Lógó CEA

Fáilte chuig an Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach.

Seasann bunú an Údaráis um Fhorfheidhmiú Corparáideach don chéad chéim eile in éabhlóid fhorfheidhmiú dhlí na gcuideachtaí sa dlínse seo.

Tá athrú as cuimse tagtha ar chomhlíonadh dhlí na gcuideachtaí, agus ar an dóigh a bhforfheidhmítear é, ó dheireadh na 1990í, tráth a cuireadh an tuairim seo a leanas in iúl i dTuarascáil McDowell: “Iad sin a bhfuil cathú orthu sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar dhlí na gcuideachtaí, is beag údar imní atá acu go mbraithfear nó go n-ionchúiseofar iad. A mhéid a bhaineann le forfheidhmiú, ní chloistear coiscéimeanna an fhorfheidhmitheora ar an stádar in am ar bith”. Anois, déantar stiúrthóirí cuideachtaí dócmhainneacha a shrianadh agus a dhícháiliú go rialta mar thoradh ar a n-iompraíocht, déantar bearta forfheidhmiúcháin shibhialta agus ionchúisimh choiriúla go tráthrialta, agus, mar thoradh ar na rioscaí airgeadais agus clú a bhaineann lena bheith ina n-ábhar do ghníomhaíocht forfheidhmiúcháin, bíonn comhlíonadh oibleagáidí dlíthiúla ina mír thosaíochta ar chláir oibre gach Boird fhreagraigh.

Ar an suíomh Gréasáin seo, gheobhaidh tú mionsonraí faoi cé sinn, faoin obair a dhéanaimid agus faoi conas is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn. Ar ár leathanach Faisnéis agus Treoir, gheobhaidh tú sraith iomlán ábhar faisnéise agus treorach atá deartha chun cabhrú le stiúrthóirí cuideachta, le rúnaithe, le scairshealbhóirí agus le páirtithe iomchuí eile a n-oibleagáidí a chomhlíonadh agus a gcearta a thuiscint agus a dhearbhú faoi seach. Comhlánaíonn saoráid fhairsing inchuardaithe ceisteanna coitianta an treoir sin.

Bíonn gearáin, léirithe imní agus nochtaí cosanta ina bhfoinse thábhachtach faisnéise dúinn agus, ar ár leathanach Gearáin, gheobhaidh tú mionsonraí faoi conas is féidir leat d’ábhair imní a chur in iúl dúinn. Beidh ár saoráid ceisteanna coitianta úsáideach duit ina leith sin freisin.

Beimid ag cur tuilleadh faisnéise agus acmhainní leis an suíomh Gréasáin seo thar na míonna atá romhainn. Chun an t-eolas is deireanaí agus nuacht a fháil ina leith sin, agus chun faisnéis a fháil faoi dheiseanna gairme atá le teacht san Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach, lean sinn ar na meáin shóisialta (LinkedIn agus Twitter). Cuirimid fáilte roimh aiseolas ar conas a d’fhéadfaí an suíomh Gréasáin seo a fheabhsú tuilleadh agus ar conas a d’fhéadfaí feabhas eile a chur ar an bhfaisnéis a sholáthraímid don phobal.

 

IAN DRENNAN
PRÍOMHOIFIGEACH FEIDHMIÚCHÁIN
AGUS COMHALTA CEAPTHA AONAIR AN ÚDARÁIS