Beartas maidir le hIompraíocht Inghlactha
De bharr a chineáil, is féidir le hábhar na ngearán agus na léirithe spéise a tharchuireann daoine den phobal chugainn a bheith ina fhoinse frustrachais nó suaite do na daoine lena mbaineann. Is amhlaidh an scéal freisin i gcás ábhar na nglaonna eile a chuirtear orainn.
Leagaimid ardleibhéal tábhachta ar chúnamh a thabhairt don phobal (nuair is féidir/ceadmhach déanamh amhlaidh) agus leagaimid ardchaighdeáin seirbhíse do chustaiméirí síos dúinn féin ina leith sin. Déanaimid dianiarracht cúnamh a thabhairt do ghlaoiteoirí trí fhaisnéis a sholáthar dóibh, trí iad a threorú chuig an bpointe teagmhála iomchuí laistigh den Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach nó trí iad a atreorú chuig comhlacht rialála nó forfheidhmiúcháin eile, de réir mar is cuí.
Ina chomaoin sin, bímid ag súil leis go gcaithfear lenár bhfoireann le cúirtéis agus le meas. Dá bhrí sin, ní ghlacfaimid le haon iompraíocht i leith aon bhall foirne a bhfuil na nithe seo a leanas i gceist léi:
- éilimh neamhréasúnacha;
- caint mhaslach/eascainí;
- ráitis chlúmhillteacha;
- iompraíocht ionsaitheach;
- bagairtí d’aon chineál.
Tabharfaimid deis chun aon iompraíocht dho-ghlactha a réiteach. Más rud é go leanfaidh an iompraíocht sin ar aghaidh, áfach, déanfaidh ár bhfoireann gníomh cuí, lena n-áireofar, nuair is gá, deireadh a chur le glao teileafóin nó le hidirghníomhaíocht i bpearsa. I gcás go leanfaidh iompraíocht den sórt sin ar aghaidh ansin, féadfaimid a thabhairt le fios nach mbeimid sásta cumarsáid a dhéanamh le duine aonair ach amháin i scríbhinn nó féadfaimid scor go hiomlán de chumarsáid a dhéanamh leis/léi.
Nuair is gá, go háirithe i gcás bagairtí – bíodh siad ina mbagairtí fisiciúla nó ina mbagairtí ó bhéal – déanfar breithniú ar cé acu is gá nó nach gá an ní a tharchur chuig an nGarda Síochána nó chuig údarás iomchuí eile.