CEA Logo

 

Is é Peter Burke an tAire Fiontar, Turasóireachta agus Fostaíochta. Roimhe seo, d’fhóin sé mar Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, mar Aire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha agus Cosaint, agus mar Aire Stáit ar a bhfuil freagracht as Rialtas Áitiúil agus Pleanáil.

Sular ceapadh é chun an rialtais, d’fhóin Peter ar na Coistí Oireachtais um Airgeadas agus um Chuntais Phoiblí, agus labhraíonn sé go minic sna meáin ar shaincheisteanna cánach agus airgeadais.

Rugadh é ar an Muileann gCearr, Éire, agus d’fhreastail sé ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, áit a ndearna sé staidéar ar Thráchtáil. Is Cuntasóir Cairte é mar ghairm, agus tá taithí deich mbliana aige san earnáil phríobháideach. D’fhóin Peter mar Chomhairleoir ar Chomhairle Contae na hIarmhí ón mbliain 2007 go dtí gur toghadh chun na Dála é sa bhliain 2016.