CEA Logo

Is Seanadóir Neamhspleách agus Abhcóide Sinsearach cleachtach é Michael McDowell. Thogh céimithe Ollscoil na hÉireann é chuig Seanad Éireann sa bhliain 2016 agus atoghadh é sa bhliain 2020 agus sa bhliain 2025, tráth a bhí sé ar bharr na vótaíochta agus an líon vótaí ab airde riamh i dtoghcheantar Ollscoil na hÉireann faighte aige. Sa bhliain 2024, d’imir an Seanadóir McDowell príomhról náisiúnta san fheachtas freasúra i reifrinn Teaghlaigh agus Chúraim an Rialtais, rud a raibh bua mór don fheachtas ‘Níl-Níl’ mar thoradh air.

Fónann sé ar an gCoiste Oireachtais um Dhlí agus Ceart, agus tá sé ina Leas-Chathaoirleach ar Choimisiún Thithe an Oireachtais agus ina Chathaoirleach ar a Choiste Airgeadais. Is comhalta é den Choiste Speisialta um Chur Chun Feidhme Threoracha an Aontais Eorpaigh, den Choiste um Leasanna Comhaltaí, agus den Choiste um Nós Imeachta, Pribhléidí agus Formhaoirsiú. Tá sé ina chomhalta de Ghrúpa Neamhspleách an tSeanaid, arb é an grúpa freasúra is mó i Seanad Éireann é. Tá an grúpa sin comhdhéanta de sheanadóirí a chomhoibríonn agus iad fós go hiomlán neamhspleách agus saor ó chóras an cheangail aoireachta.

Bhí sé mar Ard-Aighne na hÉireann ón mbliain 1999 go dtí an bhliain 2002, agus d’fhóin sé mar Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí ón mbliain 2002 go dtí an bhliain 2007 agus mar Thánaiste ón mbliain 2006 go dtí an bhliain 2007.