Is é príomhchuspóir dhlí na gcuideachtaí leanúnachas a éascú agus gníomhaíocht fiontraíochta a spreagadh. Déantar amhlaidh leis trí fhoráil a dhéanamh do phearsantacht dhlítheanach agus dliteanas teoranta ar leith, rud lena sriantar neamhchosaint phearsanta ar riosca airgeadais. I gcomaoin na bpribhléidí sin, leagtar síos le dlí na gcuideachtaí creat ar laistigh de:
- atáthar ag súil leis go n-oibreoidh stiúrthóirí cuideachta;
- nach mór ceanglais áirithe trédhearcachta a chomhlíonadh;
- a thugtar cosaintí áirithe do scairshealbhóirí, do chreidiúnaithe agus don mhórphobal; agus
- a fhoráiltear do smachtbhannaí, idir smachtbhannaí sibhialta agus smachtbhannaí coiriúla, i leith cineálacha áirithe neamhchomhlíonta.
Is é an sainordú atá againn, mar a thug an tOireachtas dúinn é, daoine a spreagadh cloí le dlí na gcuideachtaí agus gníomhaíocht chuí forfheidhmiúcháin a dhéanamh mar fhreagairt do neamhchomhlíonadh. Is é seo an fhís atá againn, bunaithe ar an sainordú reachtúil atá againn:
Gníomhaireacht forfheidhmiúcháin a bhfuil iontaoibh ag an bpobal aisti agus a bhfuil an-mheas ag ár ngeallsealbhóirí agus ár gcontrapháirtithe uirthi, ar gníomhaireacht í a rannchuidíonn le cosaint phoiblí agus leis an gclú atá ar Éirinn mar gheilleagar sábháilte dea-rialáilte chun infheistiú ann agus chun fostaíocht a chruthú ann.
Is féidir mionsonraí faoin straitéis trína mbeartaímid ár bhfís a bhaint amach a fháil sa Ráiteas Straitéise uainn don tréimhse 2022-2025. Tugadh aird ar roinnt príomhthosca agus an straitéis uainn á hullmhú, lenar áiríodh iad seo a leanas:
- ní hé cuspóir dhlí na gcuideachtaí teip a chosc ná a phionósú ná cosaint a thabhairt uirthi;
- i gcomaoin phribhléid an dliteanais theoranta, áfach, éilítear leis an dlí orthu sin a bhaineann leas aisti gníomhú de mheon macánta agus cloí le ceanglais íosta áirithe ó thaobh rialachais, trédhearcachta agus ionracais tráchtála de;
- déanann formhór na stiúrthóirí cuideachta dianiarracht cloí lena n-oibleagáidí;
- is iad daoine aonair a dhéanann cuideachtaí a rialú agus a bhainistiú agus, dá bhrí sin, i gcás neamhchomhlíonta, tá tábhacht ag baint le cuntasacht aonair;
- imscartar ár n-acmhainní finideacha ar an mbealach is éifeachtaí ar mhaithe le haghaidh a thabhairt ar tháscairí ar an éagóiritheoireacht ag an gceann is tromchúisí den speictream.
Spreagaimid daoine cloí leis an dlí trí raon straitéisí, lena n-áirítear faisnéis agus treoir neamhspleách a sholáthar, agus trí ghníomhaíochtaí éagsúla for-rochtana agus caidrimh le geallsealbhóirí. Tá ár sainchúram forfheidhmiúcháin de chineál sibhialta agus de chineál coiriúil araon agus, chun sinn a chumasú an ról sin a chur i gcrích, tá sraith fhairsing cumhachtaí imscrúdúcháin ar fáil dúinn, lena n-áirítear iad seo a leanas:
- an chumhacht chun ceanglas a chur ar chuideachtaí agus ar thríú páirtithe iomchuí doiciméid (lena n-áirítear doiciméid leictreonacha) a thabhairt ar aird;
- cumhachtaí cuardaigh agus urghabhála;
- an chumhacht gabhála (i.e., ag oifigigh den Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach ar comhaltaí ar iasacht ón nGarda Síochána iad); agus
- an ceart chun iarraidh ar na Cúirteanna bearta imscrúdúcháin breise áirithe a cheadú/a thionscnamh.
Agus ár sainordú forfheidhmiúcháin á chur i gcrích againn, déanaimid meastóireacht ar an bpróiseas dócmhainneachta corparáidí agus seolaimid imscrúduithe airgeadais agus imscrúduithe gaolmhara ar fud speictream iomlán na gcuideachtaí, idir fhiontair bheaga agus mheánmhéide, eagraíochtaí neamhbhrabúis agus chuideachtaí a bhfuil a n-urrúis liostaithe go poiblí.
I gcás go sainaithnítear inár ngníomhaíochtaí imscrúdúcháin neamhchomhlíonadh dhlí na gcuideachtaí, áirítear leis na roghanna forfheidhmiúcháin atá ar fáil dúinn leigheasanna sibhialta, amhail cuideachtaí agus a n-oifigigh a ordú bearta ceartaitheacha áirithe a dhéanamh, oifigigh chuideachta a shrianadh agus a dhícháiliú, agus roghanna coiriúla, lena n-áirítear ionchúisimh a dhéanamh in ainm an Údaráis um Fhorfheidhmiú Corparáideach nó ní a tharchur chuig an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí chun breithniú a dhéanamh ar cé acu ba cheart nó nár cheart cúisimh a chur ar aghaidh ar díotáil. Ós rud é gurb annamh a tharlaíonn na sáruithe is tromchúisí ar dhlí na gcuideachtaí ina n-aonar, tarlaíonn sé, nuair a chuirimid comhaid faoi bhráid an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, go ndéanaimid moltaí go tráthrialta bunaithe ar an bhfianaise atá ar fáil ar chúisimh choiriúla eile (e.g., gadaíocht, sciúradh airgid, etc.).
De réir a gcineáil, is próisis sáraíochta iad imscrúdú agus forfheidhmiú, áit a bhfuil an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach i dteideal a chumhachtaí a fheidhmiú agus a bhfuil na daoine sin atá faoi imscrúdú agus tríú páirtithe a ndéantar difear dóibh i dteideal a gcearta dlíthiúla a dhearbhú. Mar sin, cé gur fearr linn, ar roinnt cúiseanna éagsúla, lena n-áirítear costas agus éifeachtúlacht, dlíthíocht a sheachaint, ní féidir déanamh amhlaidh i ngach cás – cibé acu de bharr oibleagáidí reachtúla, tosca oibríochtúla, nó diúscairt páirtí iomchuí.
Is eintitis dhlítheanacha iad cuideachtaí, arb iad daoine aonair a dhéanann a ngníomhaíochtaí a stiúradh agus a bhainistiú. Ar an gcúis sin, agus ar mhaithe le cuntasacht an duine aonair, is gnách go ndírítear ár ngníomhartha forfheidhmiúcháin in aghaidh daoine aonair seachas in aghaidh eintitis chorparáideacha.
Féachaimid leis na hacmhainní atá ar fáil dúinn a imscaradh ar an mbealach a thugann an seans is fearr dúinn an tionchar a imrímid agus éifeacht athchomhairleach ár ngníomhartha forfheidhmiúcháin a uasmhéadú. Agus sinn ag cinneadh cén áit a n-imscarfaimid ár n-acmhainní, bíonn aird againn ar thosca éagsúla, lena n-áirítear iad seo a leanas:
- scála agus tromaíocht na saincheisteanna lena mbaineann;
- an mórthionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an mí-iompar dealraitheach/líomhnaithe;
- cé acu atá nó nach bhfuil leigheasanna eile ar fáil do ghearánach, más ann dó/di;
- an dóchúlacht go mbainfear toradh dearfach amach; agus
- tosca leasa phoiblí.
Bunaithe ar an eolas agus an taithí a ghnóthaímid trínár bhfeidhmeanna a chur i gcrích, féachaimid le tionchar a imirt ar fhóraim iomchuí agus le gabháil do cheannaireacht smaointeoireachta ar nithe a bhaineann lenár sainchúram reachtúil.