Spreagaimid daoine den phobal chun gearáin agus léirithe imní a chur isteach chugainn i gcás gur féidir go mbeidh léirithe ann ar sháruithe ar dhlí na gcuideachtaí.
Chun a chinntiú go soláthróidh dúinn an fhaisnéis a theastaíonn uainn chun do ghearán nó do léiriú imní a athbhreithniú, iarraimid ort ár bhFoirm Gearáin a léamh go cúramach agus í a chomhlánú ansin. A luaithe a bheidh sí comhlánaithe agat, ba cheart duit d’Fhoirm Gearáin a sheoladh chuig complaints@cea.gov.ie.
Cad is "Nochtadh Cosanta" ann?
Is é atá i gceist le nochtadh cosanta ná gearán (i.e., nochtadh) a bheith á dhéanamh ag oibrí a bhaineann le nithe áirithe i dtaca lena fhostaíocht nó lena fostaíocht nó le gníomhaíochtaí a bhaineann leis an obair. Is minic a thugtar “sceithireacht” air. Féadfar an nochtadh a dhéanamh leis an bhfostóir nó le duine nó comhlacht a fhorordaítear le dlí chun nochtaí cosanta a fháil.
Rialaítear nochtaí cosanta leis an Acht um Nochtadh Cosanta, 2014 (“an tAcht”), rud a leasaíodh leis an Acht um Nochtadh Cosanta (Leasú), 2022.
- Chun cáiliú mar nochtadh cosanta, ní mór, maidir leis an ngearán:
é a bheith déanta ag “oibrí” (mar atá mínithe san Acht); agus
- “faisnéis iomchuí” a bheith ann (mar atá leagtha amach san Acht).
"Faisnéis iomchuí"
Is faisnéis iomchuí faisnéis, más rud é:
- i dtuairim réasúnach an oibrí, go bhféadfar “éagóiritheoireacht iomchuí” amháin nó níos mó a léiriú inti; agus
- gur tháinig sí ar aird an oibrí i dtaca le fostaíocht an oibrí.
"Éagóiritheoireacht iomchuí"
Leagtar amach san Acht cad is éagóiritheoireacht iomchuí ann, agus áirítear léi na nithe seo a leanas:
- go ndearnadh cion, go bhfuil cion á dhéanamh nó gur dócha go ndéanfar cion;
- gur mhainnigh duine nó go bhfuil, nó gur dócha go mbeidh, sé nó sí ag mainneachtain, déanamh de réir aon oibleagáid dhlíthiúil, seachas oibleagáid dhlíthiúil a eascraíonn faoi chonradh fostaíochta an oibrí;
- gur tharla iomrall ceartais nó go bhfuil, nó gur dócha go mbeidh, iomrall ceartais ag tarlú;
- gur baineadh úsáid neamhdhleathach nó úsáid mhíchuí eile as cistí nó acmhainní comhlachta phoiblí, nó as airgead poiblí eile nó go bhfuil, nó gur dócha go mbeidh, úsáid neamhdhleathach nó úsáid mhíchuí eile á baint as an gcéanna.
An tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach mar Dhuine Forordaithe
Forordaítear an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach le dlí chun nochtaí cosanta a fháil ó oibrithe i dtaca le gach ní a bhaineann le feidhmeanna an Údaráis (mar atá leagtha amach faoi alt 944D d’Acht na gCuideachtaí, 2014). Chun nochtadh cosanta a dhéanamh leis an Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach:
- ní mór “d’oibrí” an nochtadh nó an gearán a dhéanamh; agus
- ní mór don “oibrí” a chreidiúint le réasún (i) go dtagann an éagóiritheoireacht iomchuí faoi fheidhmeanna an Údaráis um Fhorfheidhmiú Corparáideach, mar atá leagtha amach in alt 944D d’Acht na gCuideachtaí, 2014, agus (ii) go bhfuil an fhaisnéis a nochtar, agus aon líomhain atá san fhaisnéis sin, fíor go substaintiúil.
Conas Nochtadh Cosanta a dhéanamh leis an Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach
- Féadfar nochtadh cosanta a dhéanamh leis an Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach ar na bealaí seo a leanas:
- tríd an ríomhphost chuig: protected.disclosures@cea.gov.ie
- tríd an bpost, agus "Nochtadh Cosanta" á shonrú, chuig: An tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach, 16 Cearnóg Parnell Thoir, Baile Átha Cliath 1, D01 W5C2;
- thar an teileafón trí ghlao a chur ar an líne theileafóin atá tiomnaithe do nochtaí cosanta: +353 1 8585821.
- i bpearsa, ag oifigí an Údaráis um Fhorfheidhmiú Corparáideach, ag am agus ar dháta a chomhaontófar leat.
Is féidir tuilleadh faisnéise faoi nochtadh cosanta a dhéanamh leis an Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach a fháil inár mBeartas maidir le Nochtadh Cosanta.
Rúndacht
Caitear le gach gearán, léiriú imní agus nochtadh cosanta de réir na n-oibleagáidí rúndachta reachtúla atá orainn.
Cosaintí
Leis an reachtaíocht um nochtadh cosanta, tugtar cosaint d’oibrithe ar fhrithbheart. Mar sin féin, ní nochtadh cosanta é gach gearán nó léiriú imní, agus moltar do dhaoine atá ag smaoineamh faoi nochtadh cosanta a dhéanamh comhairle neamhspleách a lorg sula ndéanfaidh siad aon nochtadh.
Oifig an Choimisinéara um Nochtadh Cosanta
Tá raon cumhachtaí ag an gCoimisinéir um Nochtadh Cosanta faoin Acht, lena n-áirítear an chumhacht chun nochtaí cosanta a fháil agus chun aon nochtadh a dhéantar a atreorú chuig duine forordaithe cuí, lena n-áirítear an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach.
Tuairisciú bliantúil
Tá oibleagáid ar an Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú faoin 31 Márta gach bliain, rud ina leagtar amach faisnéis áirithe faoi na gníomhaíochtaí nochtadh cosanta a bhí ann sa bhliain roimhe. Ní shainaithnítear na daoine a rinne na nochtaí. Cuireann an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach an oibleagáid tuairiscithe sin san áireamh ina Thuarascáil Bhliantúil gach bliain.
Tuarascálacha bliantúla
Tuarascáil an Údaráis um Fhorfheidhmiú Corparáideach maidir le Nochtadh Cosanta don Bhliain 2022
Tuarascáil an Údaráis um Fhorfheidhmiú Corparáideach maidir le Nochtadh Cosanta don Bhliain 2023
Tuarascáil an Údaráis um Fhorfheidhmiú Corparáideach maidir le Nochtadh Cosanta don Bhliain 2024
Tuarascáil an Údaráis um Fhorfheidhmiú Corparáideach maidir le Nochtadh Cosanta don Bhliain 2025