Faisnéis agus Treoir
Sealbhaíonn stiúrthóirí agus rúnaithe cuideachta poist thábhachtacha rialachais agus tá raon dualgas comhfhreagrach agus freagrachtaí comhfhreagracha orthu faoi dhlí na gcuideachtaí. Chun cabhrú le stiúrthóirí agus rúnaithe a bhfreagrachtaí a chomhlíonadh, d’fhoilsigh an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach raon faisnéise agus treoirdhoiciméad a bhfuil mar aidhm leo na nithe seo a leanas a achoimriú:
- dualgais agus freagrachtaí cuideachtaí;
- dualgais agus freagrachtaí stiúrthóirí;
- dualgais agus freagrachtaí rúnaithe;
- cearta comhaltaí agus scairshealbhóirí;
- cearta creidiúnaithe; agus
- róil agus freagrachtaí iniúchóirí, leachtaitheoirí, glacadóirí agus scrúdaitheoirí faoi seach.
D’fhoilsíomar Treoir Aonair freisin, rud ina dtugtar achoimre úsáideach ar na nithe thuas in aon doiciméad amháin.
Gníomhaíochtaí For-rochtana
Mar aon le faisnéis agus treoir a fhoilsiú agus faisnéis iomchuí eile a chur ar fáil ar an suíomh Gréasáin seo, gabhaimid do ghníomhaíochtaí for-rochtana éagsúla, lena n-áirítear cainteoirí a chur ar fáil agus freastal ar imeachtaí agus taispeántais ar dóigh go mbeidh spéis ag stiúrthóirí agus rúnaithe cuideachta iontu. I gcás ceisteanna ina leith sin, déan teagmháil linn trí ríomhphost a sheoladh chuig info@cea.gov.ie.
Na Meáin Shóisialta
Chun nuacht agus an t-eolas is deireanaí a fháil go tráthrialta, lean an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach ar a chainéil meán sóisialta.