Lógó CEA

Séanadh Dlíthiúil

Glacann aon duine a úsáideann an suíomh Gréasáin seo ("an tÚsáideoir") leis na coinníollacha seo a leanas chun an suíomh Gréasáin a úsáid:-

1. Tá ábhar an tsuímh Gréasáin seo ("an Fhaisnéis") ceaptha chun faisnéis ghinearálta a sholáthar faoi nithe is ábhar spéise pearsanta agus gairmiúil lena húsáid ag léitheoir an tsuímh seo a ghlacann le freagracht iomlán as a húsáid, agus chuige sin amháin.

2. Mar ní ginearálta, ní ghlacann an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach, a Chomhaltaí, a oifigigh ná a ghníomhairí ná na rannchuiditheoirí leis an suíomh Gréasáin (dá ngairtear "na Soláthraithe" le chéile) le haon fhreagracht a eascróidh ar aon slí as an bhFaisnéis a úsáid.

3. Rud ba shonraí fós, soláthraítear an Fhaisnéis ar an tuiscint nach bhfuil na Soláthraithe ag tabhairt aon chomhairle ghairmiúil ná aon seirbhís ghairmiúil. Níor cheart a mheas gur comhairle í an Fhaisnéis, níor cheart brath uirthi mar chomhairle, agus níor cheart í a úsáid in ionad comhairle neamhspleách. Ba cheart dóibh sin ar mian leo comhairle a thógáil ar aon ní a dhéanann difear dóibh teagmháil a dhéanamh le comhairleoir gairmiúil. Is ar an Úsáideoir, agus air/uirthi féin amháin, a bheidh an fhreagracht as aon chaillteanas a tharlóidh de dheasca úsáid a bhaint as faisnéis atá le feiceáil ar an suíomh Gréasáin seo.

4. Cé go ndearna na Soláthraithe gach iarracht a chinntiú gur ó fhoinsí iontaofa a fuarthas an Fhaisnéis, ní ghlacann na Soláthraithe le haon fhreagracht a eascróidh ar aon slí as aon earráidí nó aon easnaimh ná le haon dliteanas a eascróidh ar aon slí as an bhFaisnéis a úsáid ná as na torthaí a gheofar ón bhFaisnéis a úsáid.

5. Soláthraítear an Fhaisnéis san fhoirm a thugtar í. Ní thugann na Soláthraithe aon bharánta go bhfuil an Fhaisnéis cruinn nó iomlán. Is féidir go dtiocfaidh athrú ar an bhFaisnéis le himeacht ama agus, go háirithe, ós rud é go mbíonn athrú ag teacht i gcónaí ar an dlí agus ar an gcleachtas, ní féidir an Fhaisnéis a léirmhíniú ach amháin i bhfianaise cásanna fíorasacha ar leith.  Dá bhrí sin, soláthraítear an Fhaisnéis gan aon ráthaíocht, aon ghealltanas ná aon bharánta d’aon chineál ar bith, cibé acu a chuirtear in iúl go sainráite í nó é nó a thugtar le tuiscint í nó é. 

6. Cé go bhforchoimeádann na Soláthraithe an ceart chun an fhaisnéis a sholáthraítear anseo a athbhreithniú, a leasú, a athrú nó a scriosadh tráth ar bith, ní bheidh siad freagrach ná faoi dhliteanas i leith aon ábhair athbhreithnithe, leasaithe, athraithe nó scriosta den sórt sin.

7. Rinneadh gach iarracht a chinntiú gur cruinn agus cothrom le dáta atá an fhaisnéis a sholáthraítear ar an suíomh Gréasáin. Más rud é go dtabharfaidh tú aon earráidí nó aon easnaimh faoi deara, cuir sinn ar an eolas faoi sin a luaithe is féidir. Tá sé mar bheartas againn earráidí a cheartú laistigh de 48 n-uaire an chloig ó fhaisnéis chruinn fhíoraithe a fháil.

8. Uaireanta, soláthraítear naisc ar an suíomh seo chuig suíomhanna seachtracha nach bhfuil aon rialú ag na Soláthraithe orthu agus nach nglacann siad le haon fhreagracht ina leith. Is ar mhaithe le háisiúlacht amháin a sholáthraítear aon naisc ón suíomh Gréasáin seo chuig suíomhanna Gréasáin seachtracha. Níor cheart féachaint orthu mar léiriú go dtacaímid le hábhar ná cleachtais na suíomhanna Gréasáin seachtracha sin.