Lógó CEA

Faisnéis agus Treoir

Sealbhaíonn stiúrthóirí agus rúnaithe cuideachta poist thábhachtacha rialachais agus tá raon dualgas comhfhreagrach agus freagrachtaí comhfhreagracha orthu faoi dhlí na gcuideachtaí. Chun cabhrú le stiúrthóirí agus rúnaithe a bhfreagrachtaí a chomhlíonadh, d’fhoilsigh an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach raon faisnéise agus treoirdhoiciméad a bhfuil mar aidhm leo na nithe seo a leanas a achoimriú:

  • dualgais agus freagrachtaí cuideachtaí;
  • dualgais agus freagrachtaí stiúrthóirí;
  • dualgais agus freagrachtaí rúnaithe;
  • cearta comhaltaí agus scairshealbhóirí;
  • cearta creidiúnaithe; agus
  • róil agus freagrachtaí iniúchóirí, leachtaitheoirí, glacadóirí agus scrúdaitheoirí faoi seach.

D’fhoilsíomar Treoir Aonair freisin, rud ina dtugtar achoimre úsáideach ar na nithe thuas in aon doiciméad amháin.

Gníomhaíochtaí For-rochtana

Mar aon le faisnéis agus treoir a fhoilsiú agus faisnéis iomchuí eile a chur ar fáil ar an suíomh Gréasáin seo, gabhaimid do ghníomhaíochtaí for-rochtana éagsúla, lena n-áirítear cainteoirí a chur ar fáil agus freastal ar imeachtaí agus taispeántais ar dóigh go mbeidh spéis ag stiúrthóirí agus rúnaithe cuideachta iontu. I gcás ceisteanna ina leith sin, déan teagmháil linn trí ríomhphost a sheoladh chuig info@cea.gov.ie.

Na Meáin Shóisialta

Chun nuacht agus an t-eolas is deireanaí a fháil go tráthrialta, lean an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach ar a chainéil meán sóisialta.