachtaí, 2014);

     ii.        Conarthaí seirbhíse stiúrthóirí (alt 154 d’Acht na gCuideachtaí, 2014);

    iii.        Clár Comhaltaí, idir Comhaltaí reatha agus iar-Chomhaltaí (alt 169 d’Acht na gCuideachtaí, 2014);

    iv.        Clár Leasanna In-nochta (Cuid 5, Caibidil 5 d’Acht na gCuideachtaí, 2014); agus

     v.        Ionstraimí lena mBunaítear Muirir (alt 418 d’Acht na gCuideachtaí, 2014).

Cad a cheanglaítear a thaifeadadh sa Chlár Stiúrthóirí agus Rúnaithe?

Go ginearálta, ceanglaítear ar an gClár an méid seo a leanas a thaifeadadh maidir le gach stiúrthóir: a (h)ainm, a d(h)áta breithe, seoladh a g(h)nátháite cónaithe, a náisiúntacht, a s(h)lí bheatha ghnó, na stiúrthóireachtaí eile (atá aige/aici agus a bhí aige/aici) sa Stát nó in áit eile.

Go ginearálta, ceanglaítear ar an gClár an méid seo a leanas a thaifeadadh maidir leis an Rúnaí:

      i.        i gcás pearsa aonair, a (h)ainm agus aon seanainm a bhíodh air/uirthi, seoladh a g(h)nátháite cónaithe agus a d(h)áta breithe; nó

     ii.        i gcás comhlacht corpraithe, a oifig chláraithe, an clár ina bhfuil an comhlacht corpraithe cláraithe agus a uimhir chláraithe.

De bhreis ar an méid thuas, ceanglaítear ainm agus náisiúntacht na stiúrthóirí (mura Éireannaigh iad) a chur ar áireamh sna litreacha gnó uile ina bhfuil ainm na cuideachta.

Cad a cheanglaítear a chothabháil maidir le conarthaí seirbhíse stiúrthóirí?

Ceanglaítear ar gach cuideachta an méid seo a leanas a choimeád:

  • i gcás stiúrthóir a bhfuil a c(h)onradh seirbhíse i scríbhinn, cóip den chonradh sin;
  • i gcás gach stiúrthóra nach bhfuil a c(h)onradh seirbhíse i scríbhinn, meabhrán scríofa ina leagfar amach téarmaí an chonartha sin; agus
  • i gcás stiúrthóir atá fostaithe faoi chonradh seirbhíse le fochuideachta don chuideachta, cóip den chonradh sin nó, mura bhfuil sé i scríbhinn, meabhrán scríofa ina leagfar amach téarmaí an chonartha.

Má tá aon athruithe ann ar na doiciméid thuas, ba cheart cóipeanna nó meabhrán faoin athrú/faoi na hathruithe a choimeád freisin.

Cad a cheanglaítear a thaifeadadh sa Chlár Comhaltaí?

Ceanglaítear ar gach cuideachta Clár Comhaltaí a chothabháil, inar cheart an méid seo a leanas a thaifeadadh maidir le gach comhalta:

  • ainm agus seoladh gach comhalta agus na scaireanna atá ina seilbh ag gach comhalta;
  • an dáta a taifeadadh an comhalta sa chlár mar chomhalta; agus
  • an dáta a scoir an duine de bheith ina c(h)omhalta den chuideachta.

Cad a cheanglaítear a thaifeadadh sa Chlár Leasanna In-nochta?

Faoi alt 267 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, ceanglaítear ar gach cuideachta Clár Leasanna In-nochta a chothabháil.

De réir an tsainmhínithe in alt 257, is é is leas in-nochta ann ná leas d’aon chineál ar bith i scaireanna i gcuideachta nó i mbintiúir dá cuid.

Áirítear stiúrthóirí agus rúnaí na cuideachta leis na daoine a gceanglaítear orthu leasanna a nochtadh i scaireanna agus bintiúir na cuideachta (tá tagairt ann i gCuid 5, Caibidil 5, d’Acht na gCuideachtaí, 2014).

Cad a cheanglaítear a chothabháil maidir le hionstraimí lena mbunaítear muirir?

Ceanglaítear ar gach cuideachta cóip a choimeád de gach ionstraim dhlíthiúil lena mbunaítear muirear ar mhaoin na cuideachta.

Cá háit ar cheart cláir na cuideachta a choimeád?

Ba cheart cláir, mar a shonraítear faoi alt 216 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, a choimeád in oifig chláraithe na cuideachta, i bpríomháit ghnó cuideachta sa Stát nó in áit eile laistigh den Stát.

I gcás nach gcoimeádtar na cláir ag oifig chláraithe na cuideachta, ní mór don chuideachta a chur in iúl don Oifig um Chlárú Cuideachtaí cá háit a gcoimeádtar iad.

Cé a fhéadfaidh rochtain a fháil ar chláir na cuideachta?

Beidh na doiciméid seo a leanas ar oscailt dá n-iniúchadh ag aon duine ar an táille iomchuí a íoc:

  • Clár Stiúrthóirí agus Rúnaithe;
  • Clár Comhaltaí;
  • Clár Leasanna In-nochta.

Beidh cóipeanna d’ionstraimí lena mbunaítear muirir ar fáil d’aon chreidiúnaí de chuid na cuideachta gan mhuirear.

Féadfaidh aon chomhalta de chuideachta (ar an táille iomchuí a íoc) cóip díobh seo a leanas nó d’aon chuid díobh seo a leanas a iarraidh:

  • Clár Stiúrthóirí agus Rúnaithe;
  • Clár Comhaltaí;
  • Clár Leasanna In-nochta; nó
  • Miontuairiscí ar Chruinnithe Ginearálta na cuideachta.

Féadfaidh aon duine eile (ar an táille iomchuí a íoc) cóip díobh seo a leanas nó d’aon chuid díobh seo a leanas a iarraidh:

  • Clár Stiúrthóirí agus Rúnaithe;
  • Clár Comhaltaí; nó
  • Clár Leasanna In-nochta.

Féach alt 216 d’Acht na gCuideachtaí, 2014.

Cad is leachtú toilteanach ag creidiúnaithe ann?

Féadfar cuideachta a fhoirceannadh go toilteanach mar leachtú toilteanach ag creidiúnaithe i gcás go dtarlaíonn na himthosca seo a leanas:

  • cinneann na comhaltaí den chuideachta i gcruinniú ginearálta nach féidir leis an gcuideachta, de bharr na ndliteanas atá uirthi, leanúint lena cuid gnó agus go bhfoirceannfar í mar leachtú toilteanach ag creidiúnaithe agus tionóltar cruinniú creidiúnaithe;
  • tiontaítear leachtú toilteanach ag comhaltaí ina leachtú toilteanach ag creidiúnaithe (féach an mhír roimhe); nó
  • i gcás nach ndéantar dearbhú maidir le foirceannadh toilteanach ag comhaltaí de réir fhorálacha iomchuí Acht na gCuideachtaí, 2014.

Sa chéad tacar imthosca atá leagtha amach thuas, is iondúil go gceaptar leachtaitheoir ag an gcruinniú comhaltaí agus gaireann an chuideachta cruinniú dá creidiúnaithe don lá ar a bhfuil an rún foirceanta beartaithe, nó don lá ina dhiaidh sin. Ní mór don chuideachta an cruinniú creidiúnaithe a fhógairt in dhá nuachtán laethúla ar a laghad agus fógra 10 lá ar a laghad a thabhairt.

Is í an phríomhdhifríocht idir foirceannadh toilteanach ag comhaltaí agus foirceannadh toilteanach ag creidiúnaithe ná go bhféadfaidh na creidiúnaithe an leachtaitheoir a roghnú. Ní mór do na stiúrthóirí ráiteas iomlán maidir le cúrsaí na cuideachta a ullmhú agus a thíolacadh ag an gcruinniú, mar aon le liosta de na creidiúnaithe agus de mhéideanna measta a n-éileamh. Gairfidh an leachtaitheoir aon chruinnithe ina dhiaidh sin agus tíolacfaidh sé an cuntas críochnaitheach uaidh roimh an gcruinniú deiridh comhaltaí agus creidiúnaithe.

Measfar an chuideachta a bheith díscaoilte trí mhí tar éis sheachadadh an chuntais chríochnaithigh ón leachtaitheoir agus tuairisceán ar an gcruinniú deiridh sin a bheith tugtha don Oifig um Chlárú Cuideachtaí.

Tá mionsonraí faoin bpróiseas agus faoi na ceanglais reachtúla chomhdúcháin ar fáil ón Oifig um Chlárú Cuideachtaí.

 

Cad is leachtú oifigiúil ann?

Féadfaidh an Ard-Chúirt leachtú cuideachta a ordú ar fhorais éagsúla (alt 569 d’Acht na gCuideachtaí, 2014), lena n-áirítear:

  • i gcás go gcinneann an chuideachta le rún speisialta an chuideachta a chur á foirceannadh ag an gCúirt;
  • i gcás nach dtosaíonn an chuideachta ar a gnó laistigh de bhliain amháin tar éis dháta a corpraithe nó go gcuireann sí a gnó ar fionraí ar feadh bliain iomlán;
  • i gcás go bhfuil comhaltaí uile na cuideachta éagtha nó, i gcás comhalta is cuideachta, nach ann dó/di a thuilleadh;
  • i gcás nach bhfuil an chuideachta in ann a fiacha a íoc;
  • i gcás gurb é tuairim na Cúirte go bhfuil sé cóir cothromasach go ndéanfaí an chuideachta a fhoirceannadh;
  • i gcás go bhfuil cúrsaí na cuideachta á stiúradh, nó cumhachtaí na stiúrthóirí á bhfeidhmiú, ar dhóigh atá leatromach ar aon chomhalta nó le neamhaird ar a leasanna mar chomhalta; nó,
  • i gcás gur deimhin leis an gCúirt, ar achainí ón Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach, gur ar mhaithe le leas an phobail an chuideachta a fhoirceannadh.

Féadfaidh páirtithe éagsúla achainí chun na hArd-Chúirte go gceapfaí leachtaitheoir. Áirítear leo sin: an chuideachta í féin; aon chreidiúnaí de chuid na cuideachta; agus comhaltaí nó daoine a gceanglaítear orthu rannchuidiú leis na sócmhainní. Ní mór an achainí a fhógairt.

Tá mionsonraí faoin bpróiseas agus faoi na ceanglais reachtúla chomhdúcháin ar fáil ón Oifig um Chlárú Cuideachtaí.

 

An bhfuil cumhachtaí ag an Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach i ndáil le foirceannadh cuideachtaí?

Tá. I gcás go bhfuil cuideachta á foirceannadh nó á díscaoileadh, féadfaidh an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach iarraidh ar dhuine cuí na leabhair agus taifid a bhaineann leis an leachtú a thabhairt ar aird lena scrúdú ag an Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach agus ní mór don duine cuí an iarraidh sin a chomhlíonadh.

Is iad na daoine cuí ná leachtaitheoir na cuideachta, an chuideachta í féin, oifigeach nó iniúchóir de chuid na cuideachta agus aon ghlacadóir atá ceaptha ar mhaoin na cuideachta. Ní mór don duine cuí freisin freagra a thabhairt ar cheann ar bith de na ceisteanna ón Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach a eascraíonn as an scrúdú ar na leabhair agus taifid arna n-iarraidh. Ní mór don duine cuí freisin rochtain a thabhairt don Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach chun na leabhair agus taifid a iniúchadh nó cóipeanna a dhéanamh díobh.

Cén uair a bhainfear cuideachta de Chlár na gCuideachtaí?

A luaithe atá cuideachta corpraithe agus atá an próiseas curtha i gcrích, iontráiltear mionsonraí faoin gcuideachta i gClár na gCuideachtaí. Déanann an Oifig um Chlárú Cuideachtaí Clár na gCuideachtaí a chothabháil. Tá cásanna áirithe ann ina bhféadfar cuideachta a bhaint de Chlár na gCuideachtaí.

Féadfar cuideachta a bhaint go deonach den chlár más rud é:

  • go gcreideann an Cláraitheoir nár sheol an chuideachta gnó riamh nó go bhfuil scortha aici de ghnó a sheoladh;
  • go gcinneann an chuideachta iarratas a dhéanamh chun an Chláraitheora ar í a bhaint den chlár trí rún speisialta a rith;
  • gur cothrom le dáta atá na tuairisceáin bhliantúla uile a comhdaíodh leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí;
  • go seachadann an chuideachta deimhniú maidir lena sócmhainní agus dliteanais ar an gCláraitheoir;
  • nach n-agóideann na Coimisinéirí Ioncaim i gcoinne an chuideachta a bheith á baint den chlár; agus
  • gur fhoilsigh an chuideachta laistigh de 30 lá roimh dháta an iarratais i nuachtán laethúil amháin go bhfuil ar intinn aici iarratas a dhéanamh ar í a bhaint den chlár.

Féadfaidh an Cláraitheoir cuideachta a bhaint den chlár go hainneonach más rud é:

  • gur mhainnigh an chuideachta tuairisceán bliantúil a thabhairt don Oifig um Chlárú Cuideachtaí;
  • go dtugann na Coimisinéirí Ioncaim don Oifig um Chlárú Cuideachtaí fógra gur mhainnigh an chuideachta fógra a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim i dtaobh ainm agus sheoladh cláraithe na cuideachta, i dtaobh ainm an rúnaí cuideachta, i dtaobh an dáta a thosaigh an chuideachta ar thrádáil, i dtaobh chineál thrádáil/ghnó na cuideachta, agus i dtaobh an dáta a thabharfaidh an chuideachta a cuntais den chéad uair;
  • go gcreideann an Cláraitheoir nach bhfuil aon stiúrthóir a bhfuil cónaí air/uirthi sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch ag an gcuideachta;
  • go bhfuil an chuideachta á foirceannadh agus go bhfuil cúis ag an gCláraitheoir chun a chreidiúint nach bhfuil aon leachtaitheoir ag gníomhú;
  • go bhfuil an chuideachta á foirceannadh agus go bhfuil cúis ag an gCláraitheoir chun a chreidiúint gur mhainnigh an leachtaitheoir na tuairisceáin a cheanglaítear air a thabhairt ar feadh tréimhse 6 mhí as a chéile; nó,
  • nach bhfuil aon duine ann a bhfuil sé taifeadta ina leith gur stiúrthóir cuideachta é/í.

Cé na cumhachtaí atá ag an Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach maidir le cuideachta a bheith á baint de Chlár na gCuideachtaí?

Féadfaidh an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach a cheangal ar na stiúrthóirí ar chuideachta a baineadh den chlár go hainneonach ráiteas maidir le cúrsaí don chuideachta a thabhairt ar aird agus ní mór do na stiúrthóirí cloí leis an teorainn ama arna socrú ag an Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach. Féadfaidh an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte chun a cheangal ar stiúrthóir a d’ullmhaigh ráiteas maidir le cúrsaí láithriú os comhair na cúirte chun freagraí a thabhairt faoi mhionn ar cheisteanna a bhaineann leis an ráiteas.

Ina theannta sin, féadfaidh stiúrthóir ar baineadh a c(h)uideachta den chlár a bheith faoi réir gealltanas maidir le dícháiliú nó ordú dícháilíochta.

An bhfuil sé amhlaidh go gceanglaítear ar chuideachtaí taifid chuntasaíochta a choimeád?

Tá. Ceanglaítear le halt 281 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, go gcoimeádfadh gach cuideachta taifid chuntasaíochta leordhóthanacha. Ina theannta sin, ní mór taifid a choimeád ar feadh sé bliana ar a laghad.

Aon chuideachta a mhainníonn na ceanglais sin a chomhlíonadh, beidh sí ciontach i gcion.

Cé na hoibleagáidí atá ar stiúrthóirí cuideachta i ndáil le taifid chuntasaíochta?

Aon stiúrthóir ar chuideachta a mhainníonn bearta réasúnacha a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an chuideachta an oibleagáid atá uirthi taifid chuntasaíochta leordhóthanacha a choimeád, beidh sé/sí ciontach i gcion (alt 286(2) d’Acht na gCuideachtaí, 2014).

An bhfuil sé amhlaidh go bhféadfar cuideachta a chur ar ais ar Chlár na gCuideachtaí?

Tá. Tá dhá phróiseas ann trína bhféadfar cuideachta a chur ar ais ar an gclár, eadhon, (i) gníomhaíocht riaracháin; nó (ii) ordú cúirte.

Ba cheart breithniú a dhéanamh ar chomhairle ghairmiúil neamhspleách a fháil más mian leat go gcuirfí cuideachta ar ais ar Chlár na gCuideachtaí.

Cad is brí le “taifid chuntasaíochta leordhóthanacha”?

Is éard iad taifid chuntasaíochta leordhóthanacha taifid chuntasaíochta is leor:

  • chun idirbhearta na cuideachta a thaifeadadh agus a mhíniú i gceart;
  • chun gur féidir, aon tráth, sócmhainní, dliteanais, staid airgeadais agus brabús nó caillteanas na cuideachta a chinneadh go réasúnta cruinn;
  • chun gur féidir leis na stiúrthóirí a chinntiú go gcomhlíonfaidh aon ráitis airgeadais de chuid na cuideachta, agus aon tuarascáil ó stiúrthóirí a cheanglaítear a ullmhú, dlí na gcuideachtaí agus na caighdeáin chuntasaíochta is infheidhme; agus,
  • chun gur féidir na ráitis airgeadais a iniúchadh (alt 282(2) d’Acht na gCuideachtaí, 2014).

Cad is cigireacht ar chuideachta ann?

De bhreis ar chumhachtaí imscrúdúcháin an Údaráis um Fhorfheidhmiú Corparáideach, tá foráil ann do Chigire a cheapadh chun imscrúdú a dhéanamh ar ghnéithe den chuideachta, amhail cúrsaí na cuideachta nó fíorleasanna na ndaoine i gcuideachta.

Imscrúdaíonn Cigire arna cheapadh ag cúirt cúrsaí na cuideachta, agus féadfaidh an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach Cigire a cheapadh freisin chun imscrúdú a dhéanamh ar ghnéithe de scaireanna cuideachta agus ar rannpháirtíocht daoine sa chuideachta.

Féadfaidh an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach iarratas a dhéanamh chun na cúirte go n-imscrúdódh Cigire cúrsaí na cuideachta. Tá an ceapachán faoi lánrogha na cúirte agus, i gcás go gceapann an chúirt an Cigire, tuairisceoidh an Cigire don Ard-Chúirt.

Cad is “cuideachta bainistíochta” ann?

Is é is “cuideachta bainistíochta”, mar a ghairtear di, ann ná cuideachta atá cláraithe leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí – mar chuideachta faoi theorainn ráthaíochta (CTR) nó mar chuideachta gníomhaíochta ainmnithe (CGA) de ghnáth, agus clásal cuspóra aici (i.e., cuspóir lárnach den chuideachta a bheith ann) chun forbairt ilaonad a bhainistiú.

Is iondúil gur leis an gcuideachta bainistíochta na comhlimistéir den fhorbairt, amhail carrchlóis, spásanna glasa, staighrí, ardaitheoirí agus hallaí comhroinnte agus go ndéanann sí iad a chothabháil le leas gach úinéara maoine agus is iondúil go ndéanann sí soláthar do chumhdach árachais, etc.

Ar aonad a fháil laistigh d’fhorbairt, de bhreis ar an árasán nó ar an teach, comhroinneann duine den sórt sin úinéireacht ar na comhlimistéir freisin. Ag eascairt as sin, is iondúil gur coinníoll de chonradh an cheannaitheora ná go síníonn sé/sí comhaontú comhúinéireachta lena gcuirtear ceangal air/uirthi teacht chun bheith ina c(h)omhalta den chuideachta bainistíochta. Go bunúsach, tá na comhaontuithe comhúinéireachta sin fréamhaithe i ndlí na gconarthaí agus i ndlí na maoine príobháidí, in ionad iad a bheith fréamhaithe i ndlí na gcuideachtaí nó in aon Acht ar leith eile den Oireachtas. Chuige sin, tá sé tábhachtach a thuiscint nach ceanglas faoi dhlí na gcuideachtaí é an ceanglas teacht chun bheith mar chomhalta de chuideachta bainistíochta.

Ní ann d’aon chorpas speisialta de dhlí na gcuideachtaí a bhfuil feidhm aige maidir le cuideachtaí bainistíochta, mar a ghairtear díobh, nó a chuirtear i bhfeidhm ar bhealach difriúil a mhéid a bhaineann sé le cuideachtaí bainistíochta. Maidir le ceanglais dhlí na gcuideachtaí, bíonn feidhm acu go ginearálta maidir le “cuideachtaí bainistíochta” ar an dóigh chéanna a mbíonn feidhm acu maidir le cuideachtaí eile in Éirinn.  

Dáiríre, ní saincheisteanna a bhaineann le dlí na gcuideachtaí iad formhór na saincheisteanna a thagann chun cinn sna cuideachtaí bainistíochta, mar a ghairtear díobh (ach, ina ionad sin, baineann siad le dlí na gconarthaí, etc.). Ina theannta sin, is féidir faisnéis a bhaineann le cuideachtaí bainistíochta, ar faisnéis í nach mbaineann le dlí na gcuideachtaí, a fháil ar shuíomh Gréasáin an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh.

 

Cá háit ar féidir liom an fhoinse dhlíthiúil óna n-oibríonn cuideachtaí bainistíochta a aimsiú?

Is leagtha amach i ngníomhais teidil na maoine agus i gconradh ceannaigh na maoine atá an fhoinse dhlíthiúil óna ndíorthaíonn cuideachtaí bainistíochta a ról oibríochtúil agus feidhmiúil. Fíoras óna sreabhann iarmhairtí dlíthiúla tábhachtacha is ea an fíoras gur fréamhaithe sna gníomhais teidil atá na feidhmeanna beartaithe a bheidh ag cuideachta bainistíochta. Ní shreabhann siad as an gcaidreamh dlí cuideachtaí atá ann idir an chuideachta bainistíochta agus a comhaltaí.

An bhfuil sé indéanta cion coiriúil a dhéanamh faoi dhlí na gcuideachtaí?

Tá. Is ann do dhá chineál ciona choiriúil faoi dhlí na gcuideachtaí:

  • cion achomair, i.e., cion nach bhféadfar a thriail ach amháin sa Chúirt Dúiche; agus
  • cion indíotáilte, i.e., cion a fhéadfar a thriail sa Chúirt Dúiche nó sa Chúirt Chuarda.

Cé go bhféadfaidh an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach ionchúiseamh achomair a thionscnamh sa Chúirt Dúiche, ní fhéadfaidh ach an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí cinneadh a dhéanamh chun ionchúiseamh ar díotáil a thionscnamh.

An bhfuil aon bhearta speisialta i bhfeidhm, agus aird á tabhairt ar na dúshláin agus na deacrachtaí a ghabhann le paindéim Covid-19?

Tá. Mar fhreagairt do phaindéim Covid-19, d’achtaigh an tOireachtas Acht na gCuideachtaí (Forálacha Ilghnéitheacha) (Covid-19), 2020 (“Acht 2020”) [insert link], rud lenar leasaíodh Acht na gCuideachtaí, 2014. Le hAcht 2020, tugadh isteach bearta áirithe atá ceaptha chun na dúshláin agus na deacrachtaí a eascraíonn as éigeandáil sláinte poiblí Covid-19 a aithint.

Áirítear na nithe seo a leanas le roinnt de phríomhfhorálacha Acht 2020:

  • tugadh isteach leis an Acht “tréimhse eatramhach”, ar lena linn a d’fhanfadh na bearta sealadacha a tugadh isteach leis an Acht in éifeacht. D’fhadaigh an Rialtas an tréimhse eatramhach roinnt uaireanta agus is amhlaidh faoi láthair atá sí le dul in éag an 31 Nollaig 2022;
  • Cruinnithe ginearálta: ní gá do chuideachta cruinniú ginearálta a thionól in ionad fisiciúil ach féadfaidh sí an cruinniú a sheoladh go hiomlán nó go páirteach trí theicneolaíocht cumarsáide leictreonaí a úsáid ar choinníoll go mbeidh deis réasúnach ag gach duine den lucht freastail páirt a ghlacadh sa chruinniú de réir an ailt (alt 174A(5) d’Acht na gCuideachtaí, 2014, arna chur isteach le halt 6 d’Acht 2020);
  • Cruinnithe creidiúnaithe: tá foráil chosúil trína bhféadfar cruinnithe creidiúnaithe a thionól go fíorúil in alt 690A d’Acht na gCuideachtaí, 2014, arna chur isteach le halt 19 d’Acht 2020;
  • Scrúdaitheoireachtaí: faoi réir ceadú cúirte, féadfar an próiseas scrúdaitheoireachta, agus an tréimhse chosanta don chuideachta, a fhadú go 150 lá ar a mhéad (i gcomparáid leis an uastréimhse chaighdeánach 100 lá); agus,
  • Foirceannadh ag cúirt: faoi ghnáth-imthosca, measfar cuideachta a bheith neamhábalta a fiacha a íoc más rud é (i) go ndearna creidiúnaí a bhfuil breis agus €10,000 dlite dó/di, nó beirt chreidiúnaithe nó níos mó a bhfuil breis agus €20,000 dlite dóibh, fógra a sheirbheáil ar an gcuideachta á éileamh go n-íocfaí an tsuim atá gan íoc agus (ii) gur mhainnigh an chuideachta sa 21 lá ina dhiaidh sin an tsuim atá dlite a íoc. Le linn na tréimhse eatramhaí, méadaítear an dá mhéid thuas, i.e., an méid €10,000 agus an méid €20,000, go €50,000.

Cé a fhéadfar a chúiseamh i gcion coiriúil faoi dhlí na gcuideachtaí?

Féadfar duine aonair nó cuideachta, nó an dá cheann, a chúiseamh i gcion coiriúil faoi dhlí na gcuideachtaí.

Cén fáth a bhfuil taifid chuntasaíochta leordhóthanacha chomh tábhachtach sin?

Gan taifead cuí a bheith acu ar idirbhearta na cuideachta, ní bheidh na stiúrthóirí in ann staid airgeadais na cuideachta a chinneadh (i.e., cé acu atá brabús nó caillteanas á dhéanamh aici agus cé acu is mó a sócmhainní ná a dliteanais nó nach mó).

De bhreis ar é a bheith tábhachtach don lucht bainistíochta freagrach ar aon chuideachta gurb eol do na stiúrthóirí an bhfuil an gnó brabúsach agus ag giniúint airgead tirim, baineann tábhacht ar leith le staid airgeadais na cuideachta a bheith ar eolas más rud é go bhféadfadh go mbeadh an chuideachta ag aistriú i dtreo staide ina bhféadfadh sí a bheith neamhábalta a fiacha a íoc de réir mar a bhíonn siad dlite. Sna himthosca sin, cuirfidh faisnéis chruinn ar chumas na stiúrthóirí cinntí eolacha a dhéanamh ar bhealach tráthúil.

Cé a fhéadfaidh na taifid chuntasaíochta atá ag cuideachta a rochtain?

Cuirfidh gach cuideachta a taifid chuntasaíochta ar fáil gach tráth réasúnach lena n‑iniúchadh ag aon oifigeach de chuid na cuideachta agus ag aon duine eile a bheidh i dteideal de bhun dhlí na gcuideachtaí taifid chuntasaíochta na cuideachta a iniúchadh.

An bhfuil ceart ag comhaltaí na cuideachta chun na taifid chuntasaíochta a iniúchadh?

Níl. Níl ceart ar bith ag aon chomhalta de chuid na cuideachta (nach stiúrthóir é/í freisin) chun na taifid chuntasaíochta a iniúchadh mura rud é (i) go dtugtar an ceart sin le bunreacht na cuideachta; nó (ii) gur údaraigh na stiúrthóirí nó an chuideachta iad i gcruinniú ginearálta (alt 284(3) d’Acht na gCuideachtaí, 2014).

Cinnfidh na stiúrthóirí ó am go ham cé acu a bheidh agus, más infheidhme, cad iad na tráthanna a bheidh agus na coinníollacha nó na rialacháin faoina mbeidh, na taifid chuntasaíochta ar fáil lena n-iniúchadh ag comhaltaí nach stiúrthóirí (alt 284(4) d’Acht na gCuideachtaí, 2014).

Cad is ráitis airgeadais reachtúla ann?

Is é is ráitis airgeadais reachtúla ann ná cuntais airgeadais na cuideachta i leith gach bliana airgeadais. Leagtar amach iontu brabús nó caillteanas na cuideachta don bhliain agus a sócmhainní agus dliteanais ag deireadh na bliana.

An bhfuil ceangal ar stiúrthóirí cuideachta ráitis airgeadais reachtúla a ullmhú?

Tá. Faoi alt 290 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, ceanglaítear ar na stiúrthóirí ar gach cuideachta ráitis airgeadais reachtúla a ullmhú i leith gach bliana airgeadais.

An bhfuil sé amhlaidh go gceanglaítear ráitis airgeadais reachtúla a ullmhú de réir caighdeáin chuntasaíochta shonraithe?

Tá. Ceanglaítear ráitis airgeadais reachtúla cuideachtaí a ullmhú de réir (i) alt 291 d’Acht na gCuideachtaí, 2014; nó (ii) caighdeáin tuairiscithe airgeadais idirnáisiúnta agus alt 292 d’Acht na gCuideachtaí, 2014.

Cad is brí leis an ráiteas go gceanglaítear “léargas fíorcheart” a thabhairt i ráitis airgeadais reachtúla?

Faoi alt 289 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, ní cheadóidh na stiúrthóirí ar chuideachta na ráitis airgeadais reachtúla mura deimhin leo go dtugtar léargas fíorcheart iontu ar na sócmhainní, ar na dliteanais agus ar an staid airgeadais de chuid na cuideachta.

Cé nach sainmhínítear an téarma “léargas fíorcheart”, glactar go ginearálta leis go dtabharfar léargas fíorcheart i ráitis airgeadais chuideachta má ullmhaíodh iad de réir an dlí agus na gcaighdeán cuntasaíochta is infheidhme.

Cé a dhéanann na ráitis airgeadais reachtúla a cheadú agus a shíniú?

Ceadaíonn an bord stiúrthóirí na ráitis airgeadais reachtúla nuair is deimhin leo go dtugtar léargas fíorcheart sna ráitis airgeadais.

Tar éis a gceadaithe, síneoidh beirt stiúrthóirí (ar a laghad) a bheidh ainmnithe ag an mbord na ráitis airgeadais reachtúla thar ceann an bhoird (tá tagairt ann in alt 324 d’Acht na gCuideachtaí, 2014).

Ba cheart a thabhairt faoi deara go sonraítear an méid seo a leanas in alt 324(7): “gach stiúrthóir ar an gcuideachta an tráth a cheadófar na ráitis airgeadais reachtúla measfar gur páirtí ina gceadú é nó í mura suífidh sé nó sí go ndearna sé nó sí gach beart réasúnach chun a gceadú a chosc.”

An bhfuil ceanglas ann go gcuirfí na ráitis airgeadais reachtúla faoi bhráid an chruinnithe ghinearálta bhliantúil?<br>

Tá. Ceanglaítear ar na stiúrthóirí na ráitis airgeadais reachtúla i leith gach bliana airgeadais a chur faoi bhráid chomhaltaí na cuideachta ag an gcruinniú ginearálta bliantúil. Cuirfear na ráitis airgeadais faoi bhráid an chruinnithe ghinearálta bhliantúil tráth nach déanaí ná naoi mí tar éis dheireadh na bliana airgeadais (alt 341 d’Acht na gCuideachtaí, 2014).

An bhfuil na comhaltaí de chuid cuideachta i dteideal na ráitis airgeadais reachtúla a fheiceáil?

Tá. Tá ceart ag gach comhalta chun na ráitis airgeadais bhliantúla a fháil tráth nach lú ná 21 lá roimh an gcruinniú ginearálta de chuid na cuideachta ag a bhfuil siad le cur faoi bhráid (tá tagairt ann in ailt 338 agus 339 d’Acht na gCuideachtaí, 2014).

An bhfuil sé ina chion gan ráitis airgeadais reachtúla a ullmhú?

Tá. Faoi alt 291(9) d’Acht na gCuideachtaí, 2014, mura gcomhlíonann cuideachta an oibleagáid ráitis airgeadais reachtúla a ullmhú, beidh an chuideachta agus aon oifigeach di a rinne mainneachtain ciontach i gcion.

Cad é an difríocht idir ráitis airgeadais reachtúla agus cuntais bhainistíochta?

Ceanglaítear ráitis airgeadais reachtúla le hAcht na gCuideachtaí, 2014, agus ní mór iad a ullmhú de réir an dlí agus na gcaighdeán cuntasaíochta is infheidhme. Is iondúil go n-ullmhaítear iad uair amháin in aghaidh na bliana.

Is é is “cuntais bhainistíochta” ann ná téarma a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar fhaisnéis airgeadais inmheánach a ullmhaítear go tréimhsiúil chun cabhrú le cinnteoireacht. Ní cheanglaítear cuntais bhainistíochta a ullmhú de réir ceanglais dhlíthiúla nó ceanglais caighdeán cuntasaíochta agus, de ghnáth, ullmhaítear iad ar bhonn níos minice ná go bliantúil.

An bhfuil sé amhlaidh go bhféadfaidh cuideachta a deireadh bliana airgeadais a athrú?

Tá, faoi réir alt 288 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, a chomhlíonadh. Ba cheart iarratas a dhéanamh chun na hOifige um Chlárú Cuideachtaí ar an bhfoirm fhorordaithe (Foirm B83).

Cad is iniúchadh ann?

Is é is iniúchadh ann ná scrúdú ar ráitis airgeadais reachtúla na cuideachta arna n-ullmhú ag na stiúrthóirí. Is é duine atá cáilithe go hoiriúnach agus atá neamhspleách ar na stiúrthóirí agus ar an gcuideachta a dhéanann an t-iniúchadh. Ceanglaítear ar an iniúchóir tuairim a thabhairt maidir le cé acu, i measc nithe eile, a thugtar léargas fíorcheart sna ráitis airgeadais ar fheidhmíocht agus staid airgeadais na cuideachta nó nach dtugtar.

An bhfuil sé amhlaidh go gceanglaítear ar gach cuideachta a shocrú go ndéanfaí iniúchadh gach bliain?

Tá. Ní mór do na stiúrthóirí ar chuideachta a shocrú go ndéanfar na ráitis airgeadais reachtúla a iniúchadh go bliantúil mura rud é go bhfuil an chuideachta i dteideal, agus go roghnaíonn sí, leas a bhaint as díolúine ó iniúchadh (alt 333 d’Acht na gCuideachtaí, 2014).

Cad is díolúine ó iniúchadh ann agus conas a bhaineann cuideachta leas aisti?

 

In imthosca áirithe, féadfar cuideachtaí áirithe a cheadú leas a bhaint as díolúine ón gceanglas ginearálta a shocrú go ndéanfaí na ráitis airgeadais reachtúla a iniúchadh.

Is leagtha amach in ailt 356 go 365 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, atá na coinníollacha is gá chun leas a bhaint as díolúine ó iniúchadh. Ós rud é gur coinníollacha mionsonraithe iad, ba cheart smaoineamh ar chomhairle neamhspleách a fháil má táthar in amhras.

Mar achoimre, is iad seo a leanas na coinníollacha is gá chun leas a bhaint as díolúine ó iniúchadh:

  • cáilíonn an chuideachta mar chuideachta bheag (is faoi threoir alt 280A nó 280B a chinntear cé acu is cuideachta bheag í cuideachta nó nach ea);
  • ní grúpchuideachta (i.e., comhalta de ghrúpa cuideachtaí) í an chuideachta (mura grúpa beag de réir alt 359 é an grúpa);
  • ní eisiaitear an chuideachta ó incháilitheacht le haghaidh díolúine le halt 362 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, agus le Sceideal 5 a ghabhann leis an Acht sin; agus,
  • tá an chuideachta cothrom le dáta le comhdú a tuairisceán bliantúil leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí.

Faoi réir na ceanglais riachtanacha a chomhlíonadh, tá na hearnálacha cuideachta seo a leanas incháilithe le haghaidh leas a bhaint as díolúine ó iniúchadh: cuideachta faoi theorainn scaireanna (Teo.), cuideachta gníomhaíochta ainmnithe (CGA), cuideachta faoi theorainn ráthaíochta (CTR), agus cuideachta neamhtheoranta (CNT).

D’ainneoin cuideachta a bheith incháilithe le haghaidh díolúine ó iniúchadh, an bhfuil sé amhlaidh go bhféadfaidh comhaltaí na cuideachta a éileamh go ndéanfaí iniúchadh?

Tá. I gcás cuideachta faoi theorainn scaireanna, cuideachta gníomhaíochta ainmnithe nó cuideachta neamhtheoranta, féadfaidh comhalta amháin nó níos mó arb ionann a gcearta vótála agus 10% de na cearta vótála a éileamh go ndéanfaí iniúchadh. I gcás cuideachta faoi theorainn ráthaíochta, féadfaidh comhalta amháin a éileamh go ndéanfaí iniúchadh.

Conas is eol dom an bhfuil duine cáilithe chun gníomhú mar iniúchóir nó nach bhfuil?

Déanann an Oifig um Chlárú Cuideachtaí cláir de dhaoine atá cáilithe agus údaraithe chun gníomhú mar iniúchóirí reachtúla a chothabháil. Is féidir na cláir a rochtain anseo.

The Companies Registration Office maintains registers of persons qualified and authorised to act as statutory auditors. The registers can be accessed here

Conas a cheaptar iniúchóirí?

The directors of a company usually appoint the auditor for the first year, thereafter, the members must appoint, or reappoint, the auditor at each AGM.

Cá háit ar féidir liom tuilleadh faisnéise faoi iniúchóirí a fháil?

Is féidir tuilleadh faisnéise faoi fheidhmeanna agus dualgais iniúchóirí a rochtain ar ár leathanach dar teideal ‘Faisnéis agus Treoir’.

Is féidir leat freisin tuilleadh faisnéise faoi iniúchóirí a fháil ar shuíomh Gréasáin Údarás Maoirseachta Iniúchta agus Cuntasaíochta na hÉireann (IAASA).

 

Further information on auditors’ functions and duties can be accessed on our Information & Guidance page.

You can also find additional information on auditors on the website of the Irish Auditing & Accounting Supervisory Authority (IAASA)

Cad is Coiste Iniúchta ann?

Is é is Coiste Iniúchta ann ná coiste den bhord stiúrthóirí de chuid cuideachta.

An bhfuil sé amhlaidh go gceanglaítear ar gach cuideachta le dlí Coiste Iniúchta a bheith acu?

Níl. Ní cheanglaítear ach ar chuideachtaí áirithe le dlí Coiste Iniúchta a bheith acu.

Ceanglaítear ar gach cuideachta phoiblí theoranta (CPT) agus ar chuideachtaí eile a thagann faoin sainmhíniú ar “eintitis leasa phoiblí” Coiste Iniúchta a bhunú.

Is eintitis leasa phoiblí iad seo: cuideachtaí a bhfuil a scaireanna luaite ar stocmhalartán, bainc agus forais chreidmheasa áirithe eile, agus cuideachtaí árachais.

Féadfaidh na stiúrthóirí ar chuideachtaí “móra” eile (i.e., cuideachtaí ar mó iomlán an chláir comhardaithe atá acu ná €25m agus ar mó a láimhdeachas bliantúil ná €50m) a chinneadh cé acu a bhunóidh siad Coiste Iniúchta nó nach mbunóidh. Mar sin féin, ní mór dóibh an cinneadh uathu chuige sin, agus an chúis leis an gcinneadh sin, a thuairisciú sa Tuarascáil Stiúrthóirí uathu (a cheanglaítear a chur ar áireamh le ráitis airgeadais na cuideachta).

Tá na ceanglais maidir le Coistí Iniúchta leagtha amach in alt 167 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, agus tá na ceanglais ar “eintitis leasa phoiblí” leagtha amach i Rialachán 115 d’Ionstraim Reachtúil Uimh. 312 de 2016.

Cé na feidhmeanna atá ag Coiste Iniúchta?

De réir alt 167(7) d’Acht na gCuideachtaí, 2014, áirítear na freagrachtaí seo a leanas leis na freagrachtaí atá ar Choiste Iniúchta (gan dochar do na freagrachtaí atá ar an mbord stiúrthóirí):

  • faireachán a dhéanamh ar an bpróiseas tuairiscithe airgeadais;
  • faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht chórais rialaithe inmheánaigh, iniúchóireachta inmheánaí agus bainistithe priacail na cuideachta;
  • faireachán a dhéanamh ar an iniúchadh reachtúil ar ráitis airgeadais reachtúla na cuideachta; agus,
  • athbhreithniú agus faireachán a dhéanamh ar neamhspleáchas na n-iniúchóirí reachtúla, agus go háirithe ar sholáthar seirbhísí breise don chuideachta.

An bhfuil earnálacha difriúla ciona choiriúil ann faoi dhlí na gcuideachtaí?

Tá. Is ann do cheithre earnáil ciona choiriúil faoi dhlí na gcuideachtaí: Baineann Earnáil 1 leis na cionta is mó tromchúis agus baineann Earnáil 4 leis na cionta is lú tromchúis. De réir alt 871 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, is mar a leanas atá na pionóis uasta a bhaineann le gach earnáil ciona:

Earnáil 1 (Indíotáilte)

  • ar dhuine a chiontú go hachomair, fíneáil de chuid aicme A (i.e., fíneáil nach mó ná €5,000) agus/nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí a chur air/uirthi
  • ar dhuine a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €500,000 agus/nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 10 mbliana a chur air/uirthi.

Earnáil 2 (Indíotáilte)

  • ar dhuine a chiontú go hachomair, fíneáil de chuid aicme A (i.e., fíneáil nach mó ná €5,000) agus/nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí a chur air/uirthi
  • ·        ar dhuine a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €50,000 agus/nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana a chur air/uirthi.

Earnáil 3 (i gcás Ciontú go hAchomair amháin)

  • ar dhuine a chiontú go hachomair, fíneáil de chuid aicme A (i.e., fíneáil nach mó ná €5,000) agus/nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí a chur air/uirthi.

Earnáil 4 (i gcás Ciontú go hAchomair amháin)

  • ar dhuine a chiontú go hachomair, fíneáil de chuid aicme A (i.e., fíneáil nach mó ná €5,000).

Cé na cionta is mó tromchúis faoi dhlí na gcuideachtaí?

Earnáil 1

Is ann do dhá chion Earnáil 1. Is iad sin:

       i.         trádáil chalaoiseach (alt 722 d’Acht na gCuideachtaí, 2014); agus

      ii.         mainneachtain taifid chuntasaíochta leordhóthanacha a choimeád, rud is cionchúis le neamhábaltacht na cuideachta a cuid fiach a íoc/rud is cionchúis le neamhchinnteacht a bheith ann i dtaobh shócmhainní agus dhliteanais na cuideachta/rud a chuireann mórbhac ar fhoirceannadh cuideachta (alt 286 d’Acht na gCuideachtaí, 2014).

Léirítear tromchúis bhunúsach na héagóiritheoireachta sin san fhíoras go n-aicmítear an dá cheann díobh mar chionta de chuid Earnáil 1.

Earnáil 2

Is ann do lear chionta de chuid Earnáil 2 faoi dhlí na gcuideachtaí. Chun sampla léiritheach a thabhairt, áirítear leo sin:

  • duine a bheith ag gníomhú mar stiúrthóir nó rúnaí ar chuideachta le linn dó/di a bheith ina f(h)éimheach neamhurscaoilte (alt 132 d’Acht na gCuideachtaí, 2014);
  • iasachtaí toirmiscthe a thabhairt do stiúrthóirí cuideachta agus do dhaoine bainteacha (alt 248 d’Acht na gCuideachtaí, 2014);
  • mainneachtain taifid chuntasaíochta leordhóthanacha a choimeád (alt 286 d’Acht na gCuideachtaí, 2014);
  • ráiteas bréagach nó míthreorach a dhéanamh le hiniúchóir (alt 389 d’Acht na gCuideachtaí, 2014);
  • freagra a thabhairt ar cheist, míniú a thabhairt, ráiteas a dhéanamh, tuairisceán/tuarascáil/deimhniú/clár comhardaithe/doiciméad eile a chomhlánú/a shíniú/a thabhairt ar aird/a thaisceadh/a sheachadadh atá bréagach i bponc ábhartha i gcomhlíonadh airbheartaithe forála d’Acht na gCuideachtaí, 2014 (alt 876 d’Acht na gCuideachtaí, 2014);
  • aon leabhar nó aon doiciméad a dhéanann difear do mhaoin nó cúrsaí cuideachta nó a bhaineann le maoin nó cúrsaí cuideachta a dhíothú, a lot nó a fhalsú (alt 877 d’Acht na gCuideachtaí, 2014);
  • ligeann (oifigeach de chuid na cuideachta) uaidh/uaithi go calaoiseach aon leabhar nó doiciméad a dhéanann difear do mhaoin nó cúrsaí cuideachta nó a bhaineann le maoin nó cúrsaí cuideachta, nó athraíonn sé/sí leabhar nó doiciméad den sórt sin go calaoiseach, nó fágann sé/sí aon ní ar lár as leabhar nó doiciméad den sórt sin go calaoiseach (alt 878 d’Acht na gCuideachtaí, 2014).

Is ann freisin do roinnt cionta de chuid Earnáil 2 a bhaineann go díreach leis an Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach. Áirítear iad seo a leanas leo sin:

  • mainneachtain leabhair nó doiciméid a thabhairt ar aird nó míniúcháin ghaolmhara a thabhairt don Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach (alt 785 d’Acht na gCuideachtaí, 2014);
  • ceart rochtana nó cuardaigh an Údaráis um Fhorfheidhmiú Corparáideach a bhacadh/ceart an Údaráis um Fhorfheidhmiú Corparáideach chun ábhar a urghabháil agus a choinneáil faoi bharántas a bhacadh/mainneachtain ainm, seoladh, slí bheatha nó faisnéis ábhartha atá faoi choimeád ag duine nó ina s(h)eilbh a thabhairt do shealbhóir barántais de chuid an Údaráis um Fhorfheidhmiú Corparáideach/mainneachtain rochtain ar fhaisnéis a choimeádtar ar ríomhaire a éascú (alt 789 d’Acht na gCuideachtaí, 2014);
  • doiciméad nó taifead a fhalsú, a cheilt nó a dhíothú in imthosca inarb eol do dhuine nó ina bhfuil drochamhras air/uirthi go bhfuil imscrúdú ag an Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach á sheoladh agus go mbeadh an doiciméad nó an taifead iomchuí maidir leis an imscrúdú (alt 793 d’Acht na gCuideachtaí, 2014).

Can a court order that a breach of company law that constitutes a criminal offence be remedied?

Yes. Under section 872 of the Companies Act 2014, a court in which a conviction is recorded can order that the convicted person remedy the breach for which the person was convicted.

An bhfuil sé amhlaidh go bhféadfar sárú ar dhlí na gcuideachtaí is ionann agus cion coiriúil a leigheas?

Tá. Faoi alt 872 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, féadfaidh cúirt ina ndéantar ciontú a thaifeadadh a ordú go ndéanfadh an duine ciontaithe an sárú ar ina leith a ciontaíodh é/í a leigheas.

Cad a tharlóidh má leanann duine nó cuideachta de dhlí na gcuideachtaí a shárú tar éis é/í a chiontú i gcion coiriúil?

Foráiltear le halt 870 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, gurb amhlaidh, má leantar de shárú ar ciontaíodh duine (lena n-áirítear cuideachta) ina leith tar éis an chiontaithe, a bheidh an duine ciontach i gcion breise ar gach lá ar a leantar den sárú.

 

Cad is “oifigeach a rinne mainneachtain” ann?

Foráiltear le hailt áirithe d’Acht na gCuideachtaí, 2014, gur ciontach i gcion a bheidh oifigeach de chuid cuideachta “a rinne mainneachtain”. Sa chomhthéacs sin, foráiltear le halt 270 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, gurb é is oifigeach a rinne mainneachtain ann ná aon oifigeach a údaraíonn nó, de shárú ar a dhualgas nó a dualgas mar an t-oifigeach sin, a cheadaíonn an mhainneachtain a luaitear san fhoráil iomchuí.

Foráiltear le halt 271 d’Acht na gCuideachtaí, 2014, gurb amhlaidh, in imeachtaí ciona iomchuí, i gcás go gcruthaítear gurbh eol don oifigeach na bunfhíorais maidir leis an mainneachtain lena mbaineann, a thoimhdeofar gur cheadaigh an t-oifigeach an mhainneachtain mura dtaispeánann an t-oifigeach go ndearna sé/sí gach beart réasúnach chun í a chosc nó nach raibh sé/sí in ann déanamh amhlaidh mar gheall ar imthosca nach raibh neart aige/aici orthu.