CEA Logo

European Commissioner Michael McGrath

Ghlac Michael McGrath ról an Choimisinéara Eorpaigh um Dhaonlathas, Ceartas, an Smacht Reachta agus Cosaint Tomhaltóirí an 1 Nollaig 2024. Tá freagracht shonrach ar an gCoimisinéir McGrath as seasamh leis an smacht reachta, as an daonlathas agus cearta bunúsacha a chosaint, as dul i ngleic leis an mbréagaisnéis, as feabhas a chur ar an gcomhar ceartais choiriúil, as cearta íospartaigh na coireachta a neartú, agus as feabhas a chur ar iomaíochas an Aontais Eorpaigh trí athchóiriú a dhéanamh ar an dlí cuideachtaí agus ar an dlí sibhialta. 

Roimhe sin, d’fhóin an Coimisinéir McGrath mar Aire Airgeadais na hÉireann ón mbliain 2022 go dtí an bhliain 2024, mar Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ón mbliain 2020 go dtí an bhliain 2022, agus mar chomhalta tofa de Dháil Éireann idir an bhliain 2007 agus an bhliain 2024. Mar Aire Airgeadais, bhí sé mar ionadaí d’Éirinn ag cruinnithe an Ghrúpa Euro agus Ecofin d’Airí Airgeadais na hEorpa, agus bhí sé ina Ghobharnóir ar roinnt comhlachtaí idirnáisiúnta a bhfuil Éire ina comhalta díobh, lena n-áirítear an Banc Eorpach Infheistíochta, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI), an Banc Domhanda, agus an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha.

Tá Céim Baitsiléara Tráchtála ag an gCoimisinéir McGrath ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, is Cuntasóir Cairte cáilithe é, agus rinne sé staidéar le Scoil Eacnamaíochta agus Eolaíochta Polaitiúla Londan. Bhí róil shinsearacha aige san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí araon sular ghabh sé don pholaitíocht go lánaimseartha.