Lógó CEA

Ár bhfeidhmeanna reachtúla

Bunaíodh an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach i mí Iúil 2022 le hAcht na gCuideachtaí (An tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach), 2021, agus díorthaítear a shainordú reachtúil go príomha ó Acht na gCuideachtaí, 2014. Tugtar don Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach freisin feidhmeanna reachtúla i ndáil le gléasanna infheistíochta áirithe faoin Acht fá Ghléasanna Éireannacha um Chomhbhainistiú Sócmhainní, 2015. De bhreis air sin, is é an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach an t-údarás inniúil chun smachtbhannaí a fhorchur ar stiúrthóirí cuideachta faoi Acht na gCuideachtaí (Iniúchtaí Reachtúla), 2018.

Áirítear iad seo a leanas leis na feidhmeanna atá ag an Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach faoi Acht na gCuideachtaí, 2014:

  • comhlíonadh dhlí na gcuideachtaí a chur chun cinn. Déanaimid é sin ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear trí fhaisnéis agus ábhar treorach a fhoilsiú;
  • measúnú a dhéanamh ar iompraíocht agus iompar na stiúrthóirí ar chuideachtaí dócmhainneacha (i.e., cuideachtaí nach bhfuil in ann a bhfiacha a íoc) faoi leachtú agus breithniú a dhéanamh ar cé acu is cóir nó nach cóir stiúrthóir a shrianadh nó a dhícháiliú de bharr breithniúcháin cosanta poiblí (tá stiúrthóir srianta faoi réir srianta áirithe más mian leis/léi gníomhú mar stiúrthóir agus tá toirmeasc ar stiúrthóir dícháilithe gníomhú mar stiúrthóir ar feadh fhad na tréimhse dícháiliúcháin);
  • imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe amhrasta ar dhlí na gcuideachtaí. Dá mba mhaith leat gearán a dhéanamh, ábhar imní a chur in iúl, nó nochtadh cosanta a dhéanamh maidir le sárú dealraitheach ar dhlí na gcuideachtaí, is féidir leat tuilleadh faisnéise faoi conas déanamh amhlaidh a rochtain ar an leathanach dar teideal ‘Gearáin, Ábhair Imní agus Nochtaí Cosanta’;
  • gníomhaíocht chuí forfheidhmiúcháin a dhéanamh mar fhreagairt do sháruithe sainaitheanta ar dhlí na gcuideachtaí. Is féidir go n-áireofar le gníomhaíocht forfheidhmiúcháin:
    • rabhaidh a eisiúint agus fianaise ar neamhchomhlíonadh a bheith ceartaithe go deonach a cheangal;
    • ceangal a chur ar phearsana áirithe bearta a dhéanamh chun comhlíonadh a chinntiú. Mar shampla, ceangal a chur ar na stiúrthóirí ar chuideachta Cruinniú Ginearálta Bliantúil den chuideachta a chomóradh;
    • iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar orduithe lena gceanglaítear bearta a dhéanamh chun comhlíonadh a chinntiú – mar shampla, i gcás gur theip ar dhuine ordachán arna eisiúint ag an Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach a chomhlíonadh;
    • in imthosca áirithe, iarratas a dhéanamh chun na Cúirte ar dhuine a dhícháiliú ó bheith ina stiúrthóir cuideachta;
    • ionchúiseamh coiriúil (mar a mhionsonraítear tuilleadh thíos faoi ‘cumhachtaí’);
    • i gcás go sainaithnítear ní is ábhar imní a thagann faoi shainchúram rialálaí reachtúil eile nó comhlacht forfheidhmiúcháin eile, tá sé de chumhacht againn faisnéis ábhartha a chomhroinnt leis an gcomhlacht eile sin.

Ár gcumhachtaí reachtúla

Chun cur ar ár gcumas ár bhfeidhmeanna a chomhlíonadh, tugadh dúinn cumhachtaí áirithe imscrúdúcháin shibhialta agus choiriúil agus cumhachtaí áirithe forfheidhmiúcháin shibhialta agus choiriúil. Áirítear iad seo a leanas leo sin:

Cumhachtaí imscrúdúcháin

  • an chumhacht chun ceanglas a chur ar chuideachtaí agus ar thríú páirtithe iomchuí doiciméid (lena n-áirítear doiciméid leictreonacha) a thabhairt ar aird;
  • cumhachtaí cuardaigh agus urghabhála;
  • an chumhacht gabhála (i.e., ag oifigigh den Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach ar comhaltaí den Gharda Síochána iad freisin); agus
  • an ceart chun iarraidh ar na Cúirteanna bearta imscrúdúcháin breise áirithe a cheadú/a thionscnamh, amhail, mar shampla, orduithe chun taifid bhaincéireachta a thabhairt ar aird a dheonú agus Cigirí arna gceapadh ag an gCúirt a cheapadh.

Cumhachtaí forfheidhmiúcháin

  • an chumhacht chun gealltanais maidir le srian agus dícháiliú a thairiscint, ar gealltanais iad atá ina gceangal dlí má ghlactar leo;
  • an chumhacht chun iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt go ndéanfaí stiúrthóirí cuideachta a dhícháiliú in imthosca áirithe;
  • an chumhacht chun iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt go ndéanfaí cuideachta a fhoirceannadh (a leachtú) in imthosca áirithe;
  • an chumhacht chun ionchúisimh achoimre a thionscnamh sa Chúirt Dúiche;
  • an ceart chun nithe tromchúiseacha a tharchur chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí lena mbreithniú aige maidir le cé acu ba cheart nó nár cheart cúisimh choiriúla a ordú ar díotáil (i.e., os comhair na Cúirte Cuarda).

Agus ár sainordú forfheidhmiúcháin á chur i gcrích againn, déanaimid meastóireacht ar an bpróiseas dócmhainneachta corparáidí agus seolaimid imscrúduithe airgeadais agus imscrúduithe gaolmhara ar fud speictream iomlán na gcuideachtaí, idir fhiontair bheaga agus mheánmhéide, eagraíochtaí neamhbhrabúis agus chuideachtaí a bhfuil a n-urrúis liostaithe go poiblí.

Ár bhfoinsí faisnéise

Faighimid faisnéis ó fhoinsí éagsúla. Ceanglaítear ar ghairmithe áirithe, e.g., iniúchóirí, scrúdaitheoirí agus glacadóirí, le dlí tuarascálacha a thabhairt dúinn faoi imthosca áirithe. Tá oibleagáidí cosúla ar chomhlachtaí gairmiúla áirithe. De bhreis air sin, tá oibleagáidí áirithe ar gach leachtaitheoir a cheaptar chuig cuideachta dhócmhainneach tuairisciú dúinn.

Spreagaimid daoine den phobal go gníomhach chun gearáin agus ábhair imní a chur isteach chugainn i gcás go bhfuil léirithe ann ar neamhchomhlíonadh dhlí na gcuideachtaí. In imthosca áirithe, is féidir go mbeidh duine incháilithe le haghaidh nochtadh cosanta a dhéanamh dúinn freisin. I gcás go bhfuiltear in aon amhras faoi, ba cheart comhairle dlí a lorg. Tá tuilleadh faisnéise faoi conas gearán a dhéanamh, ábhar imní a chur isteach, nó nochtadh cosanta a dhéanamh ar fáil ar an leathanach dar teideal ‘Gearáin, Ábhair Imní agus Nochtaí Cosanta’.

Féadfaidh comhlachtaí rialála agus forfheidhmiúcháin áirithe eile nithe a thugann le fios go ndearnadh sárú ar dhlí na gcuideachtaí a tharchur chugainn (agus, in imthosca áirithe, ní mór dóibh déanamh amhlaidh).

Rúndacht

Is de réir ár n-oibleagáidí reachtúla rúndachta a láimhseáiltear an fhaisnéis ar fad a fhaighimid.