Lógó CEA

An Fhoireann Shinsearach Ceannaireachta

Ian Drennan

Príomhoifigeach Feidhmiúcháin

Ian Drennan

Príomhoifigeach Feidhmiúcháin

Is é Ian Drennan Príomhoifigeach Feidhmiúcháin agus Comhalta ceaptha aonair an Údaráis um Fhorfheidhmiú Corparáideach. Tá taithí fhairsing aige ar réimsí an imscrúdaithe, na rialála agus an fhorfheidhmiúcháin shibhialta agus choiriúil agus ar eintitis a bhfuil sainordú le leas an phobail acu a threorú, ós rud é go raibh sé i seilbh post roimhe seo mar Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach agus mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin Údarás Maoirseachta Iniúchta agus Cuntasaíochta na hÉireann. Is comhalta é den Chomhairle Chomhairleach in aghaidh Coireacht Eacnamaíoch agus Éilliú, den Choiste Stiúrtha um Fhrithsciúradh Airgid agus de Ghrúpa Athbhreithnithe an Dlí Cuideachtaí. Chomh maith leis sin, is comhalta é de Chomhairle na nDochtúirí Leighis, an rialálaí reachtúil ar dhochtúirí leighis in Éirinn, áit a bhfuil sé ar an gCathaoirleach ar an gCoiste Iniúchóireachta agus ina chomhalta den Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh.

Mar chuntasóir de réir gairme, tá cáilíochtaí aige ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (COBÁC), ó Scoil Ghnó Iarchéime Smurfit COBÁC agus ó Óstaí an Rí.

Tabhair faoi deara gur Oifigeach Poiblí Ainmnithe faoin Acht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 é Ian Drennan. Is féidir go mbeidh ort, dá bhrí sin, a mheasúnú an gá aon chumarsáid ar leith leis a chlárú de réir an Achta sin. Mura bhfuil tú cinnte faoi sin, tá tuilleadh faisnéise ar fáil ag www.lobbying.ie

LinkedIn Icon
Vacant

An Stiúrthóir um Ghnóthaí Dlí agus Beartas

Vacant

An Stiúrthóir um Ghnóthaí Dlí agus Beartas

Is é David Hegarty an Stiúrthóir um Ghnóthaí Dlí agus Beartas. Is abhcóide é agus d’oibrigh sé roimhe seo mar Bhainisteoir Punainne Forfheidhmiúcháin in Oifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach. Cháiligh sé mar aturnae sa bhliain 2002 agus d’aistrigh sé chuig an mBarra sa bhliain 2006, áit ar chleacht sé go príomha i réimse na cosanta coiriúla agus na habhcóideachta. Sula ndeachaigh sé isteach in Oifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach, bhí sé ina Abhcóide Comhairleach in Oifig an Chomhairleora Dlí Parlaiminte, áit ar chuir sé comhairle ar Choimisiún Thithe an Oireachtais, ar Sheirbhís Thithe an Oireachtais agus ar Choistí Parlaiminte maidir le nithe a bhaineann leis an dlí bunreachtúil, leis an dlí parlaiminte agus leis an dlí riaracháin. D’oibrigh sé freisin mar oifigeach dlí i Misean Smachta Reachta an Aontais Eorpaigh sa Chosaiv (EULEX) agus sa Bhinse Speisialta don Liobáin sa Háig, áit ar oibrigh sé i Seomraí na mBreithiúna le breithiúna idirnáisiúnta a bhí ag éisteacht cásanna lenar bhain an choireacht eacnamaíoch, an t-éilliú, mí-úsáid oifigí poiblí, coireanna cogaidh agus comhcheilg chun sceimhlitheoireacht a dhéanamh.

Suzanne Young

An Stiúrthóir um Rialachas agus Oibríochtaí Tacaíochta

Suzanne Young

An Stiúrthóir um Rialachas agus Oibríochtaí Tacaíochta

Is í Sharon Sterritt an Stiúrthóir um Rialachas agus Oibríochtaí Tacaíochta. Bhí poist ag Sharon roimhe seo mar Bhainisteoir Punainne Forfheidhmiúcháin in Oifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach agus i ngnólacht cuntasaíochta idirnáisiúnta, áit a ndearna sí speisialtóireacht i réimse na cuntasaíochta fóiréinsí agus na n-imscrúduithe. Le linn na tréimhse a bhí sí i mbun cleachtaidh, tugadh ar iasacht í don ról mar Bhainisteoir Líne Seirbhíse Domhanda um Sheirbhísí Fóiréinseacha agus Imscrúdaithe.

De bhreis ar í a bheith ina Comhalta de Chuntasóirí Cairte Éireann, tá Dioplómaí Iarchéime ag Sharon i gCuntasaíocht Fhóiréinseach (Cuntasóirí Cairte Éireann), i mBainistíocht Riosca, Iniúchóireacht Inmheánach agus Comhlíonadh (Cuntasóirí Cairte Éireann), agus i gCoireacht Chorparáideach, Bóna Bháin agus Rialála (Óstaí an Rí).

Andrew Harbison

An Stiúrthóir um Imscrúduithe Digiteacha agus Anailísíocht

Andrew Harbison

An Stiúrthóir um Imscrúduithe Digiteacha agus Anailísíocht

Is é David Mc Gill an Stiúrthóir um Imscrúduithe Digiteacha agus Anailísíocht. Tá sé ag obair i bhforfheidhmiú an dlí le 14 bliana anuas. Ba é a phost ba dhéanaí ná an post mar Cheann um Fhóiréinsic Dhigiteach le hOifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach.

Tá taithí shuntasach aige ar imscrúdú na calaoise, ar an anailís airgeadais, ar an bhfóiréinsic dhigiteach, ar an bhfionnachtain leictreonach, ar an éirim foinse oscailte agus ar an anailísíocht sonraí, agus bhain sé deimhnithe éagsúla amach sna réimsí sin. Bronnadh céim B.Eng. i gCórais Leictreonacha ar David ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath sula ndeachaigh sé ar aghaidh chun céim M.Sc. i Ríomhaireacht Fhóiréinseach agus Imscrúdú Cibearchoireachta a bhaint amach ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (COBÁC). Chomh maith leis sin, chuir sé céim B.Sc. i gCeannaireacht agus Rialachas Póilíní i gcrích le déanaí i Scoil Ghnó Iarchéime Smurfit COBÁC.  

Cathy Shivnan image
Cathy Shivnan

An Stiúrthóir um Maoirseacht Dócmhainneachta

Cathy Shivnan image
Cathy Shivnan

An Stiúrthóir um Maoirseacht Dócmhainneachta

Is í Cathy Shivnan an Stiúrthóir um Maoirseacht Dócmhainneachta. Cháiligh Cathy mar aturnae sa bhliain 2011 agus tá Céim Baitsiléara i nDlí Sibhialta aici ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Chomh maith leis sin, tá Dioplóma Iarchéime i nDócmhainneacht agus Athstruchtúrú Corparáideach aici ó Dhlí-Chumann na hÉireann agus tá Ard-Dioplóma i gCoireacht Chorparáideach, Bóna Bháin agus Rialála aici ó Óstaí an Rí. Sula ndeachaigh sí isteach san Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach, d’oibrigh Cathy leis an tSeirbhís Chúirteanna agus i róil éagsúla in Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim. Áiríodh leis na róil sin ról mar aturnae i bhfoireann Tráchtála agus Dlíthíochta Rannóg Aturnaetha na gCoimisinéirí Ioncaim agus ról mar Cheann um Aonad Dócmhainneachta na gCoimisinéirí Ioncaim i mBaile Átha Cliath, áit ar bhainistigh sí gach gné de rannpháirtíocht na gCoimisinéirí Ioncaim i leachtuithe, i nglacadóireachtaí agus i scrúdaitheoireachtaí. 

Dr. Michael Dillon

An Stiúrthóir um Ghnóthaí Dlí

Dr. Michael Dillon

An Stiúrthóir um Ghnóthaí Dlí

Is é Michael Dillon an Stiúrthóir um Ghnóthaí Dlí. Rinne sé staidéar ar dhlí sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (COBÁC), áit ar chuir sé Dochtúireacht i nDlí Coiriúil i gcrích freisin. Mar abhcóide in Éirinn, chleacht Michael go fairsing sa dlí coiriúil, sa dlí tráchtála, sa dlí riaracháin, san athbhreithniú breithiúnach agus sa dlí bunreachtúil. D’fhóin sé mar LeasArd-Aighne aonair do Chríoch Thar Lear Oileáin na dTurcach agus Caicos de chuid na Ríochta Aontaithe agus mar LeasArd-Rúnaí de facto do phunann Aireachta a Rannóg Tailte ar feadh breis agus ceithre bliana. Chomh maith leis sin, d’fhóin Michael mar Fheisire (ex officio) i dTeach Tionóil Oileáin na dTurcach agus Caicos agus mar Chomhairleoir Dlí don Reachtas agus é ina Ard-Aighne Gníomhach agus, sa cháil sin, bhí freagracht air as reachtaíocht a rith trí léamha uile an Tí agus, uair amháin, as an mbuiséad náisiúnta a rith. 

Rinne sé ionadaíocht do Rialtas na Stát Aontaithe i gcásanna eiseachadta lenar bhain calaoiseoirí scéimeanna Ponzi, an gháinneáil ar dhaoine agus an smuigléireacht. Rud ba dhéanaí fós, bhí Michael i gceannas ar fhoireann dlíthíochta foirgníochta i bpríomhghnólacht dlí atá bunaithe in Dubai ina dhlínsí dlí choitinn. 

Scríobh Michael an príomh-théacsleabhar dlí choiriúil ar Dhlí na Meisce.

Mary Daly

An Stiúrthóir um Airgeadas agus TFC

Mary Daly

An Stiúrthóir um Airgeadas agus TFC

Is í Mary Daly an Stiúrthóir um Airgeadas agus TFC. Chuaigh Mary isteach in Oifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach mar Chuntasóir Fóiréinseach, tar éis di cleachtadh roimhe sin i gcáil phríobháideach. Thar thréimhse a gairme, bhí raon leathan ról sinsearach airgeadais ag Mary in eagraíochtaí ilnáisiúnta atá liostaithe go poiblí, in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe araon. I measc na bhfreagrachtaí a bhí uirthi bhí tuairisciú reachtúil, bainistíochta agus rialála a dhéanamh, córais airgeadais a chur chun feidhme agus a fheabhsú, agus roinnt tionscadal domhanda rialaithe inmheánaigh a fhorbairt agus a bhainistiú.

Is Comhalta de Chomhlachas na gCuntasóirí Deimhnithe Cairte í Mary agus tá Dioplómaí Iarchéime aici i gCuntasaíocht Fhóiréinseach (Cuntasóirí Cairte Éireann) agus i gCoireacht Chorparáideach, Bóna Bháin agus Rialála (Óstaí an Rí).

Fallon Judge

An Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Sibhialta

Fallon Judge

An Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Sibhialta

Is í Fallon Judge an Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Sibhialta. Roimhe sin, bhí Fallon ina Cuntasóir Fóiréinseach Sinsearach san Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach agus, le linn di a bheith ag obair sa ról sin, ghnóthaigh sí taithí fhairsing ar an imscrúdú sibhialta agus ar an imscrúdú coiriúil araon. Roimhe sin, d’oibrigh Fallon i ngnólacht cuntasaíochta idirnáisiúnta, áit a ndearna sí speisialtóireacht i réimsí na dócmhainneachta agus an ghnóthaithe chorparáidigh.  

De bhreis ar Fallon a bheith ina Comhalta de Chomhlachas na gCuntasóirí Deimhnithe Cairte, is comhalta d’Institiúid Cánach na hÉireann í freisin. Tá Dioplómaí Iarchéime ag Fallon freisin i gCoireacht Chorparáideach, Bóna Bháin agus Rialála (Óstaí an Rí), i gCuntasaíocht Fhóiréinseach (Cuntasóirí Cairte Éireann) agus i nDócmhainneacht (Cuntasóirí Cairte Éireann). Chomh maith leis sin, tá céim B.Sc. in Ailtireacht (Ollscoil na Banríona, Béal Feirste) aici. 

LinkedIn Icon

Bunaíodh an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach i mí Iúil 2022 faoi Acht na gCuideachtaí (An tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach), 2021, agus díorthaítear a shainordú reachtúil go príomha ó Acht na gCuideachtaí, 2014. Tugtar don Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach freisin feidhmeanna reachtúla i ndáil le gléasanna infheistíochta áirithe faoin Acht fá Ghléasanna Éireannacha um Chomhbhainistiú Sócmhainní, 2015. De bhreis air sin, is é an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach an t-údarás inniúil chun smachtbhannaí a fhorchur ar stiúrthóirí cuideachta faoi Acht na gCuideachtaí (Iniúchtaí Reachtúla), 2018.

Áirítear iad seo a leanas leis na feidhmeanna atá ag an Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach faoi Acht na gCuideachtaí, 2014:

  • comhlíonadh dhlí na gcuideachtaí a chur chun cinn;
  • imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe amhrasta ar dhlí na gcuideachtaí;
  • gníomhaíocht chuí forfheidhmiúcháin a dhéanamh mar fhreagairt do sháruithe sainaitheanta ar dhlí na gcuideachtaí;
  • maoirseacht a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí de chuid leachtaitheoirí cuideachtaí dócmhainneacha; agus
  • córas um ghealltanais maidir le srian agus maidir le dícháiliú a oibriú i leith stiúrthóirí cuideachtaí dócmhainneacha.

Rialachas
De réir Acht na gCuideachtaí, 2014 (arna leasú le hAcht na gCuideachtaí (An tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach), 2021), bíonn an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach faoi rialú ag comhaltaí an Údaráis (nach mó a líon ná triúr). I gcás gur ceapadh beirt chomhaltaí nó níos mó chuig an Údarás, ceapfaidh an tAire comhalta amháin díobh chun gníomhú mar Chathaoirleach. I gcás nár ceapadh ach comhalta amháin (mar atá amhlaidh faoi láthair), is tagairtí don chomhalta ceaptha aonair iad tagairtí san Acht don Chathaoirleach. Chun críocha riaracháin agus bainistíochta, is é Comhalta ceaptha aonair an Údaráis an Príomhoifigeach Feidhmiúcháin freisin.

An Cód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú (“an Cód”)
Mar Ghníomhaireacht Stáit, tá an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach faoi réir an Chóid.

Neamhspleáchas reachtúil
De réir fhorálacha alt 944D(4) d’Acht na gCuideachtaí, 2014, tá neamhspleáchas ag an Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach i gcomhlíonadh a fheidhmeanna.

Sásraí cuntasachta reachtúla
De réir a oibleagáidí reachtúla cuntasachta, ceanglaítear ar an Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach:

  • Ráiteas Straitéise a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta gach trí bliana. Ceanglaítear ar an Aire, faoi seach, gach Ráiteas Straitéise a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais;
  • ráitis airgeadais bhliantúla a ullmhú agus an céanna a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste lena n-iniúchadh. Ceanglaítear ar an Aire, tar éis chur i gcrích an iniúchta, na ráitis airgeadais iniúchta, i dteannta na tuairime iniúchta ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu, a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais;
  • Tuarascáil Bhliantúil a ullmhú i ndáil le gach bliain airgeadais agus an céanna a chur faoi bhráid an Aire. Ceanglaítear ar an Aire, faoi seach, gach Tuarascáil Bhliantúil a leagan faoi bhráid an Oireachtais;
  • gach Tuarascáil Bhliantúil a fhoilsiú ar a shuíomh Gréasáin a luaithe a bheidh sí leagtha faoi bhráid an Oireachtais ag an Aire.

De bhreis ar an méid sin roimhe seo:

  • ceanglaítear ar an Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach, arna iarraidh sin don Aire, cead a thabhairt d’aon duine atá ceaptha ag an Aire leabhair agus taifid an Údaráis a scrúdú;
  • i gcás go n-éilíonn Coiste na Dála um Chuntais Phoiblí air/uirthi déanamh amhlaidh, tabharfaidh an Cathaoirleach fianaise don Choiste ar nithe a thagann faoi théarmaí tagartha an Choiste;
  • ceanglaítear ar an gCathaoirleach, arna iarraidh sin, dul os comhair Coistí eile de chuid Thithe an Oireachtais maidir le nithe a bhaineann le riarachán ginearálta an Údaráis um Fhorfheidhmiú Corparáideach.

Mar chomhlacht poiblí atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí forfheidhmithe dlí, tá an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach cuntasach do na Cúirteanna freisin.